‘Bánú’, ‘cinedhíothú’ agus ‘díolúine’ ar liosta de na focail Ghaeilge is mó a raibh borradh fúthu ar líne in 2024

Bhain cuid de na focail Ghaeilge is mó a raibh borradh fúthu ar líne i mbliana le cúrsaí polaitíochta

‘Bánú’, ‘cinedhíothú’ agus ‘díolúine’ ar liosta de na focail Ghaeilge is mó a raibh borradh fúthu ar líne in 2024

Bhí an na focail ‘Bánú’ agus ‘Cinedhíothú’ i measc na bhfocal is mó a raibh borradh fúthu i measc cainteoirí Gaeilge ar an idirlíon in 2024, dar le hanailís atá déanta ag Kevin Scannell ar úsáid na Gaeilge ar líne.  

D’fhógair Scannell trí fhocal déag “a tháinig chun cinn go láidir in 2024” ar a chuntas pearsanta Bluesky inné. Bhí an focal ‘bánú’ ar bharr an liosta mar gheall ar an ngrúpa feachtais a bunaíodh i mí na Samhna 2023 le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht – nó Bánú na Gaeltachta.  

Sa dara háit ar an liosta bhí an focal ‘fíordheis’, focal a úsáidtear le cur síos ar an eite fhíorchoimeádach den speictream polaitíochta, dream a bhí go mór i mbéal an phobail in Éirinn i mbliana mar gheall ar chúrsaí toghcháin agus reifrinn agus mar gheall ar an mborradh a bhraitear a bheith faoin smaointeoireacht fhíorchoimeádach sa dioscúrsa náisiúnta.  

Téarma eile a luaitear leis an eite fhíordheis ná ‘bréagaisnéis’, a bhí sa tríú háit ar liosta Scannell. Comhfhocal de ‘bréag’ agus ‘faisnéis’ a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar eolas a scaiptear – ar líne nó san fhíorshaol – atá míchruinn agus a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a chur amú. Bíonn spriocanna polaitíochta i gceist go minic leis an mbréagaisnéis.  

Bhain an ceathrú focal ar an liosta le cúrsaí polaitíochta freisin – toghlimistéir. Rinneadh go leor cainte ar na toghlimistéir áitiúla i mí na Bealtaine seo nuair a bhí na toghcháin áitiúla ar siúl sna 166 toghlimistéar atá sa stát. Tuairisciú ar thorthaí sna toghlimistéir agus anailís ar na torthaí céanna ba chúis leis an mborradh faoin bhfocal i mbliana.  

‘Algartam’ a bhí sa dara háit, focal matamaitice agus ríomhaireachta a chuireann síos ar shraith rialacha le ceist mhatamaitice a réiteach. Úsáidtear an focal i gcaint na ndaoine le cur síos ar oibríochtaí ríomhaireachta na meán sóisialta le postálacha nó fógraí ar leith a thaispeáint dá lucht úsáide.  

‘Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge’ a fógraíodh i mí an Mhárta is cúis, is dóigh, leis an mborradh a bhí faoin bhfocal ‘teangabhunaithe’ in 2024. Is faoi stiúir Roinn na Gaeltachta a bheidh an straitéis nua le struchtúr nua do na healaíona ó bhéal agus don drámaíocht i nGaeilge a bhunú. 

D’fhéadfadh cúpla údar a bheith leis an mborradh faoin seachtú focal ar an liosta – ‘drón’. Ar an ardán idirnáisiúnta, is iad na dróin chogaíochta a bhí in úsáid sa chogadh sa Mheánoirthear is mó a tharraing caint.  

In Éirinn, bhí trioblóid ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le dróin os cionn an aerfoirt in earrach na bliana seo, agus ar ndóigh in earnáil na siopadóireachta agus na siamsaíochta tá na dróin go mór sa treis freisin. 

An chogaíocht arís is cúis leis an ochtú focal ar liosta Scannell i mbliana – cinedhíothú. Chinn Coiste Speisialta na Náisiún Aontaithe i mí na Samhna gur “ag teacht leis an gcinedhíothú” atá modhanna cogaíochta Iosrael i nGaza. Ní hiad na Náisiúin Aontaithe amháin a chuireann cinedhíothú i leith Iosrael agus bhí an focal go mór i mbéal an phobail agus an t-ár i nGaza á phlé ar na meáin shóisialta agus thraidisiúnta.  

Toghcháin in Éirinn arís a tharraing an focal ‘céadrogha’ go háit a naoi ar an liosta. Téarma é nach bhfeictear i mórán tíortha eile ó tá Éire ar cheann den fhíorbheagán tíortha ar domhan ina n-úsáidtear an Ionadaíocht Chionmhar, Vóta Aonair Inaistrithe (PR-STV), mar chóras le polaiteoirí a thoghadh. Bhíothas ag caint ar na vótaí céadrogha le linn na dtoghchán áitiúil agus Eorpach i mí na Bealtaine agus san olltoghchán ag deireadh na míosa seo caite.  

Ar deireadh uilig, ag uimhir a deich, bhí an focal ‘díolúine’, focal a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na scolaíochta in Éirinn agus plé mór ann i mbliana faoi chóras na ndíolúintí Gaeilge. Mhol coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh ar fad le córas díolúine na Gaeilge i mí Feabhra agus é á mhaíomh nach bhfuil córas na ndíolúintí Gaeilge do dhaltaí scoile ag feidhmiú mar is ceart agus go bhfuil dochar á dhéanamh aige do dhaltaí scoile.  

Tá corpas mór Gaeilge ag Scannell a tharraingíonn ar fhoinsí éagsúla ar an idirlíon le pictiúr cruinn a fháil d’úsáid na Gaeilge ar líne. I measc na bhfoinsí sin tá suíomhanna idirlín dála Tuairisc, NÓS, agus Meon Eile, chomh maith le hardáin meán sóisialta dála Bluesky. Níl teacht ag Scannell ar X níos mó ó d’athraigh Elon Musk na rialacha a bhaineann le sonraí a bhaint ón suíomh sin.  

Na focail Ghaeilge is mó a raibh borradh fúthu ar líne in 2024:
  1. Bánú
  2. Fíordheis
  3. Bréagaisnéis
  4. Toghlimistéir
  5. Algartam
  6. Teangabhunaithe
  7. Drón
  8. Cinedhíothú
  9. Céadrogha
  10. Díolúine
  11. Comhghuaillíocht
  12. Tithíocht
  13. Airtléire

Fág freagra ar '‘Bánú’, ‘cinedhíothú’ agus ‘díolúine’ ar liosta de na focail Ghaeilge is mó a raibh borradh fúthu ar líne in 2024'

  • DáithíÓM

    Bánú agus cinedhíothú ar an nGaolainn ag na díolúinteoirí!!