Tháinig daltaí a thug faoin scrúdú Gaeilge sa Teastas Ginearálta sa Mheánoideachas (GCSE) an tseachtain seo amach as an ionad scrúdaithe agus “aoibh gháire orthu”, dar le múinteoir Gaeilge i mBéal Feirste.
Dúirt Ciarán Mac Murchaidh, atá ag múineadh Gaeilge i Scoil Ghramadaí Aquinas i gcathair Bhéal Feirste, go raibh sé féin agus a chuid daltaí “sásta” leis an scrúdú Gaeilge i mbliana agus go raibh gnéithe den pháipéar “foirfe”.
“D’amharc mé ar an bpáipéar scríbhneoireachta agus bhí sé foirfe. B’fhéidir ar an ábhar gur chlúdaigh mé féin na topaicí a tháinig aníos! Bhí an rogha aistí go maith, tháinig an taisteal agus laethanta saoire aníos, agus bhí obair pháirtaimseartha ann freisin – topaicí breátha furasta.
“Is topaicí iad a bheadh clúdaithe ag na páistí agus atá furasta le bheith ag déileáil leo. Chonaic mé an páipéar éisteachta fosta, níor chuala mé an téip, ach bhí mé sásta go leor leis na ceisteanna a bhí ann.
“Dúirt cuid de na daltaí go raibh an páipéar éisteachta deacair ach bheifeá ag súil leis sin fosta – caithfear a bheith in ann idirdhealú idir Grád A, Grád B, Grád A Réalta agus araile,” a dúirt Mac Murchaidh.
Bhí iníon leis féin ag tabhairt faoi na scrúduithe GCSE i mbliana freisin agus dúirt sí féin nach raibh deacracht ar bith aici leis an bpáipéar, a dúirt sé le Tuairisc. Dúirt sé gur léir dó go bhfuil “giota beag céille” ag na daoine atá ag scríobh na bpáipéar scrúduithe le cúpla bliain anuas agus go bhfuil topaicí a fheileann do na daltaí ag teacht aníos.
“Tá an páipéar léitheoireachta díreach os mo chomhair agus sílim go bhfuil sé ceart go leor. Tá an siollabas féin an-leathan, sílim go bhfuil barraíocht ann, tá muid á rá sin le blianta.
“Tá topaicí ar nós ‘na meáin shóisialta’ ann agus bíonn sé sin ceart go leor ach amháin an téarmaíocht atá i gceist. Nuair a bhí mé ag dul tríd na focail a bhaineann leis an nuatheicneolaíocht bhí focail ann nár thuig mé féin.”
Cibé daoine atá ag scríobh na bpáipéar, tá “giota beag céille acu” go háirithe le cúpla bliain anuas, a deir sé.
“Deirim leis na daltaí ‘is é do bheatha, a Mhuire’ a rá nach dtiocfaidh an teicneolaíocht ná na meáin shóisialta aníos ar an ábhar go mbíonn sé dúshlánach iad a phlé agus an téarmaíocht ar fad a thabhairt chun cuimhne.
“Bhí giota de ar scrúdú na bliana seo ach bhí an rogha ann é a sheachaint. Bhí na ceisteanna ar fad ábhartha do shaol na ndaltaí agus bhí muid ag súil leo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar '‘Aoibh gháire’ ar dhaltaí Gaeilge an GCSE'