Beidh údar caithréime arís ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan san Eoraip

Agus cluichí ceathrú ceeannais Chorn na gCuradh ar siúl inniu tá seans iontach ag an dá chúige atá páirteach iontu áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais

Beidh údar caithréime arís ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan san Eoraip

Jaco Taute (Cúige Mumhan). Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Níor éirigh ach le dhá chúige ón tír seo áit a bhaint amach i gcluichí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh, cluichí a bheas á n-imirt an deireadh seachtaine seo

Foireann Chúige Laighean an chéad fhoireann acu siúd a bheas ag dul chun páirce. I Staid Aviva i gcoinne Wasps Shasana a bheas siad. Is fiú a mheabhrú go bhfuil an dá fhoireann seo ag barr an tábla ina gcuid comórtas baile féin, an Premiership i gcás Wasps agus an Pro 12 i gcás na Laighneach.

Is é seo an t-ochtú babhta ag na foirne seo casadh ar a chéile. Wasps ab fhearr a chruthaigh sa chomórtas. Bhí an lá leo ceithre bhabhta, faoi dhó in aghaidh na Laighneach, agus bhí siad cothrom faoi dhó freisin.

Tá cúpla buntáiste ag Cúige Laighean agus iad ag réiteach don choimhlint seo. Sa mbaile a bheas siad agus tá lá breise acu le réiteach dó. Is ar an Satharn seo caite a d’imir Cúige Laighean i gcoinne Caerdydd, ach is ar an Domhnach a chuir Wasps chun páirce i gcoinne Worcester, cluiche a bhuaigh siad.

Níl aon easpa tallainne idirnáisiúnta ar cheachtar den dá fhoireann sa chluiche seo ach is cinnte gur cúis imní do Leo Cullen nach bhfuil fáil aige ar Jamie Heaslip ná ar Rob Kearney, imreoirí atá gortaithe le coicís anuas. I measc na n-imreoirí a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu ar phainéal Wasps tá Marty Moore, iar-fhrapa Laighean, imreoir a bheas in ann léargas maith a thabhairt dá fhoireann nua maidir le dearcadh agus meon an fhreasúra an Satharn seo.

Tá mise ag tuar go mbeidh sárchluiche idir na foirne seo agus go mbeidh an lá, más ar éigean féin é, le fir an bhaile tar éis cluiche thar a bheith fisiciúil go deo. Cuimhnigh, tá go leor ag brath ar thoradh an chluiche seo, bród agus airgead ina measc.

Ar an Satharn freisin a bheas na Muimhnigh ag tabhairt faoi Toulouse na Fraince. D’éirigh le Toulouse an comórtas seo a bhuachan ceithre bhabhta go dtí seo. Mar sin féin is fada an lá ó bhí siad chomh caithréimeach sin sa gcomórtas Eorpach. Tá deacrachtaí acu freisin sa gcomórtas baile faoi láthair, iad i lár an tábla sa seachtú háit den Top 14. Fágann sin go bhfuil go leor ag tuar, na geallghlacadóirí ina measc, go mbeidh bua gan stró ag na Muimhnigh, foireann atá sa dara háit ar thábla an Pro 12. Chas na foirne seo ar a chéile cúig bhabhta roimhe seo. Bhí an bua faoi dhó ag Toulouse agus faoi thrí ag na Muimhnigh.

Ní dóigh go mbeidh an dearcadh sin ag foireann bainistíochta ná ag imreoirí na Mumhan. Cinnte, is buntáiste dóibh imirt sa mbaile agus tá stair agus spiorad iontach acu, mar a chruthaigh siad athuair ó bhásaigh Axel Foley. Ní hamháin sin ach tá fáil acu ar a bhfoireann céad rogha, seachas, b’fhéidir, Conor Murray. Níl sé éasca ag aon fhoireann an lámh in uachtar a fháil ar Chúige Mumhan ar Pháirc Thuamhan. Má chuireann tú deacrachtaí a bhíonn ag foirne ón bhFrainc agus iad ag imirt as baile san áireamh, is deacair gan aontú leis na geallghlacadóirí.

Fág freagra ar 'Beidh údar caithréime arís ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan san Eoraip'