Tá ainm an tsuímh idirlín PEIG.ie le hathrú go scéal.ie i mbliana. Tá an t-ainm PEIG ina mhol eolais do chainteoirí Gaeilge ó bunaíodh é sa bhliain 2014. Seasann PEIG do ‘pobal, eolas, ilmheáin, Gaeilge’ agus is imeartas focal é ar ainm an tseanchaí chlúitigh Peig Sayers.
Is é Conradh na Gaeilge atá i gceannas ar an suíomh agus foilsítear ann míreanna as nuachtáin, irisí, agus suíomhanna Gaeilge eile; folúntais in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta; féilire imeachtaí; eolaire gnó; agus tuilleadh eolais a bheadh ina ábhar spéise do lucht labhartha na Gaeilge.
Nuair a seoladh PEIG.ie den chéad uair i mí Lúnasa na bliana 2014, dúirt an Conradh go rabhthas ag iarraidh an t-ainm ‘Peig’ a “athshealbhú” do lucht labhartha na Gaeilge. Is minic a thagraítear do sheanchaí cáiliúil an Bhlascaoid Mhóir ar na meáin Bhéarla nuair atáthar ag caitheamh anuas ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha. Bhí leabhar Sayers, Peig, ar shiollabas na hArdteistiméireachta go dtí na 1990idí.
Tá Conradh na Gaeilge leis an tagairt do Pheig a fhágáil ina ndiaidh tar éis breis agus deich mbliana agus an t-ainm nua scéal.ie a bhaisteadh ar “lárphointe eolais na Gaeilge”.
“Mothaímid go léiríonn an t-ainm nua fís agus cuspóir an tsuímh i mbealach an-soiléir agus gonta, cé go mbeimid brónach slán a fhágáil leis an ainm ‘PEIG.ie’, a d’fhreastail go hiontach orainn ó cuireadh tús leis an suíomh i mí Lúnasa 2014,” a dúradh i ráiteas faoin athrú ainm.
Tá “feabhsúcháin agus forbairtí éagsúla” geallta ag an gConradh do lucht úsáide an tsuímh agus é tugtha le fios acu nach gá do dhaoine a bhfuil naisc ar a suíomh féin acu chuig PEIG a bheith buartha mar go “ndéanfar atreorú uathoibríoch go dtí na leathanaigh chuí ar scéal.ie”.
Seanán Ó Coistín
Is fearrde sin mar ainm ná Peig. Ba dhroch-chinneadh é Peig mar ainm.