Beár fíona le hoscailt san oíche i gcaifé aitheanta Gaeltachta 

Tá biachlár nua ag An Builín Blasta ar an Spidéal do bheár fíona nua a bheidh ar oscailt sa chaifé trí oíche sa tseachtain

Beár fíona le hoscailt san oíche i gcaifé aitheanta Gaeltachta 

Tá ceann de na caiféanna is aitheanta sa Ghaeltacht, An Builín Blasta ar an Spidéal i gConamara, ag oscailt beár fíona ag deireadh na míosa seo.

Beidh an beár fíona nua ar oscailt trí lá sa tseachtain, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn agus beidh biachlár úrnua acu le fíon, plátaí roinnte, leann úll Éireannach agus beoir cheirde. 

Beidh an beár ar oscailt idir 6-10.30pm ón 28 Iúil. 

“Táimid ag cur lenár ngnó le cúpla bliain agus ar deireadh d’éirigh linn ár ndóthain foirne a fháil chun an beár a oscailt,” a deir Heather Flaherty, úinéir ar An Builín Blasta le Tuairisc. 

“Tháinig comhghleacaí liom ar ais ón Nua-Shéalainn agus tá go leor taithí aige mar chócaire. Eisean a bheidh i mbun na cócaireachta i rith na hoíche agus an beár nua ar oscailt.”

Deir Heather Flaherty go raibh sé “thar a bheith deacair” dóthain foirne a aimsiú, agus go bhfuil tionscal an fháilteachais i gcoitinne ag streachailt leis an bhfadhb chéanna.

“Táimid ag súil go mbeidh an beár fíona gnóthach,” ar sí. “Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl i Stiúideo Cuan díreach in aice linn ag an deireadh seachtaine freisin, agus gach seans go meallfaidh sé sin tuilleadh daoine.”

Deir Heather Flaherty go bhfuil gá le bialanna a osclaíonn san oíche sa taobh seo tíre.

“Níl mórán áiteanna a bhíonn ar oscailt san oíche i gConamara agus creideann muid go mbeidh éileamh air. Beár fíona réchúiseach a bheidh ann, áit chun casadh le cairde agus deoch a bheith agat in ionad deas,” ar sí.

Beidh bia ar fáil freisin, leithéidí plátaí cáise agus plátaí mara.

“Beidh sé ar oscailt trí oíche ag an tús, ach má bhíonn na t-éileamh ann, osclóidh muid níos minice,” a dúirt Heather Flaherty.

Tá An Builín Blasta lonnaithe ag Ceardlann an Spidéil, mar a bhfuil siopaí ceardaíochta agus siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht. 

Fág freagra ar 'Beár fíona le hoscailt san oíche i gcaifé aitheanta Gaeltachta '

  • Sinéad

    Comhghairdeas agus gach rath ar an mbear fíona nua. Ag súil le cuairt a thabhairt air go luath!