Tá an smólach i mbun ceoil arís, tá na laethanta ag síneadh agus tá sé d’ádh ar an Saoithín Aeráide go bhfuil cónaí air i dteach a bhfuil gairdín réasúnta fairsing leis.
Anuraidh, d’iompaigh sé cuid den ghairdín ina cheapach glasraí, agus leanfaidh sé den obair sin i mbliana.
Ach ní dhéanfaidh sé na botúin chéanna.
Ní dhéanfaidh sé iarracht glasraí a fhás sa scáth.
Ní chuirfidh sé an cabáiste díreach in aice le tor an fhéileacáin.
Ní chaithfidh sé airgead ar shíolta agus ar shíológa na nglasraí sin nár éirigh leo anuraidh: an brocailí, an finéal, an t-ocra, agus, ar chúis éigin, na hoinniúin.
Cosán a bheidh sa chuid sin den cheapach a bhíonn sa scáth (beidh teacht níos fearr ag an Saoithín ar an gcuid a bhíonn sa ghrian.)
Cuirfidh sé an lus mín in aice leis an gcabáiste (tá an ghráin shíoraí ag na féileacáin ar bholadh an lusa sin.)
Díreoidh sé ar na glasraí sin ar éirigh go maith leo: na pónairí reatha, an bhiabhóg, an cabáiste, an biatas, agus ar luibheanna ar nós na peirsile agus an mharóis. Má éiríonn go maith leis na pónairí, an bhiabhóg agus an cabáiste, díolfaidh sé an farasbarr i seastán le taobh an bhóthair (gnáthnós sa cheantar.)
Fásfaidh sé bláthanna fiáine lena chois sin, ionas go mbeidh bronntanais aige do chairde agus gaolta agus ionas nach mbeidh air airgead a chaitheamh ar na tiúilipí a fhásann a chomharsana, ag baint úsáid as cá bhfios cá mhéad agraiceimiceán agus nimhe.
Tá an cheapach glasraí ar cheann de na rudaí is fiúntaí gur féidir leis an duine aonair a dhéanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide agus ar son na timpeallachta.
Ní hamháin nach mbeidh ar leoraí, ar bhád nó ar eitleán na glasraí a fhásfaidh tú féin a thabhairt chomh fada leis an ollmhargadh is gaire duit, ach bealach iontach le CO2 a choinneáil sa talamh (áit nach ndéanann sé dochar) atá sa cheapach glasraí lena chois.
Agus sábhálfaidh tú airgead. Ó Bhealtaine go Nollaig anuraidh, níor chaith an Saoithín Aeráide pingin ar ghlasraí san ollmhargadh.
Ach is í an tairbhe is mó a bhainfidh an Saoithín as a cheapach glasraí ná an faoiseamh intinne a thabharfaidh sí dó. Faoiseamh ó scáileán a ríomhaire, cinnte, ach faoiseamh freisin go bhfuil rud éigin fiúntach á dhéanamh aige sa chath i gcoinne athrú na haeráide, agus faoiseamh freisin ón tsíorbhuairt faoina bhfuil ar siúl go hidirnáisiúnta: má bhriseann cogadh amach, ar a laghad ar bith beidh pónairí, cabáiste agus biatas aige.
Carraig
Mar eolas: Bláth fíor-chuidsúlach is ea an tiúilip agus lus an chromchinn a mbíonn tóir as cuimse orthu.
Ach táirgíonn siad fíorbheagán pailine agus neachtair, sa chuma nach aon chuidiú iad puinn don mbithéagsúlacht nó chun beacha srl a bheathú.
Niamh fallsa eile a mheallann na daoine.
WTF
Ach fós níl leigheas le fáil ar na slimirí deabhalta sin.