Beidh crainn ag scaipeadh níos gasta amach anseo de bharr an téimh dhomhanda

NOD DON EOLAÍ: Léirigh taighde nua go mbíonn crainn ag fás cúig uaire níos gasta in áiteanna a raibh an teocht thart ar 26o C i gcomparáid leis an áit ina raibh an teocht thart ar 18o C ar an meán

Beidh crainn ag scaipeadh níos gasta amach anseo de bharr an téimh dhomhanda

Scaipeann crainn sna páirceanna agus sna cuibhrinn mura gcuirtear ruaig orthu. Fásann an crann beithe agus an crann sailí i gcuibhrinn na hÉireann mura mbaintear an féar go rialta. Chun fáil amach cad é an tionchar a bheas ag an téamh domhanda ar scaipeadh na gcrann, rinne beirt taighdeoirí as Ollscoil Texas anailís ar na gníomhartha a mbíonn tionchar acu ar scaipeadh na gcrann. De réir a dtuairisce a foilsíodh ar na mallaibh in Proceedings of the National Academy of Sciences of the USA, tá teocht an tsamhraidh níos tábhachtaí ná rud ar bith eile. Dá bharr sin meastar go mbeidh crainn ag scaipeadh níos gaiste de réir mar a ardaíonn teocht an domhain amach anseo.

Sular tháinig an duine go hÉirinn bhí cuid mhór den tír clúdaithe le crainn. Nuair a chuaigh ár sinsir i mbun na feirmeoireachta lagaíodh na crainn agus de réir a chéile tógadh cuibhrinn ar fud an oileáin.

Tá a fhios ag an saol mura mbaintear an féar nó mura mbíonn beithígh ag innilt sna cuibhrinn, go dtagann na crainn ar ais go tapa. Chítear é seo go minic thart ar thithe tréigthe sa tír seo. Bíonn na crainn ag fás thart ar an fhoirgneamh agus ní fada go mbíonn sé clúdaithe ar fad ag na crainn.

Crainn amhail an bheith a fhásann ar dtús. Scaipeann na síolta beaga ar an ghaoth. Ní bhíonn an teach bliain amháin féin tréigthe nuair a bhíonn an bheith ag fás ann. De réir a chéile fásann crainn eile: tagann an fhuinseog ar dtús agus roinnt blianta ina dhiaidh sin beidh an crann darach ag fás ann.

Tagann speicis éagsúla crann chun cinn i ndiaidh a chéile. Bíonn an comharbas crann seo le feiceáil áit ar bith ar fud an domhain ina mbíodh crainn ag fás sular leagadh iad. Tugtar comharbas tánaisteach air.

Tuigtear go mbíonn comharbas tánaisteach ag dul ar aghaidh níos gasta sa teochrios ná mar a bhíonn sa chrios measartha. Tarlaíonn sé an-ghasta sna háiteanna ina mbíodh foraoisí trópaiceacha ann tráth.

Chun a fháil amach cad é a rialaíonn cé chomh gasta agus a tharlaíonn an comharbas tánaisteach seo, rinneadh turgnaimh inar cuireadh síolta crann in áiteanna difriúla a raibh tréithe éagsúla ag baint leo.

Fuarthas amach go raibh teocht an tsamhraidh, an séasúr ina mbíonn na crainn ag fás, níos tábhachtaí ná toisc ar bith eile. Bhí sé níos tábhachtaí ná an chré, an aeráid, an suíomh, an méid nítrigine a bhí ar fáil ná aon éagsúlacht speiceas eile.

Bhí crainn ag fás cúig uaire níos gasta in áiteanna a raibh an teocht thart ar 26o C i gcomparáid leis an suíomh ina raibh an teocht thart ar 18o C ar an meán. Bailíodh cúig uaire níos mó bithmhaise sna crainn a bhí ag fás sna suíomhanna ina raibh teocht sa samhradh thart ar 26o C ar an meán i gcomparáid leis na háiteanna ina raibh an teocht thart ar 18o C ar an meán.

Bhain na torthaí sin stad as na taighdeoirí. Cé gur shíl siad go mbeadh an teocht tábhachtach, shíl siad go mbeadh an éagsúlacht plandaí eile a bheadh ag fás i measc na gcrann níos tábhachtaí ná cúis ar bith eile. Bhí tionchar ag éagsúlacht na bplandaí ar an chomharbas tánaisteach, ach bhí tionchar níos mó ag an teocht ar fhás na gcrann.

Meastar go mbeidh an mheánteocht dhomhanda ag ardú sa chéad bliain seo amach romhainn. Dá bharr sin, beidh comharbas tánaisteach ag dul ar aghaidh níos gasta agus síltear go mbeidh crainn ag scaipeadh amach níos tapúla fosta. Ná déan dearmad do chuid féir a bhaint!

Fág freagra ar 'Beidh crainn ag scaipeadh níos gasta amach anseo de bharr an téimh dhomhanda'