‘Dochreidte’ go molfadh an Leas-Cheann Comhairle caint i nGaeilge a athrá i mBéarla – Catherine Connolly

Deir Catherine Connolly, an chéad bhean a toghadh i bpost an Leas-Cheann Comhairle, gur léir go bhfuil ‘easpa tuisceana’ faoin teanga ag cur as do John McGuinness

‘Dochreidte’ go molfadh an Leas-Cheann Comhairle caint i nGaeilge a athrá i mBéarla – Catherine Connolly

Deir iarLeas-Cheann Comhairle go bhfuil sé “dochreidte” go molfadh a comharba do Theachtaí Dála píosaí cainte a dhéanann siad i nGaeilge a athrá i mBéarla chun go dtuigfí iad.

Dúirt an Teachta Catherine Connolly gur léirigh an méid a bhí le rá ag John McGuinness “meon an chórais” i leith na Gaeilge.

McGuinness, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, agus Aengus Ó Snodaigh Shinn Féin a sheas do thoghchán an Leas-Cheann Comhairle Dé Céadaoin seo caite agus le McGuinness a d’éirigh an post ar deireadh.

Agus é ag labhairt sa Dáil sular caitheadh na vótaí, dúirt McGuinness nach raibh sé líofa sa nGaeilge ach go raibh “grá mór” aige don teanga. Dúirt sé áfach nach ndéanfadh sé aon dochar dá ndéarfadh Teachtaí Dála an méid a bhí ráite acu i nGaeilge le linn díospóireachta teasaí i mBéarla arís ina dhiaidh sin.

“I would say to all of the Members here that there is no embarrassment about not being able to speak the Irish language fluently and we should try it every time we get the opportunity,” a dúirt McGuinness.

“To be respectful to everyone, however, if you do say something in Irish in the middle of a heated debate, it might be no harm if you repeated it in English thereafter. It might avoid a lot of work on committees and debate in this House.”

Bhí McGuinness ag tagairt don raic a tarraingíodh i dTeach Laighean le gairid nuair a dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go raibh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald “ag insint bréaga”. Mhaígh Sinn Féin gur bhain an Taoiseach leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle Verona Murphy chun McDonald a mhaslú.

Deir Catherine Connolly, an chéad bhean a toghadh i bpost an Leas-Cheann Comhairle gur léir go bhfuil “easpa tuisceana” faoin teanga ag cur as do McGuinness.

“Tá sé dochreidte i ndáiríre,” a dúirt Connolly le Tuairisc, “ach d’fhéadfadh sé a bheith cabhrach chomh maith. Léiríonn an méid a dúirt sé go neamhbhalbh meon an chórais i leith na Gaeilge. Nocht sé an rud atá a fhios againn le fada, go mbreathnaítear ar an nGaeilge mar fhadhb seachas mar phríomhtheanga na tíre, mar atá luaite sa mbunreacht.”

Dúirt Connolly go raibh sé áiféiseach go gcuirfí dualgas ar Theachtaí Dála a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt athrá a dhéanamh ansin i mBéarla, go háirithe nuair a bhíonn srian ar Theachtaí ó thaobh ama de.

Dúirt Connolly go raibh súil aici go raibh beagán dul chun cinn déanta i leith an dearcaidh atá ann faoin nGaeilge i dTeach Laighean le blianta beaga anuas ach go bhfuil an baol ann go bhfuil “céim siar” tógtha.

Mheas Connolly go bhféadfadh Verona Murphy agus John McGuinness a bheith ina “n-eiseamláirí” do Theachtaí Dála eile dá ndéanfadh siad cinneadh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chur chun cinn.

“Rud amháin é gan Gaeilge a bheith ag an gCeann Comhairle agus ag an Leas-Cheann Comhairle ach caithfidh siad a chur in iúl go bhfuil sé i gceist acu í a fhoghlaim agus dul ar thuras teanga.”

Bhí Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha a chuir tuarascáil le chéile cúpla bliain ó shin maidir leis na bealaí a bhféadfaí úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc polaiteoirí agus foireann Theach Laighean.

Dúirt Connolly go raibh sé mhí caite ag an ngrúpa ag cur na tuarascála sin le chéile agus go raibh moltaí praiticiúla inti chun cur le húsáid na Gaeilge sa Dáil – go gcuirfí ceann de na saincheisteanna tráthúla a chuirtear gach lá trí Ghaeilge mar shampla –  ach nach raibh tada cloiste aici fúithi ó cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Cheann Comhairle i bhfómhar 2023.

Deir Conradh na Gaeilge go mbeidh siad i dteagmháil leis an gCeann Comhairle agus leis an Leas-Cheann Comhairle chun úsáid agus cur chun cinn na Gaeilge sa Dáil a phlé.

Dúirt urlabhraí nár cheart go mbeadh sé riachtanach do Theachtaí Dála ráiteas a athrá i mBéarla tar éis dóibh é a rá trí Ghaeilge agus go raibh córas ateangaireachta ar fáil sa Dáil dóibh siúd nár thuig an Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Dochreidte’ go molfadh an Leas-Cheann Comhairle caint i nGaeilge a athrá i mBéarla – Catherine Connolly'

  • Breandán Ó Riain

    30 bliain ó shin, nuair a bhí mé sa Seanad, mholas go mbeadh seisiun fá leith de cheisteanna etc sa dá thigh an Oireachtais i nGaelinn amháin gach seachtain. Spreagfadh sin úsáid na Gaelinne. Níor eistíodh liom.

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá sé scannalach amach is amach an gceann comhairle agus an leas-cheann chomhairle gan Gaeilge a bheith acu.

  • Beanfeasa

    I seanscéal Gréagach, bhí Sisyphus ina rí ar an gCoirint. Tar éis a bháis, daoradh sa domhan thíos é. Bhí ar carraig a rolladh suas cnoc gan stad. Aon uair a shroich an charraig an barr, rolladh sé síos arís agus ní raibh Sisyphus in ann a thasc a chríochnú.

    Bí id gníomhaí Gaeilge.
    Bí id Sisiphus.