Barr Smaise… le Diarmuid de Faoite

Is léir gur fonn grinn a bhí ar an aisteoir Diarmuid de Faoite, agus é i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo; tá sé ar an ngearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais sa rannóg d’aisteoir na bliana dá phairt sa tsraith Corp + Anam

Diarmuid DeFaoite
Diarmuid de Faoite, an pictiúir a roghnaigh sé féin dúinn

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin… 

… hipí, Gaelach agus Londain!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Peig Sayers nó Peig Saor in Aisce mar ab fhearr aithne uirthi; bhí cáil i bhfad amach ar a cuid bídeoga lámhchniotáilte.

Nó Seán Ó Tarpaigh.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Mé féin.

Penneys, Brown Thomas nó…

Nó céard? Ó tuigim… Siopa Penguin, i Covent Garden, Londain

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… a thuilleadh éadaí Fastnet le Doris déanta as lomra merino agus dhá chulaith déanta dom féin…agus bróga lámhdhéanta freisin!

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Táim á chaitheamh go laethúil le 25 bliain anuas

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… dúidín agus mo léine nua Penguin.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… mála thar a cloigeann.

An lóis iarbhearrtha (aftershave lotion) is ansa liom…

… tá féasóg orm!

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Mo bhirthday suit a chaitheamh in aois a hocht mbliana os comhair na gcomharsan. Thuig mé an uair sin go raibh mé go maith ag déanamh seó bóthair díom fhéin.

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Diarmuid de Faoite'

  • Glór í Eo

    Pádraic Ó Conaire ár linne gan dabht.