‘Bhainfeadh laghad na ndifríochtaí idir Sinn Féin agus an DUP faoi chearta geit mhór as daoine’ – An Taoiseach

Baineann an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh anois le ‘muinín’ agus ‘foclaíocht’ seachas le ‘cearta’, dar leis an Taoiseach

‘Bhainfeadh laghad na ndifríochtaí idir Sinn Féin agus an DUP faoi chearta geit mhór as daoine’ – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach nach faoi ‘chearta’ a thuilleadh an t-easaontas idir Sinn Féin agus an DUP atá ag cur bac ar athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nár chreid sé gur bhain an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh le ‘cearta’ níos mó.

“Ní dóigh liom gur le cearta a bhaineann sé seo níos mó; Is í mo thuairim gur ceist mhuiníne agus foclaíochta atá ann. Is geall le scéal Swift é faoin tráth seo. Dá dtuigfeadh daoine cé chomh beag is atá an difríocht [idir Sinn Féin agus an DUP], is dóigh liom go mbeadh iontas an domhain orthu ar bhealaí áirithe,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt Varadkar go raibh dhá chruinniú aige le Sinn Féin agus dhá chruinniú aige leis an DUP maidir leis na cainteanna ó thuaidh.

Dúirt sé go raibh cruinniú duine le duine  aige le ceannaire an DUP agus ceannaire Shinn Féin agus gan aon oifigigh i láthair.

“Bhuail mé le ceannairí an DUP agus Shinn Féin ar bonn duine le duine – gan aon oifigigh [i láthair] – ionas go mbeadh ar ár gcumas labhairt go hionraic i modh rúin [off the record]. Bím ag caint leis an bPríomh-Aire uair sa choicís agus beidh mé ag caint léi arís Dé hAoine.”

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty nach raibh aon fhuascailt fós ar cheist na gceart agus go raibh a ndícheall déanta ag Sinn Féin a bheith “solúbtha” ar son an “leas coiteann”.

“Rachaidh na cearta seo chun leasa gach dream sa tsochaí agus ní gá gur bagairt iad d’aon duine. Is í an t-aon chúis go bhfuil siad á séanadh ná go bhfuil an DUP ag cur in aghaidh clár atá bunaithe ar chearta agus go bhfuil Rialtas Shasana ag géilleadh dóibh,” a dúirt Pearse Doherty.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur gá don dá rialtas gníomh a dhéanamh “ar bhonn práinne” ar son an “chomhionannais”.

Dúirt sé go raibh dualgas ann na gealltanais a tugadh i gcomhaontuithe cheana a chomhlíonadh agus na cearta céanna atá ag “gach duine eile ar na hoileáin seo” a thabhairt do mhuintir an Tuaiscirt.

“D’uireasa a leithéid a dhéanamh, an bhféadfadh an Taoiseach a rá linn céard iad na cearta ba chóir dúinn déanamh dá gceal,” a dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin.

Fág freagra ar '‘Bhainfeadh laghad na ndifríochtaí idir Sinn Féin agus an DUP faoi chearta geit mhór as daoine’ – An Taoiseach'

  • Gearóid Ó Mórdha

    An bhfuil Leo chun a rá linn céard é an teasaontas atá idir SF agus DUP anois?
    An bhfuil sé a rá go bhfuil DUP tar éis géilleadh ar Acht Teanga, Cearta Pósadh agus na rudaí eile a bhí aontaithe sna conarthaí go dtí seo.
    Caithfidh sé bheith soiléir faoin méid atá sé a rá!