Baol teannais idir lucht gaelscolaíochta agus scoileanna Caitliceacha seanbhunaithe ó thuaidh

Tá ceithre scoil Chaitliceach i gcathair Ard Mhacha ag cur in éadan bhunú Ghaelscoil Ard Mhacha

Baol teannais idir lucht gaelscolaíochta agus scoileanna Caitliceacha seanbhunaithe ó thuaidh

Tá ceithre scoil Chaitliceach i gcathair Ard Mhacha ag cur in éadan bhunú Ghaelscoil Ard Mhacha, bunscoil nua atá beartaithe don chathair. Faoi láthair, tá 96 páiste ag freastal ar naíonraí an cheantair agus níl go leor slí san aonad Gaeilge i mBunscoil na mBráithre Críostaí.

Ní rud as an nua agóidí mar seo óir gur as scoileanna Caitliceacha a bhíonn Gaelscoileanna ag tarraingt den mhórchuid.

Tá brú ann maidir le huimhreacha freisin, go háirithe taobh amuigh de Bhéal Feirste agus Doire. Ó thús an chéid, tá laghdú 7,000 tagtha ar líon na ndaoine san aoisghrúpa 0-15 sa Tuaisceart agus dar le Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde, faoi 2028, beidh laghdú 10,700 i gceist ar líon na bpáistí idir ceithre agus naoi mbliana d’aois. 

Le deich mbliana anuas, druideadh 35 bunscoil Chaitliceach, agus deich n-iarbhunscoil. Faoin tuath a bhí a bhformhór.

Is pobal óg é pobal Caitliceach an Tuaiscirt, mar sin féin, agus tá méadú ar líon na bpáistí ar bhunscoileanna Caitliceacha, 9,500 le naoi mbliana anuas.

Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag fás. Tá  6,200 páiste ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i 40 scoil lán-Ghaeilge faoi láthair: 35 bunscoil agus cúig iarbhunscoil. Tá 5,000 díobh sin i scoileanna lán-Ghaeilge agus tá an 1,200 eile ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla. Táthar ag súil go mbeidh 7,200 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoin mbliain 2021.

Ní i gcónaí a réitíonn an fás seo le scoileanna seanbhunaithe. I gceantair áirithe faoin tuath, thuaidh agus theas, tá dúshlán mór ag baint leis na ‘huimhreacha a choinneáil suas’ sa scoil áitiúil. I gcás amháin, shocraigh eagraíocht láidir Ghaeilge i gceantar tuaithe ó thuaidh gan tabhairt faoi Ghaelscoil a chur ar bun mar go mbeifí in iomaíocht le scoileanna a bhí faoi bhrú mór ó thaobh uimhreacha de.

Tá ábhar mór teannais eile ag baint leis an scéal seo chomh maith – ceist na bainistíochta. Le linn na tréimhse ar tháinig méadú ar líon na ndaltaí sna bunscoileanna Caitliceacha, tháinig laghdú 3,500 dalta ar líon na ndaltaí sna hiarbhunscoileanna. Cúis amháin leis sin ná páistí Caitliceacha a bheith ag dul isteach i scoileanna de chineál eile. 

Tá an Eaglais Chaitliceach ó thuaidh iontach díograiseach ag coinneáil greim ar bhainistíocht scoileanna agus faigheann siad tacaíocht ó áiteanna nach mbeifeá ag dúil leis. Nuair a bhuail na heaspaig Chaitliceacha le hIan Paisley den chéad uair, dúirt foinse san Eaglais gurbh é an chéad rud a dúirt sé leo: ‘Ná cailligí greim ar na scoileanna.’ 

Tá an Ghaelscolaíocht neamhspleách den chuid is mó, cé go bhfuil ionadaí ag Comhairle na Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil ar Chomhairle na Gaelscolaíochta. Scoil lán-Ghaeilge amháin agus ocht n-aonad Gaeilge i scoileanna Béarla a thagann faoi scáth Chomhairle na Scoileanna Caitliceacha.

Scoileanna rialaithe iad trí cinn de na gaelscoileanna, is é sin, baineann siad leis an earnáil stáit, earnáil a chonacthas mar earnáil Phrotastúnach go dtí ar na mallaibh.

Scoil neamh-shainchreidmheach atá le bheith i nGaelscoil Ard Mhacha, murab ionann agus an t-aonad Gaeilge atá anois ann.

Caithfear a rá go mbíonn Comhairle na Gaelscolaíochta agus Comhairle na Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil ag tarraingt go maith lena chéile.

Ach ní fios an mar sin a bheidh sé amach anseo.

Fág freagra ar 'Baol teannais idir lucht gaelscolaíochta agus scoileanna Caitliceacha seanbhunaithe ó thuaidh'

  • Oideachas neamhsheicteach ag teastáil

    An líon mór daoine nach gcreideann i reiligúin ar bith agus nach dtéann ag an aifreann riaimh leanann siad leo á gclárú féin mar Caitlicigh Rómhánacha. An toradh ar an leisciúlacht sin ná cos ar bolg ar dhaoine nach bhfuil ag iarraidh oideachas seicteach dá bpáistí. Thuig Paisley go leanfadh an scoilt seicteach ar an oileán fad is atá scoileanna státurraithe i lámha na neaspaig.
    Is féidir leis an eaglais Chaitliceach Rómhánach líon oifigiúil na gCaitliceach Rómhánach sna daonáireamh a úsáid chun troid in aghaidh Gaelscoileanna idirchreidmheacha.
    Na “Caitlicigh cultúrtha” nach gcreideann i reiligiúin ar bith agus atá cláraithe mar Caitlicigh Rómhánacha tá siad ag cur bac ar dhaoine nach bhfuil ag iarraidh go mbeaidh ar a bpáistí imeacht ón rang nuair atá teagasc reilgiúnda Caitliceach ar siúl.

  • Peadar

    Caithfidh na Gaeil bheith tuisceanach chomh maith le duine.
    Tá sé faiseanta agus furasta cur i gcoinne na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo- agus fáthanna maithe faoi sin- ach má chuirtear daoine atá dílis don Chaitliceachas, (is cuma ann nó as ceannaireacht na hEaglaise) ó dhoras na nGaelscoileanna, earnáil na gaelscolaíochta a bheas thíos leis an chinneadh.
    Thiocfadh leis na Caitlicigh dhul amach fá choinne teagaisc reiligiúnda. Do bharúil, an mbeadh sé sin ina chuidiú ?

  • Éamonn

    Éamonn
    Ná féadfaí teacht ar réiteach chun Gaelscoil a dhéanamh de réir a chéile de cheann de na scoileanna Béarla, seachas a bheith ag spreagadh scoilte. Caitleacach ábhar traidisiúnta mé, ach Gael chomh maith!