Tá “díomá” ar phríomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an ASTI an meon “nach bhfuil an t-oideachas trí Ghaeilge oiriúnach don lucht oibre ná d’inimircigh”.
Bhí Ní Ghréacháin ag labhairt i bhfianaise an ráitis a rinne ionadaí ón ASTI an tseachtain seo caite faoi na dúshláin a chruthódh an Gaeloideachas do theaghlaigh lucht oibre nó eachtrannacha.
Bhí ionadaí ASTI na foirne, Adrian McMahon, ag trácht ar chás na h-iarbhunscoile ar Shráid Synge i mBaile Átha Cliath atá in ainm is iompú ina gaelcholáiste in 2026. Tá a gcos curtha i bhfeac ag múinteoirí na scoile agus iad ag diúltú do phlean na Roinne Oideachais Gaelcholáiste a dhéanamh den scoil an bhliain seo chugainn.
“Is dóigh nach bhféadfadh ár dteaghlaigh ó chúlra lucht oibre agus inimirceach an dúshlán a bhainfeadh lena bpáistí a chur chuig Gaelcholáiste a shárú. Tá éagsúlacht mhór inár ndaonra scoile. Is Moslamaigh iad cuid mhaith dár ndaltaí nó tagann siad ó chúlraí eile inimirceach, tíortha atá scriosta ag an gcogaíocht ina measc. Tá cuid acu ina gcónaí in ionad soláthair dhírigh. Is iad na daltaí seo croí agus anam Synge Street agus déanaimid ár ndícheall dóibh,” a dúirt McMahon.
Dúirt Ní Ghréacháin go bhfuil “contúirt” ag baint lena leithéid de mheon agus go “gcuireann sé mearbhall agus imní ar dhaoine gan bhunús”.
“Níos measa ná sin, déanann sé deiseanna a cheilt ar pháistí agus daoine óga an Ghaeilge a shealbhú agus buntáiste a fháil aisti, deis ba cheart a bheith ag gach páiste, cuma cén cúlra atá acu,” a dúirt sí.
Thagair sí don chinneadh Bunscoil Shráid Synge a thiontú ina scoil lán-Ghaeilge in 2017 agus dúirt go bhfuil an scoil sin “faoi bhláth” ó shin agus “ag déanamh freastal den chéad scoth ar phobal an cheantair.
“Ba cheart go mbeadh an rogha ag na páistí bunscoile sin, agus go deimhin gach páiste bunscoile a ndeachaigh a dtuismitheoirí i muinín an oideachais lán-Ghaeilge, leanúint leis an tumoideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile.
“Is gá don Roinn Oideachais ceannasaíocht a ghlacadh ar an gceist seo agus plean soiléir cuimsitheach a chur le chéile a chuirfidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil do phobail Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 chomh luath agus is féidir, bíodh sin ar Shráid Synge nó i ngaelcholáiste nua neamhspleách,” a dúirt Ní Ghréacháin.
Dúirt sí go bhfuil sé “thar am” go n-éistfeadh an Roinn Oideachais le “mianta agus riachtanas na dtuismitheoirí” atá ag feachtasaíocht le fada le haghaidh scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge sa cheantar.
“Iarraimid ar an Aire Oideachais nua, Helen McEntee, aitheantas a thabhairt anois don riachtanas atá ann le gaelcholáiste a bhunú sa cheantar, agus pleanáil chuí a chur i bhfeidhm gan mhoill le todhchaí oideachais na ndaoine óga atá ansin a chinntiú,” a dúirt sí.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “do chách an Ghaelscolaíocht” agus gurb iad “na húdaráis amháin” a chuirfeadh srian ar an teacht a bheadh ag daltaí scoile ar an oideachas.
Dúirt Julian de Spáinn nach raibh deis ag an ngrúpa feachtais atá ag plé leis an gcás teacht le chéile ó dúirt McMahon an méid sin agus nach bhféadfaí trácht go sonrach ar chás Scoil Shráid Synge ach go raibh Conradh na Gaeilge den tuairim go bhfuil an Ghaelscolaíocht ann do “chách”.
“Tá an Ghaelscolaíocht ann do chách. Bhí sé mar sin riamh, tá sé mar sin anois, agus beidh sé mar sin go deo. An t-aon rud a chuirfeadh srian air sin ná sa chás nach mbeadh na húdaráis ag tabhairt tacaíochtaí cuí do na daltaí atá ag freastal ar an scoil lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.
Chuir bord bainistíochta na scoile in iúl an tseachtain seo caite nach bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh leis an bplean a d’fhógair an t-iarAire Oideachais Norma Foley an bhliain seo caite go ndéanfaí Gaelcholáiste de CBS Synge Street.
I ráiteas a d’eisigh múinteoirí na scoile tríd an ASTI, dúradh go raibh “an-imní” ar na múinteoirí faoin bplean agus nach raibh aon phlé ceart déanta ag an Roinn Oideachais ná ag pátrún na scoile maidir le cén chaoi a gcuirfí an plean i bhfeidhm ná conas a dhéanfaí na múinteoirí a uasoiliúint chun go mbeadh siad in ann teagasc trí Ghaeilge sa scoil nua.
Dúradh go ndearnadh suirbhé i measc mhúinteoirí na scoile agus gur léirigh 91% díobh nach raibh siad i bhfabhar an phlean. Aontaíodh go raibh gá le Gaelcholáiste nua sa gceantar, áfach.
Fág freagra ar '‘Díomá’ faoi mheon nach bhfuil an t-oideachas Gaeilge oiriúnach don lucht oibre ná d’inimircigh'