Beidh an citeal fiuchta fós i mBaile Átha Cliath d’Orest na hÚcráine

Ní raibh drogall ar bith ar Orest seasamh isteach sa ghrianghraf. Ansin sheas cara eile leis isteach agus an-fháilte acu rompu féin. Tuige nach mbeadh, a deir tú agus iad ag glacadh páirt i gCraobhchomórtas Eorpach Chlub na mBád Dragan. Bhí 90 club agus padlálaithe as 20 tír éagsúil ag glacadh páirt ann agus cúpla […]

Beidh an citeal fiuchta fós i mBaile Átha Cliath d’Orest na hÚcráine

Ní raibh drogall ar bith ar Orest seasamh isteach sa ghrianghraf. Ansin sheas cara eile leis isteach agus an-fháilte acu rompu féin. Tuige nach mbeadh, a deir tú agus iad ag glacadh páirt i gCraobhchomórtas Eorpach Chlub na mBád Dragan.

Bhí 90 club agus padlálaithe as 20 tír éagsúil ag glacadh páirt ann agus cúpla míle duine ar an láthair gach lá.

Ach an rud a a tharraing ár n-aird ar Orest ná dathanna na hÚcráine agus ainm na cathrach ‘Lviv’ ag fógairt cá as a dtáinig sé.

‘Tá cúrsaí réasúnta go leor i Lviv faoi láthair,’ a d’inis sé dúinn nuair a d’fhiafraigh muid de cén sórt saoil a bhí acu anois. Ach ansin dúirt sé go gcloiseann siad an ‘aláram’ buamála faoi dhó nó faoi thrí chuile oíche. Agus de réir na dtuairiscí nuachtán ní thagann siad slán ón mbuamáil chuile oíche.

Is deacair a chreidiúint go bhfuilim ag déanamh cur síos mar seo ar an Úcráin sa mbliain 2023. An uair dheireanach a casadh ar a chéile muidne agus foireann as an tír sin bhíodar ag teacht sa mbealach orainn agus muid ag dul amach ar an gcúrsa ar an Loch i Divonne Les Bains na Fraince.

Ba bheag a cheapamar an uair sin go mbeadh na daoine céanna sáite i gcogadh fuilteach ceithre nó cúig bliana ina dhiaidh sin.

D’inis Orest dúinn go raibh ocht gcinn d’fhoirne bád dragan istigh sa gcomórtas acu.

‘Agus cén chaoi ar tháinig sibh as Lviv go dtí an láthair seo?’ a d’fhiafraigh muid. Bhíomar uilig ag glacadh páirt sa gCraobhchomórtas arís – ach an babhta seo bhíomar i Ravenna na hIodáile.

Ar eitil siad?

‘Ó níor thángamar ar eitleán ná baol air,’ dúirt sé. ‘Thugamar busanna agus veaineanna linn agus thiomáineamar an bealach ar fad as an Úcráin. Bheadh orainn dul isteach chuig an Pholainn le heitleán a fháil agus bheadh an iomarca stró ag baint leis sin,’ a dúirt sé.

Bíonn stró ag baint leis na comórtais seo ar chuma ar bith. Bhí a fhios againn féin é sin. Ón uair a chinneamar dhá chriú báid a chur isteach thar ceann ár gclub, na Plurabelle Paddlers, bhí ualach oibre le déanamh ag na daoine a bhí i mbun riaradh na hoibre.

Páipéarachas, foirmeacha, óstáin, taisteal, roghnú foirne – ní bhíonn deireadh leis ariamh, ceapann tú agus tú ina bhun.

Agus ansin, mar bharr ar an donas, b’éigean dúinn ár n-aird a dhíriú ar na foirmeacha a bhaineann le cúrsaí drugaí. Toisc gur comórtas idirnáisiúnta é agus gur spórt oifigiúil í an bhádóireacht dragan, bíonn ar na rannpháirtithe a fhógairt nach bhfuil aon cheo á thógáil acu a bhrisfeadh dlí na ndrugaí sa spórt.

Chuige sin bíonn orthu sin atá ar chúrsa leighis, mar shampla, litir a fháil óna ndochtúir ag rá go bhfuil an cúrsa leighis ag teastáil mar gheall ar shláinte an té sin.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sásamh as an gcaoi ar bhreathnaigh an poitigéir agus a chuid custaiméirí orm nuair a thug mé liosta na ndrugaí coiscthe dó agus d’fhiafraigh mé de an raibh aon cheann acu sin ar mo liosta féin.

‘Tá a fhios agat,’ dúirt mé le héinne a bhí ag éisteacht, ‘d’fhéadfadh ‘random drug testing’ a bheith acu ag na comórtais spóirt seo. Caithfimid a thaispeáint nach bhfuil tada as bealach déanta againn.’

Ach mar a mhínigh mé do na cailíní a bhí ag obair ar an gcuntar ‘deli’ tamall ina dhiaidh sin, agus mé ag ceannach díol lóin don eitilt, ina chatagóir féin a bhíonn gach duine ag iomaíocht. Mar sin, d’fhéadfadh muide a bheith ag spochadh as fir na hUngáire nó ag malartú léinte le foirne óga na Moldóive, ach i ndeireadh báire is inár gcatagóir féin a bhíonn muid ag glacadh páirte.

Bíonn daoine as chuile aoisghrúpa i láthair ag na comórtais. Is deas an rud é déagóirí a fheiceáil ag glacadh páirte agus ag castáil le foirne ó thíortha mórthimpeall na hEorpa. Ach ní bhíonn ár leithéidí ariamh ar an uisce in éindí leo – beidh na Plurabelle Paddlers ag rásaíocht in aghaidh mná san aoisghrúpa céanna linn féin.

An chéad mhaidin tar éis turas fada an lá roimhe sin, bhíomar ar an uisce breá luath. D’fhágamar an t-óstán ag a leathuair tar éis a seacht agus ba ghearr ina dhiaidh sin go rabhamar ar an uisce inár lána féin. Dhá mhíle méadar a bhí le déanamh againn an mhaidin sin – ar a laghad ní raibh an teas mór ann ag a hocht ach ní raibh sé i bhfad ag teacht.

D’éirigh linn an tríú háit a bhaint amach agus bonn cré-umha a thabhairt linn. Bhíomar istigh in aghaidh foirne nach raibh aon tinneas ná tada eile ag baint leo, ach go rabhamar san aoisghrúpa céanna.

Bhí foireann eile againn a bhí i gcatagóir na gclubanna ailse chíche. Ach bhíodar istigh in aghaidh foirne láidre ó thíortha ar fud na hEorpa. Ba thógáil croí agus ardú meanman é do na baill eile a bhí ag tacú leo, nuair a chrochadar leo bonn óir agus bonn airgid i rásaí an 200 agus 500 méadar. Dúirt siad linn gurb é an chéad uair ó bunaíodh iad ar bhuaigh na Plurabelles Paddlers bonn óir i gcomórtas idirnáisiúnta mar sin. Nach deas an bronntanas é sin le thabhairt abhaile ón tréimhse thar lear!

Níor casadh na hÚcránaigh orm ina dhiaidh sin ach thug cara liom ainm agus dintiúirí na heagraíochta caradais Éire/Úcráin dóibh.

B’fhéidir go bhfeicfidh muid Orest agus a fhoireann ag padláil in aice linn lá éigin ar Dhuga na Canálach Móire. Agus beidh an citeal fiuchta don tae ina dhiaidh, a Orest.

Fág freagra ar 'Beidh an citeal fiuchta fós i mBaile Átha Cliath d’Orest na hÚcráine'