Tá níos mó i gceist le síocháin ná gan cogadh a bheith ar siúl

Ní bheidh síocháin sna críocha gafa san Úcráin fiú má tharlaíonn sos cogaidh, ach amháin má ghlactar leis an sainmhíniú is cúinge ar an bhfocal ‘síocháin’

Tá níos mó i gceist le síocháin ná gan cogadh a bheith ar siúl

An 9 Bealtaine 2023 tháinig beirt shaighdiúirí Rúiseacha go teach sna críocha gafa i réigiún Kherson agus chuir siad sibhialtach 64 bliain d’aois chun báis. Tá sé dearbhaithe ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine gur cuireadh chun báis 170 sibhialtach sna críocha gafa ón 24 Feabhra 2022. Bhí cúigear páistí ina measc. Is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde mar nach dtugann an Rúis rochtain d’ionadaithe an Ard-Choimisinéara ar na críocha gafa.

Go bunúsach, tá na críocha gafa géillte ag Donald Trump don Rúis roimh thús na gcainteanna ‘síochána’. Ach ní bheidh síocháin sna críocha gafa san Úcráin fiú má tharlaíonn sos cogaidh i mbliana, ach amháin má ghlactar leis an sainmhíniú is cúinge ar an bhfocal ‘síocháin’ – sé sin nach bhfuil i gceist ach gan cogadh a bheith ar siúl.

Síleann formhór smaointeoirí agus eagraíochtaí a phléann le ceist na síochána áfach go bhfuil níos mó i gceist le síocháin ná sin. Mar shampla, dúirt Ard-Rúnaí Cúnta de chuid na Náisiún Aontaithe go gcaithfidh saoirse ó eagla agus deireadh a bheith curtha le saoirse ó phionós do lucht sáraithe cearta daonna a bheith san áireamh le síocháin.

Chuir iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki Moon dínit an duine agus maireachtáil le chéile le meas, caoinfhulaingt agus comhthuiscint san áireamh ina shainmhíniú ar an tsíocháin. Dúirt Albert Einstein go gcaithfeadh an chóir a bheith san áireamh leis an tsíocháin. Ní raibh síocháin den chineál sin ag an bpobal pro-Úcránach i gcríocha gafa na hÚcráine ó 2014 i leith agus is in olcas atá cúrsaí imithe sna críocha níos fairsinge atá gafa ag an Rúis ó mhí Feabhra 2022.

Tá iliomad cás inar coimeádadh sibhialtaigh i ngéibheann sna críocha gafa aimsithe ag Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Duine.

I bhformhór na gcásanna tugadh drochíde dóibh, nó céasadh iad nó fágadh gan cóir leighis riachtanach iad. San áireamh sa chéasadh agus sa drochíde bhí bascadh, cur i gcéill go rabhthas chun iad a chur chun báis, arraingeacha leictreacha agus tachtadh agus foréigean gnéis i gcoinne fear agus ban.

I gcás amháin chaill bean a bhí torrach a leanbh mar gheall ar arraingeacha leictreacha agus ionsaithe gnéis a d’fhulaing sí.  Dearbhaíodh 29 cás ina bhfuair sibhialtaigh bás mar gheall ar an tslí ar caitheadh leo agus iad i ngéibheann ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr níos airde.

Tá ionsaithe gnéis i gcoinne sibhialtach ag tarlú ar fud na gcríocha gafa, áfach, agus ní sna príosúin amháin. Ó mhí Feabhra 2022 tá taifead déanta ar 370 cás inár imir fórsaí na Rúise foréigean gnéis i gcoinne sibhialtach. Bhí 12 páiste san áireamh sa bhforéigean sin.

De réir an taifid phoiblí tá cúirteanna Rúiseacha tar éis ar a laghad 91 duine a chiontú sna críocha gafa i gcoireanna ar nós ‘droch-chlú a tharraingt ar fhórsaí armtha na Rúise’ agus ‘easpa measa a léiriú ar stát na Rúise’. Ciontaíodh daoine as amhráin Úcránacha a roinnt ar na meáin shóisialta, as ucht ‘cogadh’ a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nó as pictiúir a chur ar mheáin shóisialta le siombailí nó dathanna náisiúnta na hÚcráine, mar shampla, grianghraf de mhilseáin ghorma agus bhuí.

An bhfuil sáruithe ar chearta an duine ag tarlú sna críocha atá faoi smacht rialtas na hÚcráine? Dar ndóigh tá, ach ar scála i bhfad níos lú in ainneoin an daonra a bheith i bhfad níos mó agus rochtain iomlán a bheith ag an Ard-Choimisinéir ar na críocha sin.  Mar shampla, rinneadh taifead ar 25 cás ina ndearna baill d’fhórsaí armtha na hÚcráine bagairtí foréigin ghnéis i gcoinne sibhialtach.  Ní luaitear aon chásanna inar cuireadh sibhialtaigh chun báis nó inar céasadh iad.

Fiú roimh mhí Feabhra 2022 bhíodh cur síos rialta i dtuairiscí na Náisiún Aontaithe faoi na críocha a bhí faoi smacht na Rúise sna blianta sin ar an easpa síochána seo don phobal pro-Úcránach, agus don phobal dúchasach Tatar sa Chrimé, go háirithe. Tuigeann gach Úcránach é seo, agus tá go leor acu a bhfuil gaolta leo sáinnithe sna críocha gafa. Sin cuid den chúis go bhfuil ceist na gcríocha gafa chomh híogair – ní talamh amháin atá i gceist ach daoine.

I bhfianaise easpa comhoibrithe na Rúise leis an Ard-Choimisinéir agus leis na heagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta eile maidir leis na críocha gafa, ní léir go mbeidh socrú ar bith a dhéanfaí chun deireadh a chur leis an gcogadh ábalta síocháin a sholáthar don phobal seo, mura gceadaítear dóibh agus mura roghnaíonn siad teitheadh óna gcríocha dúchais go deo.

Fág freagra ar 'Tá níos mó i gceist le síocháin ná gan cogadh a bheith ar siúl'