Beidh Éire ina gcuraidh ar an gComórtas Sé Náisiún inniu

Ní bheidh glacadh le haon toradh eile ach bua d’Éirinn i Staid an Aviva inniu 

Beidh Éire ina gcuraidh ar an gComórtas Sé Náisiún inniu

Bímis ionraic, caithfear a admháil go raibh an bua sin tuillte ag na Sasanaigh an Satharn seo caite. Thug siad an sean-imirt fhisiciúil sin a bhíodh acu i gcónaí chun páirce agus in ainneoin go raibh seisear tosaithe i measc ionadaithe na hÉireann, bhuaigh foireann Shasana an cath sa bpaca.

B’in sa deireadh a thug ardán do Marcus Smith preabchúl a aimsiú, rud a thug bua le pointe amháin dóibh.

Níl aon dabht ann ach go raibh seans againn an bua a sciobadh ach chinntigh an brú damanta a bhí ag teacht ó na Sasanaigh go ndearna Conor Murray botún neamhghnách nuair a chinn sé an liathróid a chur amach as an imirt seachas greim a choinneáil uirthi i measc na dtosaithe agus gan ach nóiméad go leith fós le himirt.

Thug an cinneadh sin síneadh amach agus ardán ionsaithe do na Sasanaigh agus is as sin a tháinig preabchúl Smith.

Sea, d’fhan Sasana sa gcath agus fuair siad toradh dá réir. Chuir siad stop lenár n-iarracht greim a fháil ar an Grand Slam don dara bliain as a chéile.

Seans gur leor sin mar thoradh ar chomórtas na bliana seo do na Sasanaigh.

Mar sin féin, níl rás s’againne rite fós! Má éiríonn linn pointe amháin a fháil inniu i gcoinne na hAlban i Staid Aviva is muide a bheas mar churaidh ar chomórtas Sé Náisiún na bliana seo.

Níl cúis ar bith nach dtarlódh sé sin. Bhí Albain an-lag, mí-éifeachtach agus mí-eagraithe agus iad sa Róimh seachtain ó shin. Ní haon ábhar iontais gur éirigh leis an Iodáil an lámh in uachtar a fháil, bua, dála an scéil, a chuir gliondar ar chuile dhuine seachas ar mhuintir na hAlban.

Níl aon athrú déanta ag Andy Farrell don chluiche seo, tá an cúigear déag céanna a thosaigh i gcoinne Shasana ag dul chun páirce arís inniu. Tá Garry Ringrose ar an mbinse, é ag déanamh an bhealaigh ar ais ó ghortú, chomh maith le Harry Byrne. Seans gur leis an bpainéal triúr is fiche a threisiú a rinneadh an t-athrú sin.

Feicfidh muid linn.

Tá mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile sa gcoimhlint seo inniu. Go deimhin ní féidir bua le pointe bónais a chur as an áireamh, ach is leor bua.

Creid uaim é ní bheidh glacadh le haon toradh eile i Staid Aviva ná ar fud na tíre ach oiread.

Tá mise cinnte gur muide a bheas mar churaidh sa gComórtas Sé Náisiún i mbliana ach a gcríochnóidh an cluiche seo.

Nach iontach an toradh é sin ag deireadh aon chomórtas?

Dála an scéil, beidh dhá chluiche suimiúla á n-imirt inniu. Tabharfaidh an Iodáil cuairt ar Caerdydd le tabhairt faoin mBreatain Bheag, sa gcomórtas don spúnóg adhmaid. Is deacair toradh sa gcluiche seo a thuar ach is fiú a rá go mbeidh na Breatnaigh náirithe go hiomlán má theipeann orthu bua a aimsiú i gceann ar bith de na cúig chluiche.

Níos deireanaí inniu tabharfaidh Sasana faoin bhFrainc thall sa bhFrainc agus iad ag iarraidh cur leis an mbua sin a bhí acu orainne. Beidh le feiceáil an cluiche, nó cur chuige aonraic chun stop a chur le borradh na hÉireann, a bhí sa gcluiche i Twickenham, nó an bhfuil na deacrachtaí a bhí ag Sasana sáraithe ar deireadh.

Fág freagra ar 'Beidh Éire ina gcuraidh ar an gComórtas Sé Náisiún inniu'