Beirt Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar ag díriú airde ar fhadhb forbartha an N59

Ceisteanna faoin bhforbairt bóthair á chur ag Éamon Ó Cuív (FF) agus Seán Kyne

Beirt Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar ag díriú airde ar fhadhb forbartha an N59

N59

Tá beirt de Theachtaí Dála Ghaillimh Thiar tar éis aird a dhíriú ar an bhfadhb mhór atá ag baint le forbairt an bhóthair, an N59, idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. 

I ráiteas atá eisithe aige féin, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go bhfuil sé “riachtanach do thodhchaí Chonamara go dtógfar an bóthar seo; ‘sé an príomh bhóthar é do phobal Chonamara siar ó Uachtar Ard”.

Idir an dá linn, tá ceist curtha ar chlár na Dála ag an Teachta Dála, Seán Kyne (Fine Gael) ag fiafraí den Aire Iompair an bhfuil a fhios aige céard atá ag coinneáil moille ar fhorbairt an bhóthair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite agus an ndéanfadh sé ráiteas faoi. Táthar ag súil le freagra ar an gceist seo go gairid.

Sean-Kyne2
Sean Kyne

Dúirt an Teachta Dála Kyne inné gurb é díol an mhí-áidh é go mbeidh na milliúin a bhí ceadaithe le caitheamh ar fhorbairt an bhóthair seo i mbliana ag dul ar ais arís i gciste an Rialtais. Luaigh an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, an chontúirt a d’fhéadfadh a bheith ann nach bhféadfaí a dhul ar aghaidh, beag ná mór, le forbairt an bhóthair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite mura dtiocfaidh Údaráis na mBóithre agus Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar shocrú faoi.

Bhí €4 milliún curtha de leataobh i mbliana le haghaidh an chéad chuid den fhorbairt as Uachtar Ard siar i dtreo Bhun na Cille i gceantar an Tí Dhóite. Ceadaíodh an t-airgead as ciste na Roinne Iompair ar an tuiscint go mbeadh an réamhphleanáil déanta agus conraitheoirí ag obair. 

Ach níltear gaibhte i ngar ná i ngaobhar don phointe sin fós mar go bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe agus Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra báite i gcainteanna le tamall fada. Baineann na cainteanna leis an gcaoi a ndéanfar an obair ar an mbóthar. Bhain an €4 milliún le tús na hoibre; bheadh ós cionn a shé oiread sin – de réir meastacháin – le caitheamh ar an stráice den N. 59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.

Nuair a thugadar cead forbartha le haghaidh na scéime oibre seo, chuir an Bord Pleanála coinníoll ann go gcaithfeadh Seirbhísí na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta leis an modh oibre a bheadh ag an gComhairle Contae sula bhféadfaí tosaí.

Tá an Chomhairle Contae ag iarraidh a dhul ar aghaidh ach níltear ag teacht ar shocrú le Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

09/10/2012. Eamon O Cuiv media opportuinity. Fianna Fail Spokesman on Agriculture Eamon O Cuiv speaks to the media on the plinth at Leinster House regarding today's farmers protest, and the Fianna Fail private members motion on agriculture criticising the Government's new AEOS (Agri-Environment Options Scheme) and calling on the Government to tackle rising fuel costs. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Eamon O Cuiv. pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

“Tá mé tar éis go leor cainte a dhéanamh le Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le hÚdarás na mBóithre Náisiúnta agus tá sé ráite agam go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfaí ar chomhréiteach chomh luath agus is féidir sa gcaoi agus gur féidir a dhul i mbun na scéime forbartha ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite,”a deir Éamon Ó Cuív

Creideann Ó Cuív go gcaithfidh an Bord Pleanála socruithe a dhéanamh feasta sa gcaoi agus go mbeidh modh réitithe ann i gcásanna den tsórt seo. “Sa gcás go bhfuil coinníoll mar seo curtha le ceadúnas forbartha, ba cheart go mbeadh sé de chumacht ag an mBord Pleanála – taobh istigh d’achar áirithe ama – rialú a dhéanamh ar an gceist”.

Dúirt an Teachta Seán Kyne go gcaithfear beart a dhéanamh go gairid faoin moill gan choinne atá ar an scéim oibre idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite agus go mbeidh sé ag coinneail súil ghéar ar an bhfreagra a thiocfaidh ón Aire Iompair Paschal Donohoe sa Dáil.

Fág freagra ar 'Beirt Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar ag díriú airde ar fhadhb forbartha an N59'