Beirt chainteoirí Gaeilge i lár an aonaigh agus sonraí sheirbhís nua GAAGO fógartha

Is í Gráinne McElwain a chuirfidh na cluichí ar GAAGO i láthair agus beidh Marc Ó Sé ar dhuine de na hanailísithe a bheidh ag obair ar an 38 cluiche a bheidh á sruthú ag an tseirbhís

Beirt chainteoirí Gaeilge i lár an aonaigh agus sonraí sheirbhís nua GAAGO fógartha

Michael Murphy, Marc Ó Sé, Gráinne McElwain agus Seamus Hickey. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé fógartha gurb í an craoltóir aitheanta Gráinne McElwain a chuirfidh i láthair clúdach GAAGO ar chraobhacha peile agus iomána na hÉireann an bhliain seo chugainn.

Agus deireadh tagtha leis an gconradh a bhí idir Cumann Lúthchleas Gael agus Sky chun roinnt áirithe cluichí a chraoladh, d’fhógair CLG inniu na sonraí maidir leis an socrú nua craoltóireachta a fhágfaidh go mbeidh 38 cluiche peile agus iomána á sruthú ar an tseirbhís GAAGO.

Tá cluichí ag peileadóirí Chiarraí agus iománaithe Luimnigh, curaidh na hÉireann i mbliana, i gcraobhacha na Mumhan i measc na gcluichí a bheidh le feiceáil ar GAAGO an bhliain seo chugainn, chomh maith le dhá chluiche i mbabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann.

Bhí McElwain, arb as Muineachán ó dhúchas di ach atá anois ag cur fúithi i mBéal an Daingin i gConamara, mar láithreoir CLG Sky Sports le dhá bhliain anuas agus tá blianta fada caite aici ag obair le TG4, RTÉ agus eir Sport roimhe sin.

Ní hí an t-aon Ghaeilgeoir a bheidh mar chuid de sholáthar GAAGO agus é fógartha go mbeidh iarimreoir Chiarraí, Marc Ó Sé ar dhuine de na hanailísithe a bheidh le feiceáil ar GAAGO. D’éirigh fear Ard an Bhóthair as an imirt idirchontae in 2016 tar éis dó cúig bhonn uile-Éireann a bhuachan agus tá taithí aige a bheith ag obair sna meáin agus colún aige san Irish Mail on Sunday agus podchraoladh aige le The42.

I dteannta Uí Shé agus McElwain, beidh Michael Murphy, Tommy Walsh, Paddy Andrews, Séamus Hickey agus Eoin Cadogan agus iad ag déanamh anailíse ar na cluichí peile agus iomána. Déanfar tuilleadh den lucht anailíse, chomh maith le tráchtairí agus tuairisceoirí, a fhógairt amach anseo.

Déanfar 22 cluiche i gcomórtas Chorn Mhig Uidhir, naoi gcluiche i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh agus seacht gcluiche i gCorn Tailteann a shruthú ar GAAGO amháin.

Is féidir an 38 cluiche ar fad a fháil ar phraghas tosaigh speisialta de €59. Rachaidh an praghas suas go dtí €79 tar éis an 31 Nollaig ach beidh lascaine 10% le fáil ag baill Chumann Lúthchleas Gael.

Beidh costas €12 i gceist le cluiche amháin a cheannach nó díolfar beart thrí chluiche ar phraghas péire – €24. Deirtear go mbeidh clubanna CLG in ann pas do ghrúpa a fháil ar €150 agus cuirfear an tseirbhís ar fáil saor in aisce d’ionaid chúraim.

Deir CLG go ndéanfar clúdach iomlán, le tráchtaireacht agus anailís, ar 25 cluiche ar a laghad, ag tosú ar an 22 Aibreán, nuair a thaispeánfar trí chluiche – Tiobraid Árann nó Port Láirge in aghaidh Chiarraí i gCraobh Peile na Mumhan, Gaillimh agus Loch Garman i gCraobh Iomána Laighean agus an Cabhán i gcoinne Aontroma nó Ard Mhacha i gCraobh Peile Uladh.

Fág freagra ar 'Beirt chainteoirí Gaeilge i lár an aonaigh agus sonraí sheirbhís nua GAAGO fógartha'