Tá coiste Oireachtais chun scríobh chuig Roinn an Taoisigh le maoiniú á lorg don t-aon scoil lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste agus imní léirithe ag bunaitheoir na scoile faoina bhfuil i ndán di.
Bhí bunaitheoir Scoil na Seolta, Linda Ervine, agus a comhghleacaí ón eagraíocht Turas, Niall Plainc, os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné le cás na scoile a mhíniú agus a phlé.
Socraíodh ag an gcruinniú go scríobhfadh an Comhchoiste Oireachtais chuig Aonad an Oileáin Chomhroinnte agus Roinn an Taoisigh le hiarraidh orthu tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Scoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste.
Dúirt Ervine leis an gcoiste gurb í ceist an mhaoinithe an cheist is mó atá ag déanamh imní do lucht bainistíochta na scoile agus go bhfuil an baol ann go nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh ag soláthar na bunscolaíochta in Oirthear Bhéal Feirste ceal airgid.
“Bhí muid beo ar feadh roinnt mhaith blianta i hallaí a bhí ag séipéil ach níor fhéad muid fás agus níor fhéad muid forbairt. Anois agus na foirgnimh mhodúlacha againn tá ardú ar an spéis atáthar a chur ar fáil sa scoil.
“Ach más fúinn fás agus forbairt, caithfidh foirgneamh modúlach eile a bheith againn. Tá mé an-airdeallach mura bhfaighidh muid é sin agus mura mbíonn muid ábalta rud éigin a sholáthar dár bpáistí [tar éis Rang 2], ní bheidh an dara rogha againn ach tiontú inár ngrúpa spraoi arís,” a dúirt Ervine leis an gCoiste Oireachtais.
Dúirt sí nár mhaith léi go dtarlódh sé sin mar gheall go gceapfaí gur theip ar an scoil ar chúinsí teanga agus féiniúlachta in oirthear Bhéal Feirste agus gur insint bhréagach ar an scéal a bheadh sa mhéid sin.
“Ní rachadh an scéal amach gur mar gheall ar chúrsaí maoinithe [a dúnadh an scoil]. An scéal a bheadh ann ná nár cuireadh spéis inti, nach raibh aon duine á hiarraidh, nár chuir tuismitheoir ar bith a leanbh chuig an scoil. Mar sin, dom féin, tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann muid an deis fás agus forbairt,” a dúirt sí.
Dúirt Ervine go bhfuil plean gnó déanta amach ag lucht bainistíochta na scoile agus go bhfuil súil acu dhá fhoirgneamh mhodúlacha a bhfuil dhá sheomra ranga an ceann iontu a fháil. Dá bhfaighfí foirgneamh amháin, d’fhéadfaí oideachas a chur ar fáil suas go Rang 4, a dúirt sí, agus bialann a chur isteach do na daltaí.
“De réir mar a fhásfaidh an scoil beidh an spás mór sin ag teastáil uainn. Chosnódh an foirgneamh £317,000 (€365,000) agus leis an obair agus an trealamh, bheadh £483,000 (€556,000) i gceist. Le dhá fhoirgneamh a dhéanamh, a ligfeadh dúinn daltaí a thógáil go Rang 7 agus deireadh na bunscolaíochta, chosnódh sé sin £845,000 (€972,000).
“Is mór an méid airgid é sin domsa, agus is mór an méid é don scoil, ach aithním go mb’fhéidir nach suim mhór airgid é sin do rialtais. Ach dhéanfadh sé difríocht mhór, mar gheall ar a bhfuil ar siúl ag an scoil. An rud atá muid a dhéanamh i Turas, tá muid ag athrú na hinsinte [faoin nGaeilge in Oirthear Bhéal Feirste],” a dúirt sí.
Dúirt Ervine go gcreideann sí go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach” go gcuirtear deiseanna ar fáil i bpobail Aontachtacha an Ghaeilge a roghnú agus go mbeadh teacht ag daoine ar an teanga más í sin a mian.
“Tá muid ag feiceáil níos mó tuismitheoirí in aghaidh na bliana nár chuimhnigh riamh ar an nGaelscolaíocht mar gheall nach mbíodh sí ina gceantar. Ní raibh sí ar an radar acu agus go tobann is rogha anois í.
“Tá siad ag caint lena gcairde, lena gcomharsana agus lena muintir faoi agus sin an dóigh a bhfásann rudaí. Tá a fhios againn gur mar sin a d’fhás an Ghaelscolaíocht ar dtús agus anois tá thart fá 7,000 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann,” a dúirt sí.
Dúirt Ervine, ar Protastúnach í féin, nach “taobh Protastúnach” ná “taobh Aontachtach” de phobal na Gaeilge atá sna daoine a bhíonn ag freastal ar ranganna de chuid Turas ná ag seoladh a ngasúir chuig Scoil na Seolta ach “cuid de phobal na Gaeilge”.
“Ar ndóigh, mar gheall ar an dóigh a raibh cúrsaí i dTuaisceart Éireann, ní théadh daoine áirithe go hIarthar Bhéal Feirste. Ach tar éis dóibh teacht chugainn, b’fhéidir go mbeidís thiar ann mar is baill de phobal na Gaeilge muid.
“Ní muide an taobh Protastúnach de phobal na Gaeilge, ná ní muide an taobh Aontachtach de phobal na Gaeilge. Is cuid de phobal na Gaeilge muid, agus glacadh go fonnmhar linn,” a dúirt sí.
Is iad muintir na háite is mó a bhíonn ag freastal ar an scoil lán-Ghaeilge ar Bhóthar Montgomery, a thug Ervine le fios, agus dúirt gurbh fhearr le teaghlaigh a bhog thar sáile isteach chuig an gceantar a leanaí a sheoladh chuig scoileanna lán-Bhéarla le go sealbhódh siad an teanga sin. Mar sin féin, dúirt sí go dtagann corrdhalta ó chúlra difriúil teanga agus cultúir chun na scoileanna.
“Ní mheallann muid daoine ó na pobail nua. Tá cúis leis sin, tagann go leor acu isteach agus iad dírithe ar an mBéarla a shealbhú agus tuigim é sin. Níl an teanga [Gaeilge] chomh tábhachtach sin dóibh.
“Bhí cúpla teaghlach sa scoil ó chúlra difriúil. Níor thuig dream amháin gur scoil lán-Ghaeilge muid! Is fadhb é sin, airíonn siad go gcaithfidh siad imeascadh agus breathnaíonn siad ar an mBéarla mar rud mór tábhachtach,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur údar díomá di an ciníochas atá le brath ina cathair dhúchais le deireanas agus go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn an deis ag daoine a thagann thar sáile a dteanga agus a gcultúr féin a choinneáil. Mhaígh sí gur fearr a thuigeann na foirne i scoileanna tumoideachais an tábhacht seo.
“Sin ceann de bhuanna móra na Gaelscolaíochta – tá an-mheas againn ar chultúir agus teangacha daoine eile. Caithfidh muid dul i dteagmháil leis na pobail nua agus a rá leo go bhfuil meas againne ar theangacha agus ar a dteangacha sin.
“Tá duine nó beirt a bhfuil an Araibis ag a dtuismitheoirí agus duine eile a bhfuil an Fhraincis, an Rómáinis, an Béarla agus an Ghaeilge aige. Ach mar sin féin, ní dóigh liom go bhfuil a ndóthain daoine ag teacht isteach ó na pobail nua,” a dúirt Ervine.
Mhaígh sí go bhfuil Scoil na Seolta an-ullamh do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Dúirt sí bhfuil cuid den fhoireann tar éis céim an mháistir a bhaint amach san ábhar sin, go bhfuil daoine eile ar an bhfoireann atá néara-éagsúil iad féin, agus go bhfuil an scoil “chomh hullamh céanna le háit ar bith eile” déileáil le riachtanais na ndaltaí sin.
“Ní dóigh liom gur chóir go mbeadh riachtanas breise ina bhac ar dhaltaí freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Is dóigh liom go dteastaíonn tuilleadh infheistíochta uainn agus tuilleadh foirne uainn san earnáil sin le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt,” a dúirt sí.
Fág freagra ar '‘Beimid inár ngrúpa spraoi arís’ – imní faoi scoil lán-Ghaeilge oirthear Bhéal Feirste ceal maoinithe'