Beagnach €500,000 caite ar fhiosrúchán faoi líomhaintí maidir le héileamh míchuí ar chostais beirt iarbhall de bhord Údarás na Gaeltachta

Caitheadh €455,000 ar líomhaintí in éadan Bhrian Uí Dhomhnaill a fhiosrú agus €21,300 ar fhiosrúchán faoi líomhaintí a cuireadh i leith Phádraig Ó Dochartaigh

Beagnach €500,000 caite ar fhiosrúchán faoi líomhaintí maidir le héileamh míchuí ar chostais beirt iarbhall de bhord Údarás na Gaeltachta

Chosain sé ionann is leathmhilliún euro líomhaintí faoi éileamh míchuí ar chostais a rinne beirt iarbhall tofa de bhord Údarás na Gaeltachta a fhiosrú. De réir eolas atá tugtha ag an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) don chlár Seacht Lá caitheadh €455,000 ar líomhaintí in éadan Bhrian Uí Dhomhnaill a fhiosrú agus €21,300 ar fhiosrúchán faoi líomhaintí a cuireadh i leith Phádraig Ó Dochartaigh.

I Nollaig na bliana 2016, rialaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh Brian Ó Domhnaill, atá ina Sheanadóir faoi láthair, reachtaíocht maidir le heitic nuair a d’éiligh sé costais taistil agus cothabhála ar dhá fhoras stáit éagsúil i leith na ndátaí céanna. Rialaigh an Coimisiún gur d’aon turas a d’éiligh an tUasal Ó Domhnaill costais ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ar Údarás na Gaeltachta idir 2006 agus 2007. 

Cuireadh naoi líomhain faoi éilimh dhúbailte i leith Uí Dhomhnaill agus dúradh gur thuill sé níos mó ná €2,000 costais ón Chomhairle Contae agus ón Údarás le freastal ar ócáidí éagsúla a bhain leis an dá eagras le linn na tréimhse sin. Ina mbreithiúnas dúirt an Coimisiún nach raibh siad ábalta a rá gur iompair Brian Ó Domhnaill é féin le dea-thoil maidir le ceann ar bith de na líomhaintí a bhí ina éadan.

Cé nach raibh ach suim €2,000 i gceist leis an éileamh dúbailte, bhí costas €455,000 i gceist leis an fhiosrúchán a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar na líomhaintí. Deir an Coimisiún le Seacht Lá gur bhain bunús an chostais sin le táillí dlí a d’eascair as dhá chás cúirte a ghlac an Seanadóir Ó Domhnaill i leith an fhiosrúcháin. Bhí an fiosrúchán le bheith ar siúl i Meitheamh 2012 ach cuireadh ar athlá é fad is a bhí Ó Domhnaill ag tabhairt a chuid dúshláin chúirte.

In 2014 rialaigh an Ard-Chúirt in éadan iarratas Uí Dhomhnaill go gcuirfí an éisteacht ar athló mar gur ó fhoinse anaithnid a rinneadh na líomhaintí an chéad lá riamh. Theastaigh uaidh fosta gur go dátheangach a dhéanfadh aon bhinse iniúchadh ar a chás. Mhaígh Ó Domhnaill go mbeadh a chearta mar chainteoir Gaeilge sáraithe dá mbeadh baill den Choimisiún ag brath ar ateangaireacht le linn na héisteachta.

Rinne sé achomharc ina dhiaidh sin ach theip ar a chuid iarrachtaí go gcuirfí moill ar fhiosrúchán an Choimisiúin de bhrí nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Achomhairc. Chuir an Coimisiún ina leith go raibh iarrachtaí ar bun aige le moill a chur ar an fhiosrúchán.

Deir an Coimisiún go bhfuil costais ateangaireachta, aistriúcháin, gearrscríbhneoireachta agus costais chúirte eile san áireamh ins an €455,000 a caitheadh ar an fhiosrúchán. Rialaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh ar an Seanadóir Ó Domhnaill na costais uilig a bhain leis an dá chás cúirte a íoc. Deir an Coimisiún anois go bhfuil siad ag dul sa tóir ar Ó Domhnaill leis na costais sin a aisíoc leo.

Dhiúltaigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill aon ní a rá faoin chostas inné.

In 2014 rialaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh iarChomhairleoir Contae agus iarbhall de bhord Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, míreanna den Acht Rialtais Áitiúil nuair a rinne sé éileamh míchuí ar chostais. Bhain na sáruithe le héilimh a rinne Pádraig Ó Dochartaigh ar chostais ón Chomhairle Contae agus ó Údarás na Gaeltachta maidir le cruinnithe agus comhdhálacha in 2007 agus 2008. Costas €21,300 a bhí ar an fhiosrúchán seo de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Choimisiún do chlár TG4.

D’fhreastail an tUasal Ó Dochartaigh ar chomhdháil i nDún Garbhán i Márta 2007. Lorg sé costais ón Chomhairle Contae agus ó Údarás na Gaeltachta ach rialaigh SIPO nach raibh sé de cheart aige ach costais a fháil ón Chomhairle amháin. D’aisíoc sé costais €1,021 leis an Chomhairle Contae in 2011 sula ndearnadh líomhaintí faoi.

D’fhreastail an tUasal Ó Dochartaigh ar chomhdháil a bhain leis an Chomhairle Contae i nDún Dealgan i mí na Samhna 2008 agus ar chruinniú an Údaráis sna Forbacha an lá dár gcionn. Lorg sé costais ón dá ghrúpa don taisteal uilig agus lorg sé costais chothabhála thar oíche, cé go ndeachaigh sé abhaile idir an dá chruinniú.

Rialaigh SIPO nach raibh sé i dteideal costais iomlána a lorg ón dá ghrúpa. Dúradh nár ghníomhaigh an tUasal Ó Dochartaigh de mheon macánta agus go raibh easpa creidiúnachta ag baint lena mhíniú ar cad a tharla. Luadh fosta an tréimhse ama a chuaigh thart sular aisíoc sé costais leis an Chomhairle Contae.

Ní raibh aon ní le rá ag an Uasal Ó Dochartaigh faoin chostas ach an oiread.

Tá sé deimhnithe ag SIPO nár deineadh fiosrúchán faoi aon bhall de bhoird eagraíochtaí fostaíochta agus fiontraíochta eile amhail an IDA, Enterprise Ireland ná Shannon Development le deich mbliana anuas. Chomh maith leis sin, níor fiosraíodh ach ceathrar comhairleoirí contae nó cathrach faoi ró-éileamh ar chostais sa tréimhse chéanna. Chomh maith leis an Seanadóir Ó Domhnaill agus an tUas Ó Dochartaigh, fiosraíodh costais beirt bhall eile de Chomhairle Chontae Dhún na nGall – Dessie Larkin (FF) agus Terence Slowey (FG). Is Comhairleoir Contae é an tUasal Slowey go fóill.

Fág freagra ar 'Beagnach €500,000 caite ar fhiosrúchán faoi líomhaintí maidir le héileamh míchuí ar chostais beirt iarbhall de bhord Údarás na Gaeltachta'