Bronnfar dhá chorn thábhachtacha an deireadh seachtaine seo agus Craobhacha Chúige Laighean agus na Mumhan ar siúl.
Beidh Craobh Laighean ar siúl anocht sa gceanncheathrú. Ní dóigh liom go raibh mórán leantóirí a cheap go mbeadh Áth Cliath ar cheann des na foirne a bheadh ag imirt. Mar fhreasúra acu beidh ríthe an chomórtais, Cill Chainnigh a bhfuil Corn Bob O’Keefe tugtha cois Feoire acu dhá uair is seachtó.
Tugann siad faoin gcluiche seo mar rogha láidir na coitiantachta agus an ceart sin acu i ndiaidh bua iontach a bheith acu coicís ó shin i gcluiche na bliana go dtí seo i gcoinne Loch Garman.
Thaispeánadar arís nach féidir a bheith cinnte go bhfuil Cill Chainnigh cloíte, is cuma cén scór atá ann, go dtí go séidfear an fhead deiridh. Agus aonad tosaithe acu ar a bhfuil TJ Reid ina cheannaire agus beirt des na hógánaigh is fearr sa tír in éineacht leis, Eoin Cody agus Adrian Mullen, is deacair a rá nach mbeidh an bua ag na Cait.
Ach níl Áth Cliath gan seans ná gan a laochra féinig. Bhí Danny Sutcliffe ann in 2013, an uair dheireanach ar bhuaigh Áth Cliath Craobh Laighean. Tá sé ar ais ar a sheanléim mar atá Chris Crummey, Daire Grey agus fear na bpocanna saora, Dónal Burke. Bhí plean acu don Ghaillimh. Beidh plean eile ag teastáil anocht. Sea, tá seans acu ach ní dóigh liom go mbeidh siad maith go leor.
Anseo sa Mhumhain, tá Luimneach ar thóir a dtríú craobh i ndiaidh a chéile, rud is deacair a dhéanamh. Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chorcaí rinneadar a ndóthain, chruthaíodar a lán seansanna scórála ach bhíodar an-mhíchruinn.
Déarfainn go raibh iarracht de dhíomá ar John Kiely i ndiaidh an taispeántais. Ach tá painéal Luimnigh thar a bheith láidir agus seans go bhfuil mórán oibre déanta ar an pháirc traenála acu i ndiaidh an daichead a chuireadar ar fóraoil i gcoinne Chorcaí.
Maidir leis an fhreasúra, Tiobraid Árann, bhuel níleadar gan seans réasúnach ach caithfidh na cúlaithe bheith an-teann. Ní dóigh liom go mbeidh Tom Morrissey ná Gearóid Hegarty chomh ciúin amárach agus a bhíodar coicís ó shin. Ní fhéadfainn a rá go raibh na Tiobradaigh ar fheabhas sa chluiche deireanach ach rinneadar a ndóthain agus chruthaíodar chuid maith seansanna ar chúil agus chríochnaíodar trí cinn díobh.
Mar is gnáth, amárach a fheicfimid beart ach tá an nod á thabhairt agamsa do Luimneach.
Tá cluichí thar a bheith tábhachtach ar siúl inniu freisin agus anois nó riamh é ag na foirne atá ag dul chun páirce dá ‘seans deireanach’. Rinneadh an tarraingt ar an Luan agus tá an cluiche is mó a bhfuil súil leis ar siúl um thráthnóna nuair a chasfaidh An Clár agus Loch Garman ar a chéile.
Tá cuid mhaith den ‘déjà vu ag baint leis an gcluiche seo mar ní rófhada ó shin a chas na foirne céanna ar a chéile, an uair sin i mbabhta a dó des na cluichí cáilithe a bhí ar siúl i lár mhí na Samhna.
Agus mar a rinneadar sa chluiche ceathrú ceannais in 2018 is iad buachaillí an Chláir a bhuaigh agus 1-15 curtha ar chlár na scór ag Tony Kelly. Amhail formhór na gcluichí i gcoinne an Chláir, murar féidir leis na Carmannaigh Kelly a choimeád ar an ngannchuid is deacair a rá go mbuafaidh siad.
Dar ndóigh tá teannas breise de shórt ag baint leis an choimhlint seo de bharr nach bhfuil bainisteoir chontae an Chláir, Brian Lohan, rómhór lena sheanchomrádaí Davy FitzGerald, bainisteoir Loch Garman. Beag beann an dhráma na taobhlíne, a dtarlóidh ar pháirc na himeartha is tábhachtaí agus mar a deirim go minic, an lá agus an cluiche seo a chinnteoidh an toradh, mar níl a fhios agam in aon chor cé a buafaidh!
Tugann an cluiche eile seans dos na Déise a thaispeáint nach bhfuil siad chomh dona agus a bhíodar sa chéad chluiche. Bhí bua maith ag Laois seachtain ó shin ach ceapaim go gcríochnóidh a séasúr um thráthnóna.
Fág freagra ar 'Beidh sé deacair Cill Chainnigh agus Luimneach a chloí i gcluichí ceannais an deireadh seachtaine'