Beidh fuar ag Tír Eoghain más ag brath ar a bheith ag imirt sa mbaile atá siad

Casfaidh Dún na nGall agus Ros Comáin ar a chéile i bPáirc de hÍde tráthnóna ach is é cuairt Átha Cliath ar Ómaigh cluiche mór an lae

Beidh fuar ag Tír Eoghain más ag brath ar a bheith ag imirt sa mbaile atá siad

Fir Thír Eoghain, Mattie Donnelly agus Michael McKernan, ag iarraidh stop a chur le Kevin McManamon Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/Philip Magowan

Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc Uí Éilí, 7pm

Cé go raibh ar pheileadóirí Átha Cliath an bóthar a bhualadh cúpla uair i gCraobh Laighean le bliain nó dhó anuas, is é cluiche na hoíche anocht an chéad uair go bhfeicfear fir Jim Gavin as baile i gcoinne ceann de na boic mhóra sa chraobh.

Níor cheart go mbeadh Tír Eoghain ag brath rómhór ar an mbuntáiste a bhaineann le bheith ag imirt sa bhaile áfach. Cinnte, bíonn buntáiste ag Áth Cliath nuair a bhíonn siad i bPáirc an Chrócaigh ach ní hé go dtiteann an tóin astu nuair go mbíonn orthu dul ag taisteal.

Thug Ceatharlach a ndúshlán i bPáirc Uí Chuilinn anuraidh ach fós, chuir Áth Cliath de dhroim seoil iad. Ó thús ré Jim Gavin, níl ach trí chluiche as baile caillte acu, ceann in aghaidh Chorcaí, ceann in aghaidh Chiarraí agus ceann in aghaidh Dhoire.

Beidh cur chuige Thír Eoghain i gcluiche na hoíche anocht suimiúil. Bhuail siad slad ar Ros Comáin an tseachtain seo caite, 4-24 i gcoinne 2-12, agus bhuaigh siad go bog ar Chorcaigh agus ar Cheatharlach roimhe sin. Is mór an difir atá idir na foirne sin agus Áth Cliath, ach seans go mbeadh Mickey Harte níos fearr as iarraidh a thabhairt orthu seachas titim siar.

Bhain Tír Eoghain úsáid as a gcóras cosantach i gcoinne Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus chliseadar ar fad. Agus fios acu nach é deireadh an domhain é má chailleann siad anocht, tá Harte in ann beagáinín níos mó saoirse a thabhairt dá chuid imreoirí, más sin atá uaidh.

Is cuma má tá an plean is fearr ar domhan agat áfach, níl sé éasca Áth Cliath a bhualadh.

Cé gur bhuaigh siad i gcoinne Dhún na nGall an tseachtain seo caite, ní raibh siad gan locht. Bhí Con O’Callaghan, Ciarán Kilkenny agus Paul Mannion uilig ciúin go maith. Shamhlófá nach dtarlóidh sé sin arís anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Michael Murphy (Dún na nGall) agus Fintan Cregg (Ros Comáin). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ros Comáin v Dún na nGall – Páirc de hÍde, 5pm

Níl ann ach breith nó fág d’imreoirí Dhún na nGall agus Ros Comáin inniu. Agus an chéad chluiche de chomórtas an tSár-Ochtair caillte ag an bpéire acu, má chailleann siad arís tráthnóna ní bheidh siad in ann babhtaí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach.

Cé gur chaill an dá fhoireann Dé Sathairn seo caite, thug siad taispeántais an-éagsúil lena chéile uathu.

Rinne Dún na nGall go maith i gcoinne Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh. Cé nach raibh an chuma riamh ar na Conallaigh go raibh siad chun an cluiche a bhuachan, níor ghéill siad ag aon phointe agus rinneadar go maith chun an bhearna a laghdú tar éis do Niall Scully an dara cúl a aimsiú ag tús an dara leath.

Ar an lámh eile, bhí Ros Comáin go hainnis i gcoinne Thír Eoghain. Bhí cuma soineanta orthu agus iad ag ligean do na hUltaigh briseadh tríd arís agus arís eile.

Ar a laghad, ní bheidh siad ag imirt Pháirc mhór an Chrócaigh tráthnóna, ach fós ba cheart go mbeadh Dún na nGall rómhaith dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Beidh fuar ag Tír Eoghain más ag brath ar a bheith ag imirt sa mbaile atá siad'