Bata agus bóthar: saol an bhainisteora

Le coicís anuas, chaill bainisteoirí i bPríomhroinn Shasana a bpostanna agus ag tús séasúir nua, tá saol an bhainisteora i gCLG chomh dian agus chomh héiginnte is a bhí sé riamh

Redknapp Mullholland

Tús mhí Eanáir agus tá cinneadh le déanamh ag na foirne atá ag streachailt i bPríomhroinn Shasana. An bhfuil siad chun níos mó airgid a thabhairt do bhainisteoir nach bhfuil muinín acu as? Nó, ar cheart fear le smaointe nua a thabhairt isteach le spreagadh a thabhairt dóibh siúd atá in ísle brí?

Tá an ruaig curtha ar chúpla bainisteoir cheana féin. Tar éis do Crystal Palace cailleadh ar Lá Fhéile Stiofáin, d’fhág an club slán le Neil Warnock, gan ach ceithre mhí tar éis a cheaptha.

Ansin, an tseachtain seo caite, thug West Brom a P45 do Alan Irvine. Tar éis cluiche tábhachtach a chailleadh i gcoinne Queens Park Rangers, d’fhág an tAlbannach staid na Hawthorns agus níos lú ná 200 lá caite aige mar bhainisteoir ann.

Is beag tuiscint ná trócaire a bhíonn ag daoine don bhainisteoir sa Phríomhroinn. Faoi láthair, níl ach ceathrar bainisteoirí ag saothrú i bpríomchomórtas Shasana a bhfuil a bpostanna acu le os cionn dhá bhliain – Arsene Wenger (Arsenal), Paul Lambert (Aston Villa), Brendan Rodgers (Liverpool) agus Sam Allerdyce (West Ham).

Den 20 bainisteoir a bhí ag obair sa Phríomhroinn ar lá Nollag, thart ar 30 mí, nó dhá bhliain go leith, ar an meán, a bhí tugtha acu ina bpostanna. Thabharfadh tréimhse mar sin dóthain ama do bhainisteoir a smaointe a chur i bhfeidhm agus athruithe a chur i gcrích ach an fhadhb atá ann ná go bhfuil na staitisticí curtha as a riocht ag ré leithéidí Arsene Wenger.

Ceapadh Wenger ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair, 1996 agus tá 18 séasúr, nó 6,672 lá, caite aige i gceannas ar Arsenal, tréimhse níos faide ná na bainisteoirí eile uile curtha le chéile.

Má chuirtear Wenger as an áireamh, is é an mheánthréimhse oibre atá ag bainisteoir sa Phríomhroinn ná bliain go leith.

Is minic an bealach ina gcaitear go neamhthrócaireach le bainisteoirí in úsáid ag daoine mar fhianaise ar laigí na Príomhroinne. Is é an locht is mó a fhaigheann lucht a cháinte ar an gcomórtas ná go bhfuil sé truallaithe ag an méid dochreidte airgid atá ceangailte leis agus gur beag bá ná tuiscint dá chéile a bhíonn ag an lucht leanúna agus na milliúnaithe óga a imríonn dá gclubanna.

Ansin, nuair nach féidir le na bainisteoirí na milliúnaithe óga a spreagadh chun a ndícheall a dhéanamh, teipeann ar fhoighde na n-úinéirí agus amach leis na sceanna.

Ach ní i Sasana amháin a tharlaíonn a leithéid. Tá an tréimhse ama a thugtar do bhainisteoirí idirchontae CLG ag laghdú agus ag laghdú freisin.

Ag tús an tséasúir peile nua, beidh 15 contae, nó beagnach 50% de na foirne, faoi stiúir bainisteora nua.

Chuir ochtar eile tús lena dtréimhsí bainistíochta i 2014, rud a chiallaíonn go bhfuil 23 contae ar fud na tíre a bhfuil níos lú ná dhá bhliain caite i bhfeighil orthu ag a mbainisteoirí. Agus an oiread sin cainte á déanamh na laethanta seo ar straitéisí agus stíleanna imeartha, tá saothar na mbainisteoirí á scrúdú níos grinne ná riamh agus níos mó brú ná riamh orthu dá réir.

Is iad Mickey Harte i dTir Eoghain, a thosaigh ag deireadh 2002, agus bainisteoir Londain, Paul Coggins, a thosaigh i mí Dheireadh Fómhar 2010, an t-aon bheirt faoi láthair a bhfuil níos mó ná trí bliana caite lena gcontaetha acu.

Níl aon aimhreas ach go bhfuil an oiread céanna éiginnteachta ag baint anois le post an bhainisteora peile abhus is is atá ag baint le jabanna Harry Redknapp nó Mauricio Pochettino thall. Agus bíonn rath na mbainisteoirí peile ag brath go hiomlán nach mór ar chluiche mór nó dhó i rith an tsamhraidh.

Má chailleann Redknapp nó Pochettino ar Shatharn éigin, is minic deis eile acu rudaí a chur ina gceart ar pháirc na himeartha taobh istigh de chúpla lá. Má chailleann bainisteoir idirchontae cluiche mór, beidh cúpla seachtain, nó fiú roinnt míonna ann go dtí an chéad chluiche eile.

Le linn na sosanna fada seo, bíonn go leor ama ag imreoirí, oifigigh agus lucht tacaíochta le bheith i mbun machnaimh ar chúrsaí agus is minic gurb é an toradh ar an machnamh sin ná go n-éiríonn siad míshuaimhneach agus amhrasach faoin mbainisteoir bocht.

Cuireann díomhaointeas cathú ar an diabhal.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar: saol an bhainisteora'