Béarla amháin rogha an Rialtais agus rialacha nua le tabhairt isteach faoi lipéid earraí bia

Deir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go mbeidh deis ag comhlachtaí eolas dátheangach a chur ar lipéid a dtáirgí bia ‘ar bhonn deonach’

Béarla amháin rogha an Rialtais agus rialacha nua le tabhairt isteach faoi lipéid earraí bia

Níl sé i gceist ag an Rialtas aon dualgas a leagan ar thairgeoirí bia eolas a chur ar fáil i nGaeilge ar a n-earraí nuair a thabharfar isteach rialacha nua ón AE faoi lipéadú.

Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go raibh grúpa oibre trasrialtais á thabhairt le chéile ag an rialtas chun na rialacha nua a phlé ach nach mbeidh ceist na Gaeilge ar an gclár oibre acu.

Thug an tAire le fios go raibh cinneadh déanta cheana ag an Rialtas tús áite a thabhairt don Bhéarla nuair a thabharfar isteach na rialacha nua maidir le heolas cothúcháin a thaispeáint ar lipéid earraí bia.

Beidh ar chomhlachtaí an t-eolas cuí a thaispeáint i mBéarla de réir an dlí, bíodh sé sin i mBéarla amháin nó go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá an tAE ag obair ó 2022 ar leasuithe a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis an eolas a chuirtear ar fáil don phobal ar lipéid earraí bia.

Tá dlús á chur ag an AE athuair le dréachtú na rialacha nua agus dúirt an tAire Sláinte go dtiocfaidh grúpa oibre trasrialtais le chéile chun na dréachtrialacha a phlé nuair a bheidh siad ar fáil.

Ní bheidh cás na Gaeilge mar chuid den phlé, áfach.

“Ní bheidh an lipéadú dátheangach mar chuid de chúraimí an ghrúpa oibre trasrialtais,” a dúirt an tAire.

Dúirt sí, áfach, nuair a cuireadh Rialachán um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC) an AE isteach i ndlí na hÉireann gur fágadh rogha ann eolas a chur ar fáil go dátheangach “ar bhonn deonach”.

In 2022 rinne an tAE moltaí maidir leis an eolas cothúcháin a mbeadh sé riachtanach feasta é a chur ar lipéid earraí bia.

Faoi na moltaí sin, bheadh an leagan amach céanna ar an eolas cothúcháin ar earraí bia agus chaithfí an t-eolas a thaispeáint ar aghaidh an phacáistithe. Bheadh dualgais níos déine ann chomh maith maidir le heolas a chur ar an lipéad faoin áit as ar tháinig an bia. Thabharfaí isteach freisin rialacha nua maidir le marcáil dátaí ar na hearraí bia agus bheadh gá le liosta comhábhar agus dearbhú cothúcháin a chur ar lipéid deochanna alcólacha.

Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an neamhaird, a deir siad, atá á déanamh ar an nGaeilge agus an lipéadú á phlé.

“Is mór an náire é nach mbeadh aon phlé faoi lipéadú dátheangach ag grúpa oibre atá le bunú chun polasaí a fhorbairt bunaithe ar rialacháin Eorpacha,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Tá neamhaird á déanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus léiríonn sé easpa tacaíochta an Rialtais maidir lena chinntiú go mbeidh soláthar cothrom Gaeilge ann.”

Bhain conspóid teanga cheana le dlí faoina bhfuil rabhadh sláinte le cur ar lipéid deochanna meisciúla.

Tá an dlí nua le teacht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn ach is i mBéarla amháin a bheidh na fógraí toisc gur roghnaigh an rialtas nach mbeadh siad i nGaeilge agus i mBéarla.

Mhaígh an rialtas ar dtús nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine ach léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh in aon chor sa taighde a luaigh an t-aire sláinte ag an am, Simon Harris.

Nuair a pléadh an scéal arís cúpla bliain ina dhiaidh sin, dúradh go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.

Nuair a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm mí Bealtaine 2026, ar lipéid deochanna meisciúla beidh gá le rabhadh sláinte ginearálta faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól, chomh maith le rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól agus duine ag súil le páiste, agus rabhadh faoin nasc díreach idir ailse agus alcól.

Tháinig casadh eile sa scéal an mhí seo caite, áfach, nuair a dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohue go gcaithfí an plean a scrúdú arís i bhfianaise na dtaraifí a bhí beartaithe ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar dheochanna meisciúla ón tír seo.

Fág freagra ar 'Béarla amháin rogha an Rialtais agus rialacha nua le tabhairt isteach faoi lipéid earraí bia'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Agus tá seo ag tarlú agus feisire Eorpach ag gearán faoi easpa ateangairí Gaeilge sa mBruiséil! Munar féidir linn rudaí a chur ina gceart sa mbaile níl seans dá laghad againn é sin a dhéanamh thar lear!

  • Feardorcha Ó Raghallaigh

    FFFG = Fine Gall

  • Gerry Sóna

    An coilineacht ag dul ó neart go neart agus a leithid sa ‘rialtas’.

  • Brigid

    Ba cheart go mbeadh ceist na Gaeilge ar an gclár oibre acu. Shífeá go mbeadh sé de cheart againn mar shaoránaigh a bheith in ann comhairle as Gaeilge a léamh ar lipéid earraí bia agus an chomhairle a bheith dátheangach. Is Beatha Teanga Í a Labhairt & a bheith àbalta lipéadú dátheangach a bheith ar fáil gan cheist.

  • Billy an Ghoirt

    Níl mise chun na hAnglo-leipidí nua seo a léamh riamh.

  • Léitheoir

    ‘Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an neamhaird, a deir siad, atá á déanamh ar an nGaeilge agus an lipéadú á phlé.’

    ‘Cáineadh’? Cad atá i gcáineadh an Chonartha ach focail fholmha gan éifeacht gan chumhacht dá laghad?

    Ceist thromchúiseach is ea an cheist seo. Tá cearta shaoránaigh na hÉireann á sárú ag a rialtas agus ní cearta teangan amháin atá i gceist, ach cearta eile, cearta a bhaineann le sábháilteacht agus le sláinte na saoránach céanna.

    Bímís soiléir: Braitheann daoine ar lipéid chun eolas riachtanach a fháilt amach maidir le comhábhair an bhídh a ithid – agus chím go bhfuil ceist na gcomhábhar luaite go sonrach san alt. Is éard atá á rá ag páirtithe an Rialtais ná gurb éigean do mhuintir na hÉireann, tír atá dátheangach go hoifigiúil, dul i muinín teanga amháin, .i. Béarla, chun fáilt amach an bhfuil baol a mbáis ina gcuid bídh. Ceileann lipéadú aonteangach eolas riachtanach ar lucht labhartha (agus léite) na Gaolainne, eolas atá chomh bunúsach san gur chóir go mbeadh teacht air i ngach aon teanga oifigiúil de chuid na tíre. An bhfuil aon tír eile insan Eoraip nach gcuireann a leithéid d’eolas ar fáilt sna teangacha oifigiúla dá cuid, .i. na teangacha go bhfuil stádas oifigiúil acu de réir dhlíthe agus bhunreacht na tíre? Ní chreidim go bhfuil.

    D’fhéadfaí cás cúirte a bhunú air sin, nach bhféadfaí? Tá na cúirteanna ann – ní anseo fad agus a bheidh FFFG i gcumhacht, b’fhéidir, ach insan Eoraip, go cinnte – gurbh fhéidir linn an cás a chur os a gcomhair. Is éard a theastaíonn chun é sin a dhéanamh ná airgead agus toil.

    Do bheadh an t-airgead ag an gConradh cás mar san a chur, gan amhras, ach ní bheadh muinín ar bith agamsa astu toisc go dtuigim nach bhfuil an toil acu. B’fhearr leosan cáineadh toisc nach gcosnaíonn sé faic orthu – ná pingin rua ná pioc den ndea-chaidreamh atá acu leis an Rialtas. Tá muinín agam as daoine eile, ámh – as na dreamanna céanna go raibh a leithéidí taobh thiar de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta tráth dá raibh agus atá taobh thiar de Bhánú an lae inniubh. Tá súil agam go mbeidh sé de mhisneach agesna daoine sin gan glacadh leis an bhfeall is déanaí seo de chuid Rialtas na hÉireann agus cás a chur chun cearta sibhialta shaoránaigh na hÉireann a chosaint.

    Beatha teangan í a labhairt, a deirtear. Níl ann ach cuid den bhfírinne: Beatha teangan bheith in ann í a labhairt, í a léamh agus a láimhseáil i ngach aon réim den tsochaí is de shaol a lucht úsáidte.

  • Seanán Ó Coistín

    Dá mbeadh aon tuiscint ar Bhunreacht na hÉireann ag na daoine i gceannas sa Roinn Sláinte agus in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, ní bheadh aon phlé ar an ábhar úd mar bheadh sé intuigthe go mbeadh ar chomhlachtaí eolas a chur ar fáil ar na lipéid. Is iad seo na cathanna ar cheart do lucht na Gaeilge a fhearadh mar is iad na rudaí beaga úd a dhéanann difear. Má tá an Béarla éigeantach ach is rogha í an Ghaeilge ó thaobh rialacha, ciallaíonn sé sin nach bhfuil tábhacht leis an mbunreacht. Níor cheart do lucht na Gaeilge glacadh leis seo ar chor ar bith.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is scannalach amach is amach é.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh mé a rá nach gcaillfinn codladh na hóiche faoi seo. Tá ceisteanna i bhfad níos práinní le réiteach againn a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge.

  • an cantalóir is measa riamh

    “tá siad in ann lipéid gaeilge a dhéanamh ar bhonn deonach” = “táimid ró-leisciúil chun athruithe a dhéanamh”

  • Seanán Ó Coistín

    Níl aon tábhacht ná éifeacht le rud atá deonach. Samhlaigh dá mba rud é go raibh rogha ag daoine gan tobac a chaitheamh i mbialann nó áit mar sin? Samhlaigh dá mba rud é go raibh sé roghnach crios sábháilteachta a chaitheamh i gcarr. Cé mhéid daoine a roghnódh gan tobac a chaitheamh nó crios sábháilteachta a chaitheamh? Ní fiú uisce na bhfataí aon bheartas rialtais ina bhfuil rud deonach.

  • Poc

    Aontaím le Donncha, tá ceisteanna i bhfad níos práinní ann ná lipéid nach léann an mhórchuid de na daoine.

    Gaeltachtaí á tachtadh ag tithe saoire/AirBnBs/cúrsaí pleanála/bánú na tuaithe/daoine gan focal Gaeilge á cur fúthu ann/córas oideachais sa Ghaeltacht a chuireann srian ar fhorbairt an chainteora dúchais (an dátheangachas éagothrom)/easpa daonlathais na nGael/seirbhísí trí Ghaeilge fós in easnamh sa Ghaeltacht i 2025.

    Ní fiú faic iad na rudaí fánacha seo go léir (oooh nach deas an Ghaeilge a fheiceáil ar lipéid is comharthaí bóthair, nach bhfuil sí gleoite ar fad) mara bhfuil an teanga in ann maireachtáil mar theanga phobail ar a laghad áit éigin sa tír (nó ar domhan fiú amháin, má tá náisiúin eile amuigh ansin a dtiocfadh chun fóirithint orainn…)