Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin 

Tuairiscítear gur chuir Mossad, áisíneacht faisnéise Iosrael, ábhar pléasctha sna mílte glaoire roinnt míonna sular seoladh chuig Hezbollah iad

Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin 

Tá beirt pháistí i measc an dáréag a maraíodh nuair a phléasc Iosrael na mílte glaoire sa Liobáin, a deir na húdaráis sláinte ansin.

Tuairiscítear gur chuir Mossad, áisíneacht faisnéise Iosrael, ábhar pléasctha sna mílte glaoire roinnt míonna sular seoladh chuig Hezbollah iad.

Idir 2,750-2,800 duine a gortaíodh san ionsaí a deir na húdaráis sláinte sa Liobáin.

Tá ospidéal na Liobáine faoi bhrú mór i ndiaidh an ionsaithe inar maraíodh ar a laghad dháréag. Tuairiscítear gur fágadh daoine eile dall i ndiaidh an ionsaí agus go raibh gá ag daoine eile le teascadh.

Tuairiscítear chomh maith gurb amhlaidh gur shocraigh Iosrael na glaoirí a phléascadh níos luaithe ná mar a bhí beartaithe acu toisc go raibh imní orthu go raibh eolas faighte ag Hezbollah faoin bplean.

Thosaigh Hezbollah ag úsáid glaoirí níos luaithe i mbliana nuair a cinneadh cosc a chur ar fhóin shoghluaiste toisc go raibh sé ró-éasca a dhéanamh amach cá raibh siad.

Bhí branda comhlacht as an Téaváin, Gold Apollo, ar na glaoirí ach dúirt an comhlacht sin gur comhlacht san Ungáir a rinne iad.

Meastar gur dócha gur 20 gram d’ábhar pléasctha ar chaighdeán míleata a cuireadh sna huirlisí.

Fágann an t-ionsaí go bhfuil sé ina imní mhór arís nach fada go mbeidh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus

Hezbollah.

Deir Hezbollah go mbainfidh siad díoltas amach i ndiaidh an ionsaithe, an sárú is mó riamh ar chóras slándála na Liobáine.

Tá coimhlint trasteorann ar siúl idir Hezbollah agus Iosrael ó thosaigh an cogadh in Gaza mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Fág freagra ar 'Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin '

  • Fearn

    Tá sé in am gach co-oibriú is féidir a bhriseadh idir Éirinn agus sn Stát Síonach. Tá éamh na n-íobairteach ró-ghéar.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha na Mhairbh.
    Tá Iosrael ag dul thar fíor.
    Ní dhéanann dhá Éagóir Ceart.