Sa gcoicís romhainn athrófar aird rugbaí an limistéir seo ón URC go dtí na cluichí sa dá mhórchomórtas Eorpach, Corn na gCuradh ina mbeidh Cúigí Laighean agus na Mumhan páirteach ann agus Corn an Dúshláin ina mbeidh Cúigí Uladh agus Chonnacht páirteach ann.
Is cinnte go bhfuil díomá ar Chúigí Uladh agus Connacht nár éirigh leo cáiliú do Chorn na gCuradh, an comórtas sinsearach, go háirithe agus an dá chúige ag tabhairt sár-thaispeántais uathu san URC faoi láthair. Mar sin féin tá seans ag an dá chúige cur lena gcáil agus iad ag tabhairt dúshlán do chuid de mhórchlubanna an limistéir thuaidh.
Tá buntáiste an bhaile ag na hUltaigh anocht agus iad ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Racing 92 ceann de mhórchlubanna na Fraince. Níl aon dabht ann ach go bhfuil Cúige Uladh réitithe go maith don chluiche baile seo le ceithre bhua as cúig iarracht cláraithe acu chomh maith le bua i chuile chluiche baile go dtí seo. Ní ionann an cás do na cuairteoirí, foireann a chaill chúig chluiche sa Top 14 go dtí seo, rud a fhágann iad suite san aonú háit déag ar an tábla sin. Bheadh iontas orm muna dtabharfadh na hUltaigh an lá leo.
Beidh Cúige Chonnacht as baile De Domhnaigh thall sa mBreatain Beag agus iad i gcoinne na nOspreys foireann atá ceithre háit níos ísle ná foireann an Gaillimhe ar chlár an URC. Chuir na hOspreys droch-thús leis an séasúr seo, gan ach dhá bhua cláraithe acu, ceann acu siúd as baile an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Dhún Éideann. Chuir na Connachtaigh na cosa ar ais faoin mbord an deireadh seachtaine seo caite agus bua maith le pointe bónais faighte acu gcoinne na Sharks. Má éiríonn leo leanacht leis an gcur chuige céanna amárach is cinnte go mbeidh sé an-deacair ag na hOspreys iad a stopadh, fiú agus buntáiste an bhaile acu.
I gCorn na gCuradh, an comórtas sinsearach, beidh an dá chúige eile ag dul chun páirce amárach. I Stáid Aviva a bheas Cúige Laighean agus iad ag iarraidh an droch-bhlas ó chomórtas na bliana seo caite a chur uatha. Cuimhnigh go ndearna Leo Cullen botún roghnaithe agus é ag cuir foireann le cúpla imreoir dara rogha chun páirce i gcoinne Northampton. Ní ardóidh mé díospóireacht sin arís ach ag breathnú ar an bhfoireann láidir atá roghnaithe aige don chluiche i gcoinne Harlequins, is léir go bhfuil ceacht mór foghlamtha ag Cullen.
Chas na foirne seo ar a chéile sa gcomórtas anuraidh i gcluiche a bhuaigh na Laighnigh 62-0. Ní dóigh go mbeidh scór den chineál sin againn arís amárach ach ba cheart go mbeadh bua ag foireann an bhaile agus go gcuirfeadh Cúige Laighean tús dearfach lena n-iarracht greim a fháil ar an gcraobh seo don chúigiú huair.
Seans gur roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo, iad ag taisteal go Bath le tabhairt faoi churaidh reatha an Gallagher Premiership, agus iad freisin ar bharr thábla an chomórtais sin faoi láthair. Ní dóigh go bhfuair Cúige Mumhan an réiteach a bhí uatha don choimhlint seo an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag cailliúint i gcoinne na Stormers i Luimneach. Mar bharr ar an mí-ádh, theip ar Chúige Mumhan pointe amháin féin a chlárú sa dara leath den chluiche sin.
Sea, tá chuile bhuntáiste le Bath roimh thús an chluiche seo ach bheadh dul amú ar an té nach dtabharfadh seans do na Muimhnigh, fiú más seans beag é.
Fág freagra ar 'Bheadh dul amú ar an té nach dtabharfadh seans do na Muimhnigh'