Bás ar na bóithre – faoistin, fianaise agus fáthanna

Tá beartais rialtais éagsúla á n-ullmhú nó á meá faoi láthair chun sábháilteacht ar na bóithre a fheabhsú

Bás ar na bóithre – faoistin, fianaise agus fáthanna

Admhaíonn dornán beag daoine a thiomáin gan chiall agus a tháinig slán ó thimpiste gur orthu féin a bhí an milleán. De ghnáth áfach bíonn leithscéal de shaghas éigin ag an móramh.

Bhí duine éigin eile míchúramach. Nó bhí an aimsir go dona. Nó ní raibh comhartha rabhaidh le feiceáil. Nó bíonn cúis éigin eile acu lena bhfreagracht phearsanta a sheachaint nó a mhaolú ar a laghad.

Chuimhnigh an scríbhneoir seo ar sheachantacht dá leithéid agus feachtas sábháilteachta bóthair na Nollag á sheoladh le gairid. Is féidir teacht ar leagan Gaeilge an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre den seoladh anseo.

Tá an meánráta báis bliantúil ar na bóithre (147 le deich mbliana anuas) ag dul sa treo contráilte arís i mbliana. Tá 177 duine marbh de dheasca timpistí bóthair de réir chuntas an Gharda Síochána agus an colún seo á scríobh Dé hAoine.

Ní foláir gan dabht cuimhneamh ar mhéadú an daonra agus leathmhilliún duine sa stát anois sa bhreis ar an daonra a bhí againn in 2011, agus an méadú ar líon na bhfeithiclí ar na bóithre.

Más aon ábhar sóláis é bhíodh cúrsaí níos measa fós.

Cuimhnigh freisin ar an tréimhse roimh 2011 nuair a bhí os cionn dhá chéad duine á marú i dtimpistí gach bliain, gan trácht ar an tréimhse roimh 2007 nuair a bhíodh níos mó ná trí chéad duine á marú ar bhóithre gach bliain.

Tá beartais nua ann chun droch-chlaonadh na bhfigiúirí le gairid a iompú sa treo ceart arís, mar atá faoi chaibidil thíos.

Roimhe sin áfach, focal faoistine ar mhaithe le hoscailteacht, agus focal fianaise faoi thimpiste nach beag a tionchar ar an gcolún seo.

Faoistin

Bhí an bóthar díreach, an dromchla mín leibhéalta agus an aimsir cineálta – gan gaoth ná báisteach a chuirfeadh isteach ar thiomáint.

Bhí imní orm nach mbainfinn ionad cruinnithe amach sula dtosódh sé agus cathú orm dá bharr an teorainn luais 100 ciliméadar san uair a shárú. Gan dul thar fóir ar ndóigh – thart ar 110 ar a mhéid, abair, ar feadh scaithimh, agus go hairdeallach. Mar a dhéanann na mílte tiománaí gach lá ar fud na tíre. Dhera, cén dochar?

Chonaic mé splancáil thobann na soilse gorma i gcarr Gardaí gan mharcáil a bhí do mo leanacht le tamall. Thiomáin mé an carr isteach ar an ngualainn chrua.

“An bhfuil aon tuairim agat cén luas a bhí fút sular las mé na soilse gorma?” Agus mar sin de, go dtí gur shín an Garda nóta fíneála chugam. Dúirt sé le searbhas nár cheil sé go mbeadh deis agam mo chás a chur faoi bhráid breithimh mura mbeadh fonn orm an fhíneáil a íoc. Deis nár thapaigh mé.

Bhí rún agam ina dhiaidh sin gan a bheith i mo phleidhce arís, i bprionsabal. Dáiríre is ag smaoineamh ar sheachaint pionóis eile a bhí mé, go dtí go raibh mé i m’fhinné ar eachtra a léirigh an chontúirt a bhaineann le tiomáint rósciobtha.

Fianaise

Bhí an bóthar díreach agus an dromchla mín leibhéalta ach fliuch tar éis ceatha. Bhí mé ag taisteal ar bhus ó Bhaile Átha Cliath go Leitir Ceanainn. Thug mé faoi deara nach raibh an bus ag gluaiseacht chomh gasta agus a cheadaigh na fógraí luais ar stráice den bhóthar in aice le Baile Uí Dhálaigh i gContae Thír Eoghain.

Chonaic mé gluaisteán amach romhainn a bhí ag teacht go gasta sa treo eile ach ar thaobh an bhus den bhóthar. Theip ar thiománaí an ghluaisteáin líne fhada feithiclí a scoitheadh. Mhoilligh tiománaí an bhus a thuilleadh ach bhuail an gluaisteán glan ina choinne le fórsa a scrios é agus a bhrúigh an bus siar agus i leataobh. Mheas na póilíní níos deireanaí gur luas 120 csu ar a laghad a bhí faoin ngluaisteán nuair a bhuail sé an bus agus gur le comhfhórsa thart ar 180 csu a bhuail an dá fheithicil faoina chéile.

Maraíodh tiománaí an ghluaisteáin agus paisinéir eile ar an toirt. Gortaíodh beirt eile go dona. Níor bhain ach mionghortú (ballbhrúnna agus fuiplasc) de phaisinéirí an bhus, mé féin ina measc.

Ba léir dúinn uilig i ndiaidh na timpiste stuaim thiománaí an bhus. Stuaim a thug air a luas a choinneáil níos ísle ná an luas ceadaithe. Toisc dromchla an bhóthair a bheith fliuch agus sleamhain. Is a bhuí leis a coinníodh a phaisinéirí slán ó dhrochghortú ar a laghad.

Mhúin uafás an lae sin ceacht nár lig mé i ndearmad, agus a mhairfidh i mo chuimhne go héag. Dá dhéine an dlí, is tábhachtaí freagracht agus stuaim gach tiománaí.

Fáthanna

Tá beartais rialtais éagsúla á n-ullmhú nó á meá faoi láthair chun sábháilteacht ar na bóithre a fheabhsú.

Leasófar an dlí, a dúirt an t-aire stáit Jack Chambers atá freagrach as sábháilteacht ar bhóithre, ionas go ngearrfar lán-phointí in ionad pointe amháin ar thiománaí a sháraíonn an dlí ar bhealaí éagsúla ag an am céanna.

Deimhneoidh leasú eile tástáil éigeantach drugaí tar éis gach drochthimpiste. Má shíleann tú go bhfuil sé ionann agus dochreidte nach raibh riail dá leithéid i bhfeidhm roimhe seo, aontaím leat.

Tá feistiú gléasanna tástála anála ar bhusanna agus ar fheithiclí seirbhíse poiblí á iniúchadh. Chuirfeadh na gléasanna bac ar thiomáint dá léireofaí ól alcólach. Faraor, is dócha nach ar bhonn Éireannach ach ar bhonn Eorpach a chuirfear córas dá leithéid i bhfeidhm.

Is díol suntais é go bhfuil béim curtha ag an Taoiseach, ag Jack Chambers, ag an bhfreasúra, ag Liz O’Donnell ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag go leor daoine eile ar chur i bhfeidhm reatha an dlí reatha – nó ar a neamh-chur i bhfeidhm. Is léir do gach duine sa tír go bhfuil laghdú mór ar thástáil anála mar shampla, mar a dheimhnigh freagra ar cheist Dála a chuir Teachta Dála an Chomhaontais Ghlais Patrick Costello i mí Dheireadh Fómhair.

Ní rachaidh cur i bhfeidhm an dlí i bhfeabhas sa ghearrthéarma. Táimid ag brath mar sin ar chumas, ar stuaim agus ar fhreagracht tiománaí. Ní rachaidh leithscéalta chun tairbhe do dhuine ar bith.

Fág freagra ar 'Bás ar na bóithre – faoistin, fianaise agus fáthanna'