Beidh daoine i gcónaí ann a ólfaidh an Kool Aid go fonnmhar ar son na cúise

Nach ait an fhealsúnacht í ag dream daoine ‘beannaithe’ sceon agus smacht a bhualadh isteach i gcloigne daoine atá siad ag iarraidh a mhealladh ina dtreo?

Beidh daoine i gcónaí ann a ólfaidh an Kool Aid go fonnmhar ar son na cúise

The Last Judgement (1431) le Angelico Giovanni da Fiesole; Fra Angelico, CC BY-SA 4.0, Wikimedia Commons

Is mór an trua a leithéid.

Samhlaigh a bheith ag éisteacht le háiféis gan dealramh ó bhí tú sínte siar id chliabhán.

Na daoine is mó ar chóir dóibh a bheith a déanamh do leasa, do thuismitheoirí ag cur raiméise siar síos id scornach agus tú id leanbhín beag óg, go hiomlán faoina smacht.

Raiméis a dhéanfaidh mairtíreach, gan trácht ar staicín áiféise, díot os comhair an tsaoil.

Ní hamháin san ach achrann is easaontas a chothú ionat nuair nach ngéilltear dod thuairimí-se amháin. Cé air a bhféadfainn a bheith ag caint? arsa tusa.

Sin í an cheist….ach is leor nod don eolach.

Cloisimid go leor scéalta mar gheall ar chultais reiligiúnacha ar fuaid an domhain mhóir.

Tá máchail éigin orthu, a líonmhaire is atá siad, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus b’fhéidir gurb iadsan is mó a gcloisimid mar gheall orthu. Na sluaite a’ slogadh teoiricí gan dealramh a thabharfaidh slán iad, agus iadsan amháin, ach a lámh a chur go domhain ina bpóca dá dtreoraithe diaganta.

Tá clú is cáil fós ar an gceannaire ‘beannaithe’ Jim Jones ó na seachtóidí, an Meiriceánach mire a mheall a lucht leanúna le lámh a chur ina mbás féin ar son na cúise. Fuair breis is naoi gcéad duine díobh bás, fearaibh, mnáibh is leanaí, nuair a d’óladar deoch nimhe agus iad i dteannta le chéile i bhforaois sa Ghuáin i Meiriceá Theas.

Iad go hiomlán fé smacht gealt a bhí suas dtína dhá chluais i ndrugaí siabhraigine a fhág glan scuabtha as a mheabhair é fhéin. D’ól na hamadáin shaonta an Kool Aid go fonnmhar ar son na cúise.

Tá an-chumhacht agus an-saibhreas ag na Críostaithe Soiscéalacha seo sna Stáit Aontaithe. Iad suite meáite greim daingean a choimeád ar aon ‘dul chun cinn’ atá déanta acu maidir le dlíthe a bhaineann le smacht a choinneáil ar aon ní a bhaineann le srian a chur le saoirse an duine. Ag éirí thiar as an dTrúmpaire Oráisteach fhaid is atá sé sásta seasamh leo agus cumhacht a thabhairt dóibh.

Agus tá a fhios ag an saol mór chomh beannaithe is atá an fear san ina iompar pearsanta. Chomh díreach macánta is bhí sé i mbriathar is i ngníomh siar amach. Chomh fírinneach is atá gach focal dá dtagann as a bhéal.

Tadhg an dá thaobhachas ar fad atá ar siúl ag na Críostaithe Soiscéalacha seo a sheasann leis an dTrúmpaire. Agus ní baol go bhfuil dearbhphrionsabal a gcreidimh ag cur aon mhairg airsean ná seanmóireacht ar thinte ifrinn ag baint codladh na hoíche de.

Is do na daoine gan chumas gan chumhacht na rialacha diana a leanúint.

Baineadh tinte ifrinn codladh na hoíche díobhsan. Má tá siad díchéillí a ndóthain rialacha mar sin a shlogadh gan cheist.

Nach ait an fhealsúnacht í ag dream daoine ‘beannaithe’ sceon agus smacht a bhualadh isteach i gcloigne daoine atá siad ag iarraidh a mhealladh ina dtreo?

Ní cás dúinne a bheith ag caint.

Deineadh tréan-iarracht múnlú inchinne a dhéanamh orainn fhéin sa tírín beag beannaithe seo leis agus ní rófhada ó shin in aon chor é.

Bhí ár ndíograiseoirí Soiscéalaíochta fhéin ag baile againn. Is cuimhin le cuid againn scéalta a chloisint ónár muintir mar gheall ar na Bráithre Beannaithe ó Ord an tSlánaitheora as Luimneach a thagadh go Corca Dhuibhne le linn an Charghais – bráithre is sagairt a chuir sceoin i gcroíthe na gcréatúirí bochta dearóile a bhí ag éisteacht leo, i bhfocail eile, is go hifreann a raghaidh gach éinne agaibh.

Ach ní hé gach éinne a bhí cloíte ag bréithre sceonmhara na mbráthar

Ba é an breithiúnas a thug fear deisbhéalach amháin, tar éis dó bheith ag éisteacht le seanmóin theasaí i Sáipéal na Carraige.

“Más fíor an fear istigh,” ar sé “beidh fuílleach scóip anairde!”

Fág freagra ar 'Beidh daoine i gcónaí ann a ólfaidh an Kool Aid go fonnmhar ar son na cúise'

  • Tash

    Tá an saigheas “smacht-intinne” seo i bhfad níos forleithne ná na samplaí a thugann tú duinn anseo.
    Ceard fé lucht leanúna Graham Hancock (agus a leithéad), mar shampla, a chreideann go smíor gurb iad ‘eachtráin ársa’ a chum Stonehenge agus na Pirimidi agus nach mór gach aon foirgnimh ársa eile ar Domhain?
    Fiú i stair politiúla na tíre seo? Ceard fé lucht leanúna Dev (agus Collins freisin)? Ná fuil tréithe cultas ann freisin? (Gan focal a rá fé cultas na n-easpag agus na bpápaí is araile).

  • jpmorley0@gmail.com

    Daoine áirithe a bhí pras go maith leis chun greann dubh a bhaint as an gcúram ar fad. Féach mar shampla an ghearrchaint seo leanas ó bhean faoi chomharsain léi ach a gcuala sí go raibh a chrúibíní in airde:
    “Mura bhfuil súd ag an ndiabhal níl aon Dia ann!”