Bean as an Eilvéis básaithe agus stoirm Ali ag déanamh scrios le cósta an iarthair

Cé go bhfuil neart na stoirme ag lagan le tamall, tá rabhadh Stádas Oráiste i bhfeidhm fós i gcuid mhór den tír

Bean as an Eilvéis básaithe agus stoirm Ali ag déanamh scrios le cósta an iarthair

Twitter/@patmcgrath

Tuairiscítear gurbh as an Eilvéis an turasóir mná sna caogaidí a maraíodh ar an gCladach Dubh i gConamara nuair a séideadh a carbhán amach sa bhfarraige agus stoirm Ali ag réabadh ar chósta an iarthair go luath inniu. Tháinig na seirbhísí éigeandála ar a corp ar maidin agus tugadh chuig Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh é.

Chuir an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl do theaghlach na mná.

Cé go bhfuil neart na stoirme ag lagan le tamall, tá rabhadh Stádas Oráiste i bhfeidhm fós i gConnachta, agus sna contaetha seo a leanas:  Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Áth Cliath, Cill Dara, Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, an Clár agus Ciarraí.

Tuairiscítear go raibh luas 143 ciliméadar san uair leis an ngaoth ag Ceann Mása i gCarna ag 8.30 maidin inniu agus go bhfuil gustaí 120 cm san uair fós sa gceantar. Leagadh crainnte ar bhealach an N59 ón gClochán go Gaillimh ar maidin rud a chuir as don trácht agus don tseirbhís busanna ach tá an bóthar glanta ó shin. Dúnadh roinnt scoileanna i nGaeltacht Chonamara. Tá 140,000 teach fágtha cheal soláthar leictreachais de bharr na stoirme agus dúirt urlabhraí ó Bhord Soláthair Leictreachais go bhféadfadh cúpla lá a bheith ann sula mbeidh an tseirbhís iomlán ar ais ag a gcuid custaiméirí ar fad.

Rinneadh cinneadh ar maidin nach n-osclódh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an Screagán i gContae Uíbh Fhailí go dtí a 11.00am ar mhaithe le sábháilteacht an phobail ach ag an tráth sin socraíodh nach mbeadh an áit oscailte don phobal chor ar bith inniu agus go nglacfaí le ticéid an lae inniu amárach.

I ráiteas a rinne an stiúrthóir, Anna May McHugh, dúirt sí: “Tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, Seirbhísí Éigeandála Uíbh Fhailí agus Met Éireann, rinneadh cinneadh Comórtas an lae inniu a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Nuair a lagfaidh an ghaoth ar ball déanfar obair dheisiúcháin ar an láthair agus beimid réidh don lá amárach”.

Tá an AA ag comhairliú do thiománaithe a bheith fíorchúramach ar bhóithre atá “an-chontúirteach” mar go bhfuil crainnte agus ábhar eile séidte amach ar na bóithre, go háirithe bóithre den dara grád. Tá rabhadh faoi leith tugtha acu faoi bhóithre cois cósta i gcontaetha an Chláir, Chonnacht, agus Dhún na nGall agus baol farraige cháite in go leor áiteanna. D’iarr na Gardaí ar thiománaithe gan tabhairt faoi aon turas bóthair thart ar Chlár Chlainne Mhuiris toisc a lán crainnte a bheith leagtha amach ar bhóithre ansin.

Gaoth aniar agus aniar aneas atá á tuar ag Met Éireann tráthnóna agus iad ag tuar go lagfaidh an ghaoth agus go scalfaidh an ghrian scaití le teacht an tráthnóna.

Fág freagra ar 'Bean as an Eilvéis básaithe agus stoirm Ali ag déanamh scrios le cósta an iarthair'