Beidh ríméad agus aontas an Bhóthair Bhig Dé Sathairn seo caite ar cheann de mhórscéalta rugbaí an tséasúir

Ní duine mé a dtagann tocht go minic ach chorraigh an ócáid ar fad a bhain le seastán nua Chúige Chonnacht chomh mór sin mé nach raibh san imirt ach scéal thairis

Beidh ríméad agus aontas an Bhóthair Bhig Dé Sathairn seo caite ar cheann de mhórscéalta rugbaí an tséasúir

Mura bhfuil dul amú orm tá sé tugtha suas do Chuck Berry go raibh sé ar dhuine acu siúd a cheap an roc an ról nó an ‘Raic and Roll’ mar a thugadh seanbhean ar an mbaile inar tógadh mé air. Déarfadh go leor gurbh ise a bhí ceart. Is beag é m’eolas faoi ach go bhfuil Chuck Berry ar dhuine díobh siúd a thug os comhair an domhain mhóir i dtosach é.

Bhíodh Chuck ag ‘Rocáil i mBostún, Pittsburgh PA, i gcroílár Texas agus Frisco Bay’ agus in áiteacha go leor eile ar fud Mheiriceá. Ag rocáil freisin a bheadh sé ar an mBóthar Beag i gceartlár chathair na Gaillimhe Dé Sathairn seo caite dá mbeadh sé i láthair ag oscailt an tseastáin nua ansiúd sular thug foirne rugbaí Chonnacht agus Laighean aghaidh ar a chéile i sraith an URC.

Ní duine mé a dtagann tocht go minic air, ach caithfidh mé a admháil gur chorraigh an ócáid ar fad mé chomh mór sin nach raibh san imirt ach scéal thairis faoin am ar thosaigh sin.

Bhí an ceol chomh bladhmannach sin go n-iarrfadh Chuck féin an fhuaim a chasadh síos, ach é a bheith i láthair. Chuile chúpla nóiméad bhí lasracha ag scairdeadh amach as na tinte gáis sin a bhíonn timpeall na páirce.

Is ar James Heaslip a bhíonn cúram an mhicreafóin ar an mBóthar Beag. Mar atá a fhios ag aon duine a leag cos san áit ariamh, níl sé deacair sceitimíní a chur ar James. Bheadh iontas orm mura raibh otharcharr ar fuireachas Dé Sathairn seo caite ar fhaitíos go bpléascfadh sé artaire, ní áirím féith.

Lena cheart a thabhairt dó, bhí sé thar barr. Ag drannadh le huair na cinniúna d’ísligh an ceol agus na soilse, d’fhan na tinte gáis múchta agus craoladh dhá nóiméad d’fhíseán a chuir ola ar a gcroíthe siúd ar dhíbir Cromail a sinsear.

In airde staighre sa seastán a bhí oscailte go hoifigiúil aici cúpla uair an chloig roimhe sin, bhí Uachtarán na hÉireann, a Soilse Catherine Connolly. I bhfianaise a cumais ag plé leis an sliotar agus an chaid chiorclach le linn an fheachtais stocaireachta, má bhí sí leath chomh splanctha agus a bhí mise, déarfainn go raibh cathú uirthi an bhróg a thabhairt don liathróid atá ar chruth na huibhe freisin.

Lá arna mhárach agus mé suite i bPáirc an Phiarsaigh ag an gcluiche sa tSraith Náisiúnta Peile idir Gaillimh agus Maigh Eo, bhí lucht leanta na gcontaetha sin in árach agus in adharca a chéile, mar is dual dóibh – cuid acu níos cancraí ná a chéile. Ar mo chúl bhí fear as ceann de na contaetha sin a chaith formhór na himeartha ina sheasamh ag caitheamh tarcaisní leo siúd as an gcontae eile. Dá sínfí méirín fhliuch chuige níorbh fhada go mbeadh a sheaicéad ar an talamh, déarfainn.

Mheabhraigh sin físeán an Bhóthair Bhig dom agus an chaoi a raibh chuile Chonnachtach ansiúd aontaithe le chéile, agus bhíodar i mo thimpeall arbh as na cúig chontae iad.

Cúis amháin atá leis an aontas is ea gur le deireanas a tháinig sé chun cinn go raibh deis ag muintir Chonnacht fré chéile tacú le foireann rugbaí a sheas dá gcúige. Is mór freisin mar chúnamh nach bhfuil stair na dian-iomaíochta idir comharsana ag baint leis an rugbaí san iarthar, mar atá leis na Cluichí Gaelacha.

Nuair a bhí an lá ann go mba í an iomaíocht idirchlubanna an ceann ba thábhachtaí i saol rugbaí na hÉireann is cinnte nach raibh ach aon fhoireann amháin i mbailte Chonnacht cé is moite de chathair na Gaillimhe. Níorbh ionann cás i gCúige Mumhan, go háirithe, ná go deimhin do Chúige Laighean agus níl aon chall dul i bhfad scéil leis an leagan amach a bhí ó thuaidh.

Ba iad clubanna Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh a bhí ina gceann feadhna sna cúigí lenar bhaineadar siúd. Is le blianta beaga a thosaigh siad siúd taobh amuigh den Pháil ag ceannacht geansaithe gorma Laighean, a líon ag fás agus ag scaipeadh leis an rath a bhí ar an gcúige le blianta beaga.

Tabhair faoi deara nach cosúil go bhfuileadar siúd a bhfuil cónaí orthu i gcathracha na Mumhan chomh sásta, aontaithe agus a bhíodar agus iadsan i mbarr a réime.

I gcathracha Chorcaí agus Luimnigh a d’fhás fréamhacha an rugbaí ó dheas agus ní inniu ná inné a thosaigh an t-easaontas eatarthu siúd atá sáite sa gcluiche sna cathracha sin.

Tá an deighilt chéanna chomh sean leis an gceo – muintir Luimnigh ag maíomh riamh anall go mba é an rugbaí cluiche na cosmhuintire ina gcathair féin agus nach raibh á imirt i gCorcaigh ach an uasalaicme. Cuid den dream cois Laoi a chreid go mba ruifínigh agus amhais a bhí ag plé leis cois Sionainne.

An tseachtain seo caite go deireadh a chonaic mé ráite é ag an iriseoir rugbaí Hugh Farrelly ar an suíomh extra.ie go bhfuil laghdú mór tagtha le gairid ar an líon lucht féachana a thaistealaíonn as Corcaigh go Páirc Thuamhan nuair a bhíonn cluichí ansiúd. Ar ndóigh bhí go leor díobh míshásta ar aon nós nuair a socraíodh ceannáras Rugbaí na Mumhan a lonnú i Luimneach.

Deir Farrelly go gcreideann sé bhfuil plé neamhoifigiúil agus caint go leor á déanamh i gCorcaigh ar iarratas foireann a cheadú a sheasfadh don chathair sin aisti féin – feachtas a bhfuil dlús anois leis ós rud é nach mbeidh Cúige Mumhan i gCorn na Seaimpíní an séasúr seo chugainn. Cuir leis sin nuair a bhreathnaíonn tú ar shuíomh idirlín an chlub agus nuair a thagann tú go dtí an leathanach a bhfuil an dá scór imreoirí atá ar an bpainéal sinsearach, tabharfaidh tú faoi deara gur triúr déag Corcaíoch atá liostaithe agus seisear as Luimneach.

Agus gan caite ach mí den bhliain seo is féidir a rá go cinnte cheana féin go mbeidh ríméad agus aontas an Bhóthair Bhig ar cheann de mhórscéalta rugbaí an tséasúir. Tharlódh imní agus easaontas an Deiscirt a bheith ar cheann eile.

Nach ait an mac an saol.

Fág freagra ar 'Beidh ríméad agus aontas an Bhóthair Bhig Dé Sathairn seo caite ar cheann de mhórscéalta rugbaí an tséasúir'