Baol ann gur Breatimeacht gan ord ná eagar atá romhainn – Tánaiste

Rabhadh tugtha ag an Tánaiste Simon Coveney go bhfuil an-bhaol ann go bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach ‘gan ord ná eagar’ agus go mbeadh ‘an-dul amú’ ar aon duine a cheapfadh a mhalairt

Baol ann gur Breatimeacht gan ord ná eagar atá romhainn – Tánaiste

An Táinaiste Simon Coveney. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Amárach a chuirfidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney plean teagmhais an Rialtais don Bhreatimeacht faoi bhráid an Rialtais. Beidh na pleananna do na ranna rialtais agus na háisíneachtaí stáit ar fad mionsonraithe sa bplean seo. Má ghlacann an Rialtas leis an bplean, cuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais é agus déanfar é a phlé sa Dáil níos déanaí sa tseachtain.

Tá rabhadh tugtha ag Coveney go bhfuil an-bhaol go deo ann go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair agus ‘gan ord ná eagar’ ar an imeacht sin agus go mbeadh “an-dul amú” ar aon duine a cheapfadh a mhalairt.

Mhínigh Simon Coveney cás na tíre seo in alt san Irish Times ar maidin. San alt sin dúirt sé go raibh ‘caint mhíchruinn’ faoin tír seo agus faoin gcúlstop cloiste againn le roinnt seachtainí.  Dúirt Coveney go raibh an ceart ag gach duine “a gcuid tuairimí féin” a bheith acu ach nach raibh ach ‘fíricí’ amháin ann, is iad sin gurbh í an Bhreatain a shocraigh an tAontas Eorpach a fhágáil, agus gurbh í an Bhreatain a leag síos ‘aon línte dearga’ atá ann.

Beag beann ar a dtarlóidh Oíche Shamhna áfach, meabhraíonn Coveney san alt gurb í an Ríocht Aontaithe “an chomharsa is gaire dúinn agus an cara is mó atá againn” agus nach n-athróidh sé sin cé go bhfanfaidh muid féin “go bródúil inár mball dílis” den Aontas Eorpach.

Dúirt an Tánaiste go raibh go leor leor idirbheartaíochta i gceist leis an socrú Breatimeachta a bhfuil an cúlstop ina chuid lárnach de agus nach mbeadh aon idirbheartaíocht eile faoin gcúlstop sin. Mar ‘árachas’ chun Tuaisceart Éireann agus an margadh aonair a chosaint a cuireadh isteach an cúlstop, a dúirt sé, agus súil ann nach dteastódh é a fheidhmiú go deo.

Dúirt Coveney nár ‘vótáil’ muintir na hÉireann chun an tAontas Eorpach a fhágáil. “Ní hé an Stát seo a chruthaigh an fhadhb agus níor chóir go mbeifí ag súil go gcuirfeadh muide ár mballraíocht san AE ná ár margadh aonair i mbaol mar gheall air,” a dúirt sé.

Dúirt an Tánaiste gur chóir éisteacht le Státseirbhís Thuaisceart Éireann agus le grúpaí feirmeoireachta agus iascaireachta a bhfuil rabhadh tugtha acu go bhfuil cosaint an chúlstop riachtanach.  Dúirt sé go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh lucht gnó ullamh don dúshlán a bheidh rompu má tharlaíonn Breatimeacht gan mhargadh, agus go bhfuil gach cosúlacht air go bhféadfadh sin tarlú.

115 lá atá fágtha anois le réiteach don Bhreatimeacht agus beidh an t-eolas go léir faoi na hullmhúcháin agus an cuidiú ón Rialtas sa bPlean Teagmhais a chuirfear faoi bhráid an Rialtais amárach, a dúirt an Tánaiste Simon Coveney.

Tá ráite ag Boris Johnson agus Jeremy Hunt, beirt iarrthóirí na gCaomhach do cheannaireacht an pháirtí sin, go bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair, margadh ann nó as.

Fág freagra ar 'Baol ann gur Breatimeacht gan ord ná eagar atá romhainn – Tánaiste'