Beo i ré na háiféise atá muid agus Uachtaráin na Stát Aontaithe luaite le cúrsaí síochána

Is é léamh na heagraíochta Nobel go mbaineann síocháin le forlámhas an Iarthair a chur chun cinn agus a dhaingniú

Beo i ré na háiféise atá muid agus Uachtaráin na Stát Aontaithe luaite le cúrsaí síochána

Ní gá ach spléachadh gairid a thabhairt ar liosta na mbuaiteoirí le dearbhú gur beag aird is fiú a thabhairt ar an nGradam Síochána Nobel. Beo i ré na háiféise atá muid agus Uachtaráin na Stát Aontaithe luaite le cúrsaí síochána.

Is beag duine ar bronnadh an Gradam Síochána Nobel orthu mar aitheantas ar obair a bhaineann le neamhspleáchas agus neamhthuilleamaíocht a threisiú i gceann de thíortha an Domhain Theas. Is é léamh na heagraíochta Nobel go mbaineann síocháin le forlámhas an Iarthair a chur chun cinn agus a dhaingniú.

Is nós leis an eagraíocht an gradam a bhronnadh ar dhaoine ar mian leo an bonn a bhaint de rialtais dhlisteanacha a dtíortha féin agus réimeas a chloífidh le mianta an Iarthair, agus na Stát Aontaithe go háirithe, a chur ina n-ionad.

Ba é an chineál sin oibre a thuill an Gradam Síochána don bhliain 2025 do María Corina Machado ó Veiniséala. A bhuí le maoiniú ó na Stáit Aontaithe bhunaigh sí Súmate in 2002, eagraíocht ar a dtugtar ‘grúpa faireacháin vótála’, d’fhonn Hugo Chavez a threascairt. Cé gur theip ar na hiarrachtaí sin choinnigh Machado uirthi ag iarraidh rialtas i ndiaidh rialtas dlisteanach faoi stiúir Nicolás Maduro a threascairt.

Is cinnte nach é sin an dóigh a ndéanfadh an eagraíocht Nobel cur síos ar a cuid oibre, ach go rachadh siad i muinín focal amhail ‘daonlathas’, ‘daonnúil’, nó ‘athmhuintearas’ ar mhaithe le huaillmhian ceannairce dá leithéid a cheilt. Is leor nod don eolach i gcúinsí dá macasamhail agus is iomaí aineolach san aos polaitíochta a alpfaidh siar bréaga follasacha na bunaíochta cibé.

Ar ndóigh, ó bronnadh an gradam ar Machado, d’fhuadaigh na Stáit Aontaithe Nicolás Maduro agus ba ise rogha na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht air. Ar chúis éigin, níor tháinig tuar faoin tairngreacht úd agus ba í Delcy Rodríguez, Leas-Uachtarán Maduro, a ceapadh ina hionad.

Cá bhfios cé acu an raibh Machado ag iarraidh im a chuimilt leis na Stáit Aontaithe agus an post a fháil di féin ach bheartaigh sí a gradam a bhronnadh ar Donald Trump, fear nár thuig riamh cumhacht an noda, ar cosúil go mbíonn achan smaoineamh a ritheann leis á spalpadh aige i rith an ama.

Ní raibh an eagraíocht Nobel i bhfad ag dul i mbun gnímh. Aisteach go leor, ach is cosúil go raibh siad ag iarraidh aon smál a bhaint ó ghradam a bhfuil liosta a bhuaiteoirí báite i bhfuil le blianta anuas. Chuir an eagraíocht in iúl nach féidir an gradam a thabhairt ar aghaidh agus gur leis an té ar ar bronnadh é a bhainfidh sé go deo. Ní thiocfaidh aon athrú ar bhuaiteoir oifigiúil an ghradaim fiú agus é i seilbh duine éigin eile.

Tá go maith agus níl go holc, is dócha. Is le Machado an gradam agus is amhlaidh a bheas sé go deo, ach ar fiú aon scagadh sa bhreis a dhéanamh ar na cúinsí inar bronnadh an gradam uirthi ar dtús?

Ní hé gur mhúscail Machado an mhaidin i ndiaidh di an gradam a bhaint agus gur bheartaigh sí caidreamh a chothú le Donald Trump, bhí sí ag obair i gcomhar leis an Uachtarán agus lena réamhtheachtaithe chun mianta na Stát Aontaithe a chur i bhfeidhm i Veiniséala le blianta anuas. Ar bhealach, ní bhuailfeá Trump amach mar urlabhraí don socrú polaitíochta úd, cladhaire confach a chuireann gníomhaíochtaí gáirsiúla na Stát Aontaithe in iúl gan scáth gan náire.

Is cosúil gurb é an botún a rinne Machado ná go dtáinig sí salach ar nós na caolchúise mar a chleachtann an eagraíocht Nobel é. Dúirt sí amach os comhair an tsaoil an fhírinne ar fearr le cumhachtaí an Iarthair a coinneáil faoi choim, gurb ionann síocháin agus géilleadh do riail agus d’fhorlámhas na bunaíochta.

Fág freagra ar 'Beo i ré na háiféise atá muid agus Uachtaráin na Stát Aontaithe luaite le cúrsaí síochána'

  • Indrek

    Dia dhár sábháil! Nach spáineann an méid atá ráite ag an gCoiste Nobel nach seasann siad le Trump ná le ‘lámh láidir an Iarthair’? Is leor súil a chaitheamh ar liosta bhuaiteoirí an Ghradaim lena fháil amach gur daoine atá ag obair go háitiúil ar mhaithe lena sochaí féin atá iontu, seachas ‘spiairí an Iarthair’. Agus cén locht atá ar Machado bhocht? Más féidir léi tionchar a imirt ar Trump trí phlámás a dhéanamh leis agus, ar an gcaoi sin, a tír dhúchais a bhogadh i dtreo an daonlathais, nach in ba cheart di a dhéanamh?