Batman, Bond, Brando… agus anois Vladimir Putin mar inspioráid ag dearthóirí faisin

Seaicéad leathair deartha d’Uachtarán na Rúise agus é ag ceiliúradh a bhreithlae, 65 bliain d’aois

Batman, Bond, Brando… agus anois Vladimir Putin mar inspioráid ag dearthóirí faisin

Ní bheadh Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, ar bharr liosta na laochra nó na réalta agamsa ach is cosúil go bhfuil oiread seasamh aige mar cheannaire domhanda go bhfuil sé ina inspioráid ag comhlacht faisin i Londain a bhfuil seaicéad leathair deartha acu ar an dtugann siad seaicéad ‘Putin’.

Ach ar eagla go mbeifeá ag smaoineamh ar cheann a ordú ar an bpointe is ceart cúpla rabhadh a thabhairt; ní bheidh siad ar an margadh go dtí tús mhí na Nollag, ní bheidh ach líon teoranta acu le díol agus beidh costas €1,499 i gceist.

An comhlacht seanbhunaithe faisin d’fhir Matchless London a dhear an seaicéad nua i stíl ‘bomber’. Laochra, idir laochra ficsin agus laochra beo a bhíodh mar inspioráid go minic acu roimhe seo, ina measc, Batman, James Bond, Arnold Schwarzenegger agus Marlon Brando.

Orthu siúd a chaitheann seaicéid leathair an chomhlachta tá Bill Clinton, Daniel Craig agus Tom Hardy.

Creideann Matchless London go bhfuil oiread aitheantais ag Putin go mbeidh réimse nó bailiúcháin iomlán cótaí agus seaicéad le cur ar an margadh acu faoina ainm i mí Eanáir 2018.

“We consider Russian President Vladimir Putin a modern superhero, giving personal respect to his strong character, brutal image, sense of humour and calmness as a world leader”, a dúirt Manuele Malenotti, bainisteoir stiúrtha Matchless London agus é ag seoladh seaicéad ‘Putin’ in am do cheiliúradh bhreithlá Uachtarán na Rúise a bhí 65 bliain d’aois an deireadh seachtaine seo caite.

Maíonn na dearthóirí go bhfuil a dhá oiread teasa sa seaicéad nua seo de bharr go n-úsáidtear próiseas ar leith i ndéanamh an leathair féin. Chom maith leis sin, is clúmh gé agus olann uain atá sa chába agus is cinnte go dteastódh an teas astu sin sa Rúis mar gur minic go mbíonn sé 40 céim faoin reophointe ansin sa gheimhreadh. 

Tá cód uimhreacha 6595 mar chuid den dearadh ar an ngualainn ar gach seaicéad Putin. Ní le haois an Uachtaráin, 65, a bhaineann an cód sin ach le stair Matchless London féin a bunaíodh mar chomhlacht gluaisrothar. Tagann an cód ón gcúlra sin agus an 6595km idir Kaliningrad agus Naukan, na pointí is faide siar agus soir sa Rúis, an tír is faide ar domhan.

Maíonn na dearthóirí go gcoinneodh an seaicéid leathair seo duine te, teolaí ar feadh an aistir ar fad ar ghluaisrothar! Beidh an cód céanna le feiceáil ar ghuaillí gach seaicéad agus cóta eile a bheidh sa mbailiúchán nua uathu i mí Eanáir.

Cé nach bhfuil ach fógra tugtha faoi dhearadh sheaicéad ‘Putin’ agus nach mbeidh aon cheann le ceannach go ceann dhá mhí tá macasamhail an seaicéid curtha ar díol ag lucht cóipeála cheana féin – tá leaganacha saorga de sheaicéad ‘Putin’ á dtairiscint ar shuíomhanna gréasáin ar thart ar €120.

Fág freagra ar 'Batman, Bond, Brando… agus anois Vladimir Putin mar inspioráid ag dearthóirí faisin'