Baol ann go dtarlóidh gorta, suaitheadh domhanda agus ollimirce de bharr léigear na Rúise ar chalafoirt

De bharr bac na Rúise ar chósta theas na hÚcráine ní féidir na milliúin tonna gráin a easpórtáil

Baol ann go dtarlóidh gorta, suaitheadh domhanda agus ollimirce de bharr léigear na Rúise ar chalafoirt

Tá sé ina mhórimní le seachtain gur níos measa fós a chuirfear as don soláthar gráin de bharr calafort Mariupol agus calafoirt eile dheisceart na hÚcráine a bheith beagnach faoi smacht iomlán na Rúise anois.

Ghabh fórsaí na Rúise monarcha mhór cruach Azovstal Dé Máirt, rud a fhágann go bhfuil an chathair threascartha sin ar fad faoina smacht anois.

Toisc bac a bheith curtha ag an Rúis ar chósta theas na hÚcráine, ní féidir na milliúin tonna gráin a onnmhairiú.

Tá rabhadh tugtha ag Clár Bia an Domhain leis na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh an cosc sin a bheith tubaisteach do na háiteanna is boichte ar domhan.

Dúirt David Beasley, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Bia an Domhain, go raibh an cogadh ag cur leis an mbaol go mbeadh ganntanas bia ar fud an domhain agus go mbeadh an t-ocras i ndán do na daoine is boichte sa domhan ar feadh blianta.

“Is ionann na calafoirt a choinneáil dúnta agus cogadh a fhógairt ar shlándáil bhia an domhain agus gorta agus suaitheadh a bheith ina lán tíortha agus gan de rogha ag go leor leor daoine ach tabhairt faoin imirce,” a dúirt Beasley.

Dúirt na húdaráis i Moscó go raibh breis is 900 saighdiúir Úcránach a bhí ag troid sa mhonarcha cruach in Mariupol tugtha go dtí áit a bhíodh ina phríosún tráth sa gcuid de Donetsk atá faoi smacht na Rúise.

Dúirt Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur chláraigh siadsan na céadta príosúnach cogaidh Úcránach as monarcha Azovstal.

Níl aon ráiteas déanta ag an Úcráin go poiblí faoina bhfuil i ndán do na príosúnaigh sin. Dúirt ceannaire de chuid na scarúnaithe atá báúil leis an Rúis go raibh os cionn 1,000 saighdiúir sáinnithe sa mhonarcha go fóill.

Deir Roinn Cosanta na Rúise go bhfuil 1,730 trodaí as monarcha Azovstal tar éis géilleadh ó Mháirt na seachtaine seo.

Mhaígh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, gur “deargtheip” a bhí in ionsaí na Rúise agus go ndearnadh “botúin thubaisteacha” ag an leibhéal is airde.

Tá cruinniú ag grúpa an G7 inniu chun tuilleadh cúnaimh don Úcráin a phlé.

Táthar ag leanúint le triail an tsaighdiúra Vadim Shishimarin inniu sa Chív. Ceannasaí ar thanc de chuid na Rúise é atá 21 bliain d’aois agus é cúisithe i ndúnmharú sibhialtach a bhí 62 bliain d’aois agus a maraíodh agus é ag rothaíocht ar an tsráid. Phléadáil an ceannasaí ciontach.

Tá tuairiscí ag teacht ó Roinn Cosanta na Ríochta Aontaithe go bhfuil an Leifteanantghinearál Serhiy Kisel curtha ar fionraí ag Moscó toisc gur chinn air cathair Kharkiv a ghabháil agus go bhfuil an Leas-Aimiréal Igor Osipov curtha ar fionraí óna dhualgais i gceannas ar an gcabhlach sa Mhuir Dhubh.

Sa ráiteas faisnéise deirtear: “Is dóigh go bhfuil cultúr ceilte agus milleánaithe forleathan laistigh de chóras míleata agus slándála na Rúise. Is maith an seans go mbeidh oifigigh a raibh baint acu le hionradh na hÚcráine trína chéile feasta agus iad ag iarraidh aon mhilleán pearsanta faoi chliseadh oibríochtaí na Rúise a sheachaint.”

Fág freagra ar 'Baol ann go dtarlóidh gorta, suaitheadh domhanda agus ollimirce de bharr léigear na Rúise ar chalafoirt'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá sé fógartha ag an Rúis go gcuirfí deire le haon léigear ar na calafoirt i ndeisceart na hÚcráine dá gcuirfí na smachtbhannaí ar leataoibh.