Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…
… dána, pearsanta, scléip
Na pearsna aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?
Róisín Ní Eadhra – bíonn ‘surprise’ aici i gcónaí – agus Graham Norton.
An rud is sine i mo chófra/vardrús?
Nuair a tháinig mo sheanmháthair abhaile ó Mheiriceá sna 1920í, thug sí carbhat fionnaidh abhaile léi – ‘silver fox’. Caithim chuile bhliain é agus is cuma liom faoi dhaoine a chaitheann spallaí faoi.
Penneys, Brown Thomas nó…
… Penneys le haghaidh stocaí, gruaig bhréige (dhá euro!), stuif don trá agus Brown Thomas i nGaillimh do rudaí eile toisc go bhfuil an fhoireann go hálainn ansin agus cuimhníonn siad ort!
Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…
… cóta nua samhraidh – dúirt mo sheanmháthair nach dteastaíonn tada le bheith dea-ghléasta in Éirinn ach cóta deas báistí.
Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?
Lán leoraí díobh – ach má chaithim rogha a dhéanamh……smidiú éadain, smidiú súl agus seirbhísí gruaigeadóra.
Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…
… sálaí arda.
Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…
… aon rud a thug a sheanmháthair abhaile.
An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…
… Grazia, agus comhrá le mo chairde agus mo dheirfiúracha. B’fhearr liom siopaí ná suímh faisin. Cá bhfuil an chraic ansin?
An botún faisin is mó a rinne mé riamh?
Cá dtosóidh mé? Bhí na clogs dearg agus buí sin… ansin bhí na jeans a phéintéail mé ó bhun go barr….agus ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar an ngúna a rinne mé féin le haghaidh damhsa na n-innealltóirí in ÓEG fadó an lá…
Fág freagra ar 'Barr Smaise…le Mairéad Ní Nuadháin'