Beannacht an Rialtais do phlean leathanbhanda €3 billiún a thosóidh sa bhfómhar

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go rachaidh an plean faoina gcuirfear córas leathanbhanda ardluais ar fáil do 540,000 teach agus gnó go mór chun tairbhe na Gaeltachta agus na Gaeilge

Beannacht an Rialtais do phlean leathanbhanda €3 billiún a thosóidh sa bhfómhar

Cuirfear tús sa bhfómhar le plean €3 billiún an Rialtais leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach teaghlach agus gnó sa tír.

Chinn an Rialtas tráthnóna an conradh don Phlean Náisiúnta leathanbhanda a thabhairt don aon ghrúpa a bhí fós istigh air, Broadband Ireland, an mheitheal a bhfuil David McCourt, fear gnó as Meiriceá i gceannas uirthi.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne fáilte tráthnóna roimh chinneadh an Rialtais.

“Bainfidh go leor ceantar Gaeltachta agus oileáin amach ón gcósta tairbhe as leathanbhanda ardluais. Neartóidh sé an beartas náisiúnta – is é sin tacú le pobail ina labhraítear an Ghaeilge agus le pobal na n-oileán le leanúint ag maireachtáil sna háiteanna atá i gceist – trí bhuntaca a chur faoi chúrsaí fiontair, deiseanna a bheith ann oibriú ón mbaile agus faoin oideachas agus an fholláine shóisialta tríd is tríd.  Tacóidh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda le straitéis an Rialtais – An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Faoin gconradh, ar fiú €3 billiún é, beidh ar an gcomhlacht an líonra leathanbhanda nua a thógáil agus a riaradh ar feadh 25 bliain.

Beidh an rogha ag an Stát síneadh deich mbliana eile a chur leis an gconradh ach ní bheidh aon úinéireacht ag an Stát ar an ngréasán ag deireadh thréimhse an chonartha.

Tá conspóid mhór ag baint le cur chuige an Rialtais i leith an phlean leathanbhanda agus tuairiscíodh cheana go raibh oifigigh shinsearacha sa Roinn Caiteachais Phoiblí den tuairim nach luach maith ar airgead a bhí ann.

Tá cáineadh géar déanta chomh maith ag polaiteoirí an fhreasúra ar chur chuige an Rialtais.

Deir an Rialtas go n-athróidh an plean an saol faoin tuath ó bhonn agus gurbh fhiú €12,000 do chuile theaghlach an leathanbhanda ardluais snáithín optaice.

Tuairiscítear gur tréimhse seacht mbliana atá leagtha síos chun gach ceann den 540,000 teach agus gnó a cheangal leis an líonra nua. Beidh táille aon uaire €100 le híoc ag gach teaghlach sula gceannóidh siad seirbhís ó chomhlachtaí amhail Eir, Vodafone agus Virgin Media.

Tuairiscítear gur mhéadaigh an costas a measadh a bheadh ar an bplean náisiúnta leathanbhanda as cuimse idir 2015-2018 – ó €1 billiún go €3 billiún.

Fág freagra ar 'Beannacht an Rialtais do phlean leathanbhanda €3 billiún a thosóidh sa bhfómhar'

  • F McGreer

    Leath-phingin rua agus ní bhfaigh siad ó mó theachsa.