Béal Feirste Branagh, Banshee McDonagh agus Tarrac Chorca Dhuibhne – scannáin 2022 

Caitheann ár léirmheastóir súil chun cinn ar na scannáin a bheith ag teacht chuig an scáileán mór in 2022

Béal Feirste Branagh, Banshee McDonagh agus Tarrac Chorca Dhuibhne – scannáin 2022 

Belfast

Tá cad é bús fé shaothar Kenneth Branagh le míonna anuas. Sé Branagh atá ar an stiúir mar aon leis an script a sholáthar agus tá an saothar bunaithe ar a óige i mBéal Feirste na seascaidí. Scéal teacht in aois atá anseo agus tús na dTrioblóidí sa chúlra. Is trí shúile an bhuachalla óig, Buddy (Jude Hill) agus a theaghlaigh mheánaicmigh a dhéanfar cíoradh ar shaol na cathrach. Cuireann an scannánú dubh agus bán le maoithneachas an tsaothair. Meitheal bhreá aisteoirí earcaithe, Jamie Dornan, Catriona Balfe, Judi Dench agus Ciarán Hinds ina measc. Ghnóthaigh an saothar seacht n-ainmniúchán Golden Globe déanaí; rud a d’fhág ar thosach cadhnaíochta é agus ar comhtharrac le The Power of the Dog. 

The Banshees of Inisherin

Martin McDonagh ar ais ag tabhairt léargais ar shaol suaite na tuaithe. An babhta seo tá sé ag díriú ar bheirt dlúthchairde ar oileán iargúlta amach ó chósta na hÉireann. Tagann cor cinniúnach ina saol nuair a chinneann duine acu nach dteastaíonn uaidh a bheith cairdiúil leis an duine eile a thuilleadh. Bí ag súil le caint thíriúil, carúil ghrinn, greann dorcha agus scéal ait. 

McDonagh, Brendan Gleeson agus Colin Farrell ag comhghuaillíocht lena chéile den chéad uair ó In Bruges (2008). Le tuilleadh uisce a chur le fiacla, tá Barry Keoghan agus Kerry Condon sa chliar chomh maith.  

Saothair Cine4

Beidh Cine4 ag taoscadh chugainn arís an bhliain seo chugainn. Más aon chomhartha na saothair atá gafa os ár gcomhair go dtí tá údair sceitimíní againn. 

Tarrac, faoi stiúir Declan Recks, lonnaithe i gCorca Dhuibhe agus díríonn sé ar chailín óg (Kelly Gough) a fhilleann ar an bhfód dúchais le haire a thabhairt dá hathair a bhfuil an tsláinte ag teip air. Tugann sí faoin rásaíocht naomhóg arís agus neartaíonn a nasc leis an gceantar agus na daoine. Cíortar chomh maith an gaol atá aici lena hathair.  

Fanacht bunaithe ar an nóibhille Foster le Clare Keegan agus é faoi stiúir Choilm Bairéad. Scéal “teacht in aois” atá anseo. Fágann cailín óg an baile, áit a bhfuil cuid mhór deacrachtaí ann, chun cónaí le gaolta a máthar i gceantar iargúlta.

Mo Ghrá Buan lonnaithe i nGaeltacht na Rinne agus díríonn sé ar an mbriseadh croí a bhaineann le bás páirtí. Tá Róise (Bríd Ni Neachtain) ag caoineadh bás a fir nuair a thagann gadhar strainséartha an doras chuici. Cuireann iompar an ghadhair a fear i gcuimhne di agus ní fada go gceapann sí go  bhfuil sé athionchollaithe. Cúán Mac Conghail atá ar an stiúir. 

The Lost Daughter

Tá saol aisteoireachta Olivia Colman in airde láin le blianta beaga anuas agus moladh thar na bearta faighte aci dá róil in The Crown, The Favourite agus, le déanaí, sa mhionsraith Landscapers. Go deimhin thuill an chéad saothar acu sin thuas duais Oscar di. Saothar aigneolaíoch, corraitheach é The Lost Daughter atá bunaithe ar úrscéal den teideal céanna ó Elena Ferrante. Díríonn an scéal ar Leda (Colman) atá ar laethanta saoire agus a éiríonn gafa le bean eile agus a hiníon. De réir a chéile tugann sí a tréimhse shuaite féin mar mháthair chun cuimhne. Sí Maggie Gyllenhaal atá ar an stiúir mar aon leis an script a sholáthar. Tá Jessie Bucklyy, Dakota Johnson, Ed Harris, Paul Mescal agus Peter Sarsgaard sa chliar. 

Avatar 2

Ní bheidh an goile ag cách don saothar ficsean eolaíochta seo. Mar sin féin ní bheidh puinn eile ar bhéalaibh daoine an Nollaig seo chugainn ach an dara gála de shaothar mór-eachtraíochta James Cameron. Ba é an chéad ghála an scannán is mó a thug airgead isteach riamh agus tá scannán leantach geallta le blianta. Trí bliana déag níos déanaí mar sin fillfimid ar dhomhan coimhthíoch, dathannach, draíochtúil Pandora mar a bhfuil an laoch ón gcéad scannán, Jake Sully (Sam Worthington) ag maireachtaint go sona sásta lena mhuintir nua. An cliar chéanna ón gcéad scannán, in ainneoin go bhfuil beirt curtha de dhroim seoil, agus Kate Winslet, Edie Falco is Michelle Yeoh earcaithe chomh maith. 

Killers of the The Flower Moon

Saothar eile ón draoi Martin Scorsese. Ní hiad lucht an Mhaifia a bheidh idir chamáin aige an babhta seo ach coiriúlacht de shaghas eile. I 1920 deineadh baill de threibh Osage a dhúnmharú go brúidiúil agus sa scannán seo cuirtear fiosrúchán sa tsiúl. Jesse Plemons, Leonardo DiCaprio agus Robert De Niro sa chliar. 

The Wonder

Saothar eile bunaithe ar leabhar ó Emma Donohue, an t-údar a thug The Room dúinn. Scéinséir aigneolaíoch atá anseo  agus é lonnaithe i lár tíre sa bhliain 1862. Stopann bean óg ag ithe ach maireann sí mar sin féin. Míorúilt nó rud éigin níos urchóidí. Tagann altra, Florence Pugh, agus a lán eile nach í, an dúthaigh leis an scéal a fhiosrú. An Sileach Sebastián Lelio ar an stiúir agus Niamh Algar, Ciaran Hinds agus Toby Jones sa chliar.

Scannáin leantacha

Arís eile beidh scannáin leantacha á sluaisteáil chugainn. Beidh an Cruiser ag filleadh mar Maverick tar éis breis agus tríocha bliain, mar aon leis an seachtú gála den mhisean dodhéanta a thabhairt dúinn. Lena gcois siúd beidh gálaí eile againn de dhomhan Jurassic, saol Spiderman, míobháin The Matrix agus postúlacht Downton againn. Ag an bpointe seo tá Marvel ag tarraingt ar thríocha saothar don scáileán mór agus beidh léamh nua (eile!) againn ar shaol Batman. 

Fág freagra ar 'Béal Feirste Branagh, Banshee McDonagh agus Tarrac Chorca Dhuibhne – scannáin 2022 '