Beidh séasúr na seafóide difriúil an samhradh seo

Tá an domhan trína chéile agus ní féidir brath air go mbeidh an rud céanna le rá ó mhaidin go tráthnóna ag an bhfear is cumhachtaí ar dhroim na cruinne

Beidh séasúr na seafóide difriúil an samhradh seo

Tá muid i bhfoisceacht trí seachtaine do scor na Dála agus séasúr na seafóide ó thaobh nuachta i rith an tsamhraidh. Ní bheidh polaiteoirí againne iriseoirí mar amhábhar agus beidh uaireanta an chloig á líonadh sna sceidil agus na mílte focal á scríobh faoi scéalta nach bhfuil mórán téagair iontu.

Ní hamhlaidh i mbliana ar chúpla cúis; tá an domhan trína chéile agus ní féidir brath air go mbeidh an rud céanna le rá ó mhaidin go tráthnóna ag an bhfear is cumhachtaí ar dhroim na cruinne. ‘B’fhéidir go ndéanfainn agus b’fhéidir nach ndéanfainn,’ ar sé an tseachtain seo faoin Iaráin a ionsaí. Sin an leagan amach céanna atá aige faoi na taraifí atá á mbagairt aige. Beagnach trí seachtaine atá idir muid agus an 9 Iúil, an sprioc atá leagtha amach ag Donald Trump do mhargadh trádála leis an Aontas Eorpach. An ndéanfar margadh nó an mbeidh corraíl intinne orainn ar fad faoin spealadh eacnamaíoch atá romhainn?

Níos gaire do bhaile tá muidne agus an aicme pholaitiúil gafa le criosanna brú cíosa. Tá athruithe fógartha agus bearnaí sna hathruithe céanna tugtha faoi deara. Fágadh lúb ar lár a cheadódh arduithe cíosa ar thionóntaí. Beidh cead pleanála le fáil feasta do thionóntachtaí gearrthéarmacha ar nós Airbnb ar an gcósta thiar, áiteacha nach raibh criosanna brú cíosa iontu cheana.

Thug an tAire Browne le fios freisin nach mbeidh mic léinn i dteideal leas a bhaint as na criosanna brú cíosa mar go mbeadh sé ródheacair a leithéid a riaradh. Ní mó ná sásta a bhí an tAire Ardoideachais James Lawless leis sin agus tá an bheirt James leis an gceist a phlé an tseachtain seo chugainn.

Drocham don bhliain é seo le bheith ag cur cabhair do mhic léinn le haghaidh lóistín as an áireamh. Ní bheidh Teachtaí ná Airí a bhfuil líon ard Airbnbanna ina ndáilcheantair róshásta go bhfuil brú á chur ar an tionscail turasóireachta ina gceantar. Cén t-iontas go raibh an oiread sin deifir le rith na reachtaíochta an tseachtain seo.

Tá an obair ar eitleoga an bhuiséid tosaithe an tseachtain seo freisin agus tuairiscí ann go bhfuil €12 d’ardú ar an bpinsean seanaoise á mheas. Ar ndóigh, tá an t-airgead sa státchiste faoi láthair ach le filleadh ar scéal na dtaraifí is mithid an cheist a chur – cén fhad a bheidh.

Tá neart le plé agus le hiniúchadh an samhradh seo mar sin ó thaobh nuachta. Tá toghchán uachtaránachta romhainn sa bhfómhar chomh maith agus gan aird ag éinne air, dáiríre. Ní fada ó bhíodh muid taobh le tuairimíocht faoi iarrthóirí don uachtaránacht le colúin agus tuairiscí a líonadh le linn shéasúr na seafóide.

Fág freagra ar 'Beidh séasúr na seafóide difriúil an samhradh seo'