Beidh a ndóthain cúraim ar Dhún na nGall a gcosa a bhreith leo tirim as Bealach Féich

Beidh foirne as Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht ag imirt i mbabhta na ngrúpaí de chraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo

Beidh a ndóthain cúraim ar Dhún na nGall a gcosa a bhreith leo tirim as Bealach Féich

Jim McGuinness agus Daire Ó Baoill

Bunaithe ar a bhfuil feicthe go dtí seo sa chraobh againn, is deacair dom a shamhlú go bhféadfadh Dún na nGall craobh na hÉireann a bhreith leo i ndeireadh mhí Iúil. Ainneoin an dóchas is an misneach atá ag brúchtaíl is ag borradh i bpobal Dhún na na nGall le seachtainí beaga anuas n’fheadar an bhfuil a ndintiúirí tástáilte i gceart go fóill.

Ba cheart go dtiocfadh an tástáil sin i mBealach Féich tráthnóna in aghaidh Thír Eoghain. Bhíos i láthair an dtaca seo anuraidh nuair a bhuaigh Tír Eoghain go neafaiseach ar na Conallaigh i mBealach Féich ach ní fiú comparáid a dhéanamh idir an bhuíon imreoirí a d’imir an uair úd agus a mbeidh romhainn inniu. Bhí Dún na nGall in ísle brí ceart ag an am, iad ag feitheamh leis an lá go dtiocfadh a slánaitheoir, Jim McGuinness, thar n-ais agus ní raibh aon speach in aon chor iontu. Tá an athghabháil agus an athmhúscailt ar sprid Dhún na nGall tosnaithe le tamall agus ba cheart go mbeadh san le feiscint sna hardáin is na seastáin i bPáirc Mhic Cumhaill tráthnóna.

Bhí sé le feiscint mí ó shin i bPáirc na gCeilteach i nDoire nuair a tháinig Dún na nGall le tréaniarracht in am breise agus ba iad na pointí a fuair Niall O’Donnell agus Patrick McBrearty an difríocht idir na foirne an uair úd. Caithfear cuimhneamh chomh maith, go raibh Shaun Patton in easnamh ar Dhún na nGall agus go n-athraíonn múnla imeartha na gConallach nuair a bhíonn sé ar an bpáirc.

Níl aon chluiche craoibhe imeartha ag Tír Eoghain ón dtreascairt sin ceithre seachtaine ó shin agus tá craobh Uladh buaite idir an dá linn ag Dún na nGall.

Caithfidh gur fiú rud éigin do Dhún na nGall a gcath in aghaidh Ard Mhacha i gCluain Eois, cath a chríochnaigh le dráma na gciceanna éirice. Tá an bhéim á leagadh sa choicíos ó shin i leith ar laigí agus ar easnaimh Ard Mhacha sa ghleo ach b’fhéidir nach dtugann san an t-aitheantas agus an urraim atá dlite do Dhún na nGall. Bhí Ard Mhacha ceithre phointe chun tosaigh trí bhabhta difriúil le linn na himeartha ach choinnigh fir Jim McGuinness a ngreim, d’fhanadar inti nuair a bhí an taoide casta ina gcoinne agus thángadar tríd.

Is fiú aon ní a leithéid sin de bhua. Ag 0-13 le 0-9 ba dheacair duit a shamhlú go bhféadfadh Dún na nGall aon bhearna a aimsiú i gcosaint Ard Mhacha ach fuair Niall O’Donnell ana-phointe agus dob é O’Donnell níos déanaí arís a laghdaigh an bhearna go trí, 0-15 le 0-12, nuair a bhí an bhagairt ann go n-éalódh Ard Mhacha leo le corn an Anglo Celt. Is mór an sólás do Dhún na nGall é go bhfuil tosaí tánaisteach ar nós O’Donnell acu nuair atá a bpríomhnaoscaire, Oisín Gallen, ciúnaithe ar feadh tréimhsí.

Ní hamhlaidh ná fuil Tír Eoghain gan a sóláis agus a suáilcí féin tráthnóna. Beagán ar bheagán, tá an phlá gortuithe a chráigh le tamall iad ag maolú agus níl tuairim fós againn cén luach a bheidh leis an gcúigear sárimreoirí atá ag gabháil chucu ón bhfoireann eisceachtúil fé 20. Ní dócha go mbeidh Shea O’Hare (giorria ceart), Michael Rafferty, Eoin McElholm, Ronan Cassidy ná Conor McEnaney ag teastáil uathu i mBealach Féich ach ní féidir tomhas a dhéanamh ar an bhfuinneamh breise a thabharfaidh an cúigear seo don dtraenáil ins na laethanta is na seachtainí amach romhainn.

Oisin Gallen. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Cuir leis sin, go bhfuil na giollaí cogaidh, Frank Burns agus Conor Meyler, fillte chomh maith agus tabhairse fé ndeara go mbeidh a ndóthain cúraim ar Dhún na nGall a gcosa a bhreith leo tirim as Bealach Féich. Má éiríonn leo, is fiú súil a choimeád orthu as san go deireadh craoibhe.

Is dócha go bhféadfadh cluichí níos measa a bheith ag Ard Mhacha ná cluiche na hIarmhí agus iad ag iarraidh tús a chur lena dteacht aniar féin tar éis chluiche ceannais Uladh. Caithfidh sé tosnú in áit éigin agus b’fhéidir gur beag áit níos fearr ná do phaiste féin, fé bhráid do mhuintire féin agus i gcoinne céilí comhraic atá laistigh ded’ réimse agus ded’ scóip féin. Ní dócha go mbeidh aon dua ag Kieran McGeeney a chur ina luí ar a chuid imreoirí nach drochfhoireann iad agus nach é deireadh an tsaoil é cluiche amháin eile a chailliúint ar chiceanna éirice ach má leanann an drochnósmhaireacht níos sia isteach sa samhradh, béarfar amuigh orthu luath nó mall.

Chífimid leis inniu cén rian a d’fhág cluiche ceannais Laighean, más aon rian in aon chor é, ar fhoirne Átha Cliath agus Lú. Ní dócha go mbeidh Áth Cliath ag breith chucu féin toisc go bhfuil Ros Comáin, dream a chráigh agus a chlip i bPáirc a’ Chrócaigh anuraidh iad, ag teacht arís. Thug foireann Lú lón machnaimh dos na Dubs lena gcur chuige cliste coicíos ó shin agus ní foláir nó go mbeidh sé mar sprioc ag Stephen Cluxton agus lucht gardála an chúil gan aon bháide a ghéilleadh an uair seo tar éis dhá cheann a scaoileadh tharstu coicíos ó shin. Más rud é go mbainfear ramsach eile as líontán Cluxton inniu, beidh léas beag dóchais ann don uile chontae. Is furaist sinn a shásamh!

B’fhéidir go mbeadh blúire beag staire i ndán dúinn in Inis Caoin tráthnóna inniu agus Lú ag iarraidh an fear maith a fháil ar chontae na Mí don gcéad uair i gcluiche craoibhe ó 1975. Beifear ag súil go ndéanfaidh foireann Ger Brennan amhlaidh ach tá foirne ann, agus is dóigh liom gur ceann acu contae Lú, nach n-iompraíonn ualach an ionchais i gcónaí. Bhuaigh contae na Mí an cluiche sraithe eatarthu le dhá phointe i bPáirc Tailteann i lár mhí Feabhra ach más fiú aon ní taispeántas Lú coicíos ó shin caithfidh siad a thaispeáint go bhfuil ana-dhifríocht idir a bheith ag iarraidh gan cluiche a chailliúint agus cluiche a bhuachtaint nuair a bhíonn súil leis. Mo sheasamh orthu.

Fág freagra ar 'Beidh a ndóthain cúraim ar Dhún na nGall a gcosa a bhreith leo tirim as Bealach Féich'