170 bliain tar éis a ghoidte tá Bearnán Conaill ag teacht ‘abhaile’ ar cuairt go Dún na nGall ó Iarsmalann na Breataine

Beidh an clog ársa a goideadh ó Theach Woodhill, gar d’Ard an Rátha, in 1845, ar cuairt ó Iarsmalann na Breataine an deireadh seachtaine seo.

174.58

Ar an Aoine seo chugainn, an 19 Meitheamh, beidh clog ón séú haois ‘Bearnán Conaill’ á thabhairt ar ais go Dún na nGall. Bhí baint mhór ag an chlog seo le ceantar Phort Nua, An Fhearthainn agus Ard an Rátha, áit a raibh mainistir ag Naomh Conall Cael ar Inis Caoil.

Dúradh go raibh buanna iontacha ag baint leis an chlog le leigheas nó grásta a bhronnadh orthu siúd a chreid ina chumhachtaí. Bhíodh Clann Uí Bhreisleáin ag tabhairt aire don Bhearnán agus ba ghnách le ball den chlann sin an clog a chrochadh thart ar a mhuineál agus thiocfadh na hoilithrigh a fhad le tobar Conaill leis an chlog a phógadh. ‘Pingin domhsa agus póg don bhearnán’ a deirtí mar chuid den deasghnáth.

Coinníodh an clog i dTeach Woodhill ar imeall bhaile Ard an Rátha ach goideadh é i lár na hoíche sa bhliain 1845.

Bhí an clog ar taispeáint in Iarsmalann na Breataine ach rinne seandálaithe agus lucht staire Dhún na nGall feachtasaíocht leis an chlog a thabhairt ar ais ar cuairt go dtí an chontae.Tá iarann, pras agus airgead thart ar an chlog – cuid den mhaisiú a cuireadh leis i mbliain 1000 le cosaint a thabhairt dó.

Beidh comhlacht saineolaithe slándála ag tabhairt Bearnán Conaill go hiarsmalann Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn agus seolfaidh an tAire Gaeltachta Joe McHugh taispeántas ansin. Beidh an clog ag dul chuig Ionad an Dolmain i gCill Chluanaigh gar d’Inis Caol fosta.

Fág freagra ar '170 bliain tar éis a ghoidte tá Bearnán Conaill ag teacht ‘abhaile’ ar cuairt go Dún na nGall ó Iarsmalann na Breataine'