Bheadh ar Shinn Féin a gcur chuige i leith na meán a athrú dá mbeidís i rialtas

Ráineodh gur feachtas margaíochta seiftiúil atá ar siúl ag Shane Ross i gcás a leabhair faoi Mary Lou McDonald ach bíonn Sinn Féin drogallach ceisteanna a fhreagairt

Bheadh ar Shinn Féin a gcur chuige i leith na meán a athrú dá mbeidís i rialtas

  leabhar nua scríofa ag Shane Ross, iarTheachta Dála neamhspleách agus iarAire Iompair, ar Mhary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin. Mary Lou McDonald: A Republican Riddle an teideal atá ar an leabhar. Scríobhadh an leabhar seo gan aon ionchur ó McDonald, nó ón bpáirtí, agus tá an easpa cumarsáide sin cáinte go láidir ag Ross agus ag tráchtairí eile.

Tá cultúr an ‘omerta’ á chur chun cinn ag an bpáirtí, dar le lucht na cáinte – agus ba chosúil gur aontaigh an Micheál Martin leis an tuairim sin.

Ag labhairt dó i seomra na Dála Dé Máirt, dúirt Micheál Martin go raibh iontas air nuair a dúradh leis gur chuir RTÉ agallamh a rinneadh le Shane Ross ar fáil do Shinn Féin sular craoladh é. Seo deis, dar leis an Taoiseach, nach bhfuair sé féin rómhinic ina shaol polaitíochta.

Mar bharr ar an donas, beartaíodh gan an t-agallamh a chraoladh sa deireadh, rud a spreag “lagmhisneach” faoin gcóras daonlathach sa tír, dar leis an Taoiseach. Tá gá le “trédhearcacht” ó RTÉ  faoin gceist áirithe seo, a dúirt sé. mar gur “díol imní” é nach raibh siad sásta an t-agallamh seo a chur ar an aer.

Eisíodh ráitis i ndiaidh na hóráide sin inar tugadh le fios go raibh scéal chailleach an uafáis déanta den scéal ag an Taoiseach agus ag Shane Ross. Shéan RTÉ agus Sinn Féin gur tugadh deis don pháirtí éisteacht leis an agallamh sular craoladh é. Chomh maith leis sin, dúradh nach raibh aon bhaint ag an bpolaitíocht leis an gcinneadh gan an t-agallamh le Ross a chraoladh.  Cinneadh eagarthóireachta a bhí ann agus bhí scéalta níos tábhachtaí agus níos spéisiúla le plé ar an gclár an lá sin. Ouch!

Déarfaidh lucht tacaíochta Shinn Féin go raibh sé de cheart ag Mary Lou agallamh a dhiúltú, dá mba mhaith léi sin. Ní leis an leabhar áirithe seo amháin a bhaineann seo ach oiread. Tuigtear dom go mbíonn deacrachtaí ag an iriseoir Aoife Moore, atá i mbun pinn ar leabhar faoi stair pháirtí Shinn Féin faoi láthair, agallaimh le polaiteoirí mór le rá sa pháirtí sin a shocrú.

Casadh oifigeach de chuid Shinn Féin orm féin sa Dáil an tseachtain seo agus nuair a d’fhiafraigh mé de an raibh imní air faoin eachtra seo, ní dhearna sé ach gáire.

Is fusa gáire a dhéanamh anois, agus tá gach seans ann go raibh an t-eolas míchruinn ag an Taoiseach nuair a labhair sé sa Dáil faoin gcraoltóir náisiúnta. Rud thar a bheith tromchúiseach é sin, ach ní chuirfinn as an áireamh go bhfillfidh an feall ar Shinn Féin amach anseo maidir lena gcaidreamh leis na meáin.

Ní bheadh muintir na tíre chomh trócaireach céanna dá mbeadh Sinn Féin chomh drogallach céanna ceisteanna a fhreagairt agus iad sa rialtas. Ní thaitníonn sé leis an bpobal nuair a choinnítear eolas uathu, agus cuirfidh an ciúnas seo amhras ar an ngnáthvótóir. Is minic ciúin ciontach, mar a deir an seanfhocal.

Bheadh ar Shinn Féin a chur chuige i leith na meán a athrú agus iad i rialtas – go háirithe dá mbeadh páirtí i gcomhrialtas leo a bheadh níos oscailte do na meáin – agus níos sásta an scian a shá i ndroim Shinn Féin leis.

Ag deireadh an lae, áfach, feictear dom go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag caint ar leabhar Shane Ross anois ná mar a bheadh d’uireasa na conspóide seo. Tá gach seans ann gur chuir ciúnas Mhary Lou, agus an chonspóid atá tarraingthe ag Shane Ross air féin, le fiosracht an phobail sa leabhar.

Cineál íorónach, nach gceapfá?

Fág freagra ar 'Bheadh ar Shinn Féin a gcur chuige i leith na meán a athrú dá mbeidís i rialtas'

  • Paul Laughlin

    An raibh an méid a bhí le rá ag Micheál Martin faoi seo i seomra na Dála go hiomlan i gceart? Is cosúil anois nach raibh.