Bhí a fhios ag muintir Ros Comáin cérbh é an Virginian – garmhac le James Drury ó Dhoire Cuach

Níor tugadh amach ainm an ‘Virginian’ féin riamh - rud a chuir lena mhistéir agus a cháil

Bhí a fhios ag muintir Ros Comáin cérbh é an Virginian – garmhac le James Drury ó Dhoire Cuach

I ré seo an Covid-19 agus muid faoi choinneáil sa chlúid, tá caint mhór faoi na sraitheanna teilifíse gur fiú tamall a chaitheamh leo – leithéidí Tiger King, Unorthodox, Ozark agus a leithéidí.

Agus cé go bhfuil roinnt mhaith scríofa faoi Netflix, fós féin ní dheachaigh aon cheann acu chomh mór i gcion ar phobal na hÉireann is a chuaigh na sraitheanna ó Mheiriceá i dtús ré na teilifíse in Éirinn.

An Virginian (James Drury) a bhásaigh seachtain ó sin, réalta mór teilifíse i Meiriceá agus anseo in Éirinn, a chuir ag smaoineamh mé ar na cláracha a chuaigh i bhfeidhm orainn agus muid óg.

Ní raibh stáisiún Telefīs Éireann i bhfad ar an bhfód nuair a tháinig an Virginian ar an aer den chéad uair i 1962. Mhair sé ar feadh naoi séasúr sular baineadh den aer é i 1971.

Chuir mé teachtaireacht chuig mo dheartháir i Meiriceá – an raibh aon chuimhne aige-sean ar an tsraith sin? Tháinig an freagra ar ais ar an toirt.

Ní hé amháin go mbíodh sé ag breathnú ar The Virginian ach ba fan mór é freisin de chuid Gunsmoke, F-Troop, Bonanza, agus The High Chaparral. Chuimhnigh mé go raibh mada aige darb ainm Shiloh (ainm na feirme a raibh an Virginian i gceannas uirthi). Bhí mada eile sa chlann agus Trampas an t-ainm a bhí air- réalta mór eile sa tsraith.

Chuir sé pictiúr chugam den chlann os comhair an tí i mBealach a’ Doirín. Tá seisean gléasta i bhfeisteas buachaill bó – ghnóthaigh m’athair é i gcrannchur an ‘Bazaar’ a bhíodh ag na Bráithre um Nollag.

Tháinig na cuimhní ar ais chugam féin ansin – d’úsáideadh sé stól an phianó mar chapall. Mar sórt ‘stunt’ léimeadh sé den stól, na gunnaí ina lámha aige, ritheadh sé amach as an seomra suí, amach tríd an halla, ar aghaidh chuig an bplásóg féir, áit a leaindeáladh sé go míorúilteach gan ghortú.

Bhíodh troideanna gunna thart ar an stól pianó sin, go minic. An ‘OK Corral’ s’againne.

I measc na sraitheanna buachaillí bó ar fad, sheas an Virginian amach. Bhí sé 90 nóiméad ar fhad- rud an-neamhghnách i saol na teilifíse. Dúirt James Drury in agallamh uair amháin go mbíodh cúpla ‘eagrán’ den chlár á thaifeadadh ag an am céanna. Bhí an sceideal an-chrua ar gach éinne. Ba mhinic eisean ag marcaíocht ar a chapall ó láthair amháin go dtí eagrán eile a bhí ar siúl ar láthair eile.

Níor tugadh amach ainm an Virginian féin riamh- rud a chuir lena mhistéir agus a cháil.

Ach bhí a fhios ag muintir Ros Comáin cérbh é féin – garmhac le James Drury ó Dhoire Cuach, in aice le Loch Uí Ghadhra.

Nuair a d’fhill Drury ar a bhaile dúchais in 2008, thug sé cuairt ar an teach a d’fhág a sheanathair James in 1890. Bhí sliocht a sheanuncail Tom, fós ina gcónaí ann.

In alt a scríobh Marese McDonagh san Irish Times ag an am, dúirt sí go raibh turcaí rósta acu agus dhá hata Stetson crochta ag an doras (ceann acu a frítheadh ag coirm cheoil Meatloaf go gairid roimhe sin). Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimhe.

Cheangail tábhairneoir áitiúil dhá chapall taobh amuigh den bheár roimh a chuairt ann. Bhailigh daoine ó chian is ó chóngar i gContae Ros Comáin chun bualadh leis.

Bhíodh níos mó cainte faoin Virginian ná mar a bhíodh faoi aon tsraith eile. Nár dínn féin é? Cheap múinteoir sa mbunscoil i mBealach a’ Doirín (Drury sular phós sí), gur cinnte gur col ceathrar léi a bhí ann. Dúradh go raibh gaol aige leis an Easpag Drury a bhí ag saothrú in Texas agus a thug uncail liom amach go Meiriceá agus go dtí Comhdháil mhór na Vatacáine.

Dúirt James Drury gur thaitin an tírdhreach i gContae Ros Comáin go mór leis – d’fhoghlaim sé marcaíocht capall ar fheirm a mháthar in Oregon agus chonaic sé cosúlachtaí idir an dá áit.

Ní haon iontas go mbeadh an tír chomh tógtha sin ag sraitheanna teilifíse as Meiriceá. Nuair a ceapadh an chéad Stiúrthóir Ginearálta ar Telefís Éireann, ba Mheiriceánach as Boston, Edward Roth a roghnaíodh don phost.

Chonaic seisean go mbeadh gá le hábhar a cheannach ó thíortha eile – alpann an sceideal teilifíse cláracha go laethúil. Agus cé go raibh roinnt cláracha á ndéanamh ar an láthair in Éirinn, ceannaíodh go leor sraitheanna a bheadh mar sórt ‘cnámh droma’ ag an sceideal.

Bhídís ina n-ábhar cainte ag daoine go minic: ‘An bhfaca tú **** ar an teilifís aréir?’ Níor ghá aon cheist a chur faoin gcainéal – ní raibh ach an t-aon chainéal amháin ag formhór na ndaoine – Bealach a Seacht (Telefís Éireann).

Bhí sé sa gcaint ag an am gur cuireadh deireadh go luath le cruinniú de Chomhairle Chontae Ros Comáin, toisc go raibh an Fugitive ag teacht chun críche an oíche chéanna.

I dtagairt eile, dúradh nach raibh éinne le feiceáil ar shráideanna na hÉireann an oíche chinniúnach sin. Bheadh na ceisteanna ar fad a ardaíodh sa tsraith réitíodh in aon iarraidh amháin.

Ní raibh ach ceithre shraith den Fugitive ann, ach mhair sé i gcuimhne na daoine ar feadh i bhfad.

Bhí an Dochtúir Richard Kimble ag teitheadh ón dlí – an Lt Gerard. Cuireadh i leith Kimble gur mharaigh sé a bhean chéile, ach i ndáiríre, fear eile – a bhí ar leathlámh- a mharaigh í.

Chreid daoine ar fud an domhain gur scéal fírinneach a bhí ann. Stopadh daoine an t-aisteoir a bhí i bpáirt an Lt Gerard, Barry Morse agus chuiridís fainic air gan a bheith ag cur isteach ar an dochtúir deas sin, Richard Kimble.

Go deimhin, bhí an t-aisteoir Barry Morse – ar an Late, Late Show oíche amháin.

Taispeánadh blúire den Fugitive i dtosach agus an Lt Gerard ar thóir an Dr Kimble. Ansin shiúil an t-aisteoir Barry Morse isteach sa stiúideo in RTÉ.

Ba beag nár thit gach duine as a seasamh sa lucht féachana. Thosaigh teachtaireachtaí grinn ag teacht isteach ag insint cén áit a facthas Kimble – ar an mBalla Thoir i mBaile Átha Cliath, mar shampla.

Tháinig deireadh leis i 1967.

Dúradh nach raibh lucht féachana chomh mór leis riamh arís ag clár teilifíse go dtí an oíche ar nochtadh cé a chaith JR in Dallas.

Sea, ní le gairid a thosaigh muid ar an ‘binge-watching’ nó an craos scáileáin.

Bhreathnaigh muid ar roinnt mhaith Séamus Ennis sa Chathaoir, Daithí Lacha, agus Bring Down the Lamp, ach ní féidir a shéanadh gurb iad na réaltaí ba mhó a bhí againn ná na laochra a ghríosaigh muid go dtí an stól pianó agus saol físiúil, tarraingteach na réaltaí agus na mbuachaillí bó in Hollywood.

Fág freagra ar 'Bhí a fhios ag muintir Ros Comáin cérbh é an Virginian – garmhac le James Drury ó Dhoire Cuach'

  • Antoine Ó Coileáin

    Sraitheanna eile a thagann chun cuimhne ná Car 54 Where are you?, Rescue 8, The Grindle Show, agus Get Smart. Léiriú ar thionchar na gclár teilifíse gur ainmníodh teach tabhairne i nGaoth Sáile, Iorras as The High Chaparral!

  • PÓC

    An-spéisiúil, a Mhairéad! Tá corr-chabhbáí i Ros Comáin i gcónaí!