Beirt gafa de bharr ionsaí a deirtear a rinneadh i nGaeltacht Dhún na nGall  

Tá an bealach poiblí go dtí Sliabh Liag dúnta agus fiosrúchán ar bun ag na Gardaí 

Beirt gafa de bharr ionsaí a deirtear a rinneadh i nGaeltacht Dhún na nGall  

Tá beirt gafa i gcás a bhaineann le hionsaí a líomhnaíodh a rinneadh i gceantar Shliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine. 

Tá an bheirt, fear sna tríochaidí agus bean sna fichidí, faoi choinneáil i stáisiúin Ghardaí i nDún na nGall.  

Deir na Gardaí gur i gceantar Shliabh Liag a líomhnaítear a tharla an t-ionsaí am éigin idir an Satharn agus an Domhnach seo caite. 

Tá an bealach poiblí go dtí Sliabh Liag dúnta go fóill.  

Gabhadh an bheirt i ndiaidh tuairiscí a bheith ann inné go raibh duine ar iarraidh sa gceantar sin.  

Tá an bealach go dtí na haillte dúnta ag na Gardaí agus cuardach ar siúl. 

Mar chuid den fhiosrúchán, tá teach sna Cealla Beaga dúnta ag Gardaí agus rinne oifigigh fhóiréinseacha dá gcuid cuardach sa teach. 

Cuid thábhachtach den fhiosrúchán an fhianaise dhlí-eolaíochta a tugadh as carr a bhfuil amhras faoi. Ghlac na Gardaí samplaí fóiréinseacha ón gcarr sin, samplaí fola san áireamh.  

Sa gcúirt i Leitir Ceanainn inné, d’eisigh an Breitheamh O’Reilly barántas ionas go bhféadfaí an carr a chuardach. 

Tá an Garda Síochána ag impí ar aon fhinnéithe dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí i mBéal Átha Seanaidh  ag 071 985 8530, nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí. 

Ba mhaith leo labhairt le haon duine a bhí ar na bóithre i gceantar Shliabh Liag idir tráthnóna Dé Sathairn an 24 Meitheamh agus tráthnóna Dé Domhnaigh, go háirithe má tá aon fhíseán acu ón am sin. 

 

Fág freagra ar 'Beirt gafa de bharr ionsaí a deirtear a rinneadh i nGaeltacht Dhún na nGall  '