Ballaí agus rialacha smachta – ní hé seo Cumann Lúthchleas Gael

Tá lagú á dhéanamh ar an traidisiúin as ar eascair an Cumann – mórtas pobail, oidhreacht agus obair dheonach

Ballaí agus rialacha smachta – ní hé seo Cumann Lúthchleas Gael

And if I could I’d build a wall around old Donegal

The north and south to keep them out, by God I’d build it tall

Casinos, chicken ranches, I’d legalize them all

We’d have our own Las Vegas, in the hills of Donegal

 

Tháinig an t-amhrán a chum fear an Bhuna Bhig Pat Ó Gallchóir isteach i m’intinn an tseachtain seo caite nuair a léigh mé go raibh imircigh as Dún na nGall i mbun feachtas bailithe airgid i Londain le sconsa a chur timpeall ar ionad traenála fhoirne an chontae ar an gConmhaigh.

Cruthaíonn an scéal sin agus ceann eile a dtagróidh mé ar ball dó chomh fada ó chéile agus atá an fhealsúnacht as ar eascair Cumann Lúthchleas Gael agus an saol ina maireann an eagraíocht iontach sin inniu.

Is é do bhreithiúnas féin ar an ábhar a inseoidh an gceapann tú gur dul chun cinn, tubaiste nó céim éicint idir eatarthu atá i gceist. Do riadaire seanaimseartha mar mé féin ar fuath leis aon athrú agus atá fós sa gcianaimsir, ní bhfuaireas samhail níb fhearr don dá scéal ach rud a léifeá Lá an Amadáin.

Bhí a theanga ina phluc ag an nGallchórach ar ndóigh agus é ag cumadh an amhráin atá faoi seo ina rosc acu siúd a chónaíonn i sléibhte, gleannta agus machairí a chontae dúchais.

Daoine a choinneáil taobh istigh den bhalla an cuspóir a bheadh le tógáil bhalla Pat, ach a mhalairt ar fad a bheas i gceist le balla Chonmhaí – iad a choinneáil taobh amuigh – beartas atá ann a chosnóidh tuairim €50,000.

An mhéar a shíneadh i dtreo Jim McGuinness an rud ab éasca a dhéanamh sa gcás seo agus léirigh an tréimhse deiridh a chaith seisean i mbun bainistíochta i nDún na nGall an bhéim atá aigesean ar an rúndacht. Féach mar a chaith sé le Caoimhín Ó Casaide as ucht baint a bheith aige le leabhar inar thug deichniúr peileadóirí a dtuairimí faoi Chraobh na hÉireann 2011.

Cúpla mí roimhe sin ba é an Casaideach céanna a scóráil an cúilín a thug an bua dá fhoireann agus an t-am caite i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Ach ní cadhan aonair é McGuinness. Is beag contae sa tír faoi seo nach bhfuil rialacha i bhfeidhm acu a fhágann go bhfuil smacht acu ar an teagmháil a bhíonn idir a gcuid imreoirí agus na meáin chumarsáide.

Níos measa fós atá siad siúd a cheileann an deis ar lucht a leanta a gcuid laochra a fheiceáil i mbun traenála do chluichí tábhachtacha. Nach furasta dearmad a dhéanamh gurb iad siúd a chuireann lámha ina bpócaí le taisteal agus freastal ar chluichí. Siad freisin a thacaíonn le crannchuir, le lató agus le bailiúcháin chontae.

Dá dhonacht maol, is measa mullach.

Baineann an dara scéal le liosta 11 riail a chuir cumann sinsearach chuig an 46 imreoir a bheas ar phainéal sinsir an chlub agus iad ag ullmhú do chraobh a gcontae 2024. Déarfaidh mé arís é­ ­­– craobh club an chontae.

Baineann tuairim is leath de na rialacha le cúrsaí traenála, iad ciallmhar agus inbhainte amach go leor. Ach is iad na cinn a bhaineann le gnaithí pearsanta na n-imreoirí a ardaíonn an cheist an bhfuiltear ag dul thar fóir ar fad leis an gcaoi a gcaitheann bainistíocht le himreoirí an lae inniu – an bhfuiltear ag súil leis an iomarca?

Seo cúpla ceann:

  • Ní ceadaithe d’aon duine atá ag beartú turais chun na hAstráile, Stáit Aontaithe agus Ceanada don samhradh a bheith ar an bpainéal.

 

  • Ní ceadaithe dul ar saoire idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair.

 

  • Ní ceadaithe deochanna meisciúla a ól idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair gan cead na bainistíochta.

 

  • Níl cead spórtanna eile a imirt ó dheireadh an Mheithimh amach – Sacar, Galf, Rugbaí, Lúthchleasaíocht etc.

 

“Gach cineál aclaíochta, bíodh sin eagraithe nó neamheagraithe, ar mhaithe le sláinte choirp agus intinne, a spreagann caidreamh sóisialta nó iomaíocht ag gach leibhéal.”

Sin an sainmhíniú a gheobhas tú ar an bhfocal ‘spórt’ má chuireann tú de stró ort féin a dhul á lorg. Ní bheinn an-siúráilte go réitíonn balla Chonmhaí ná aon cheann de na rialacha atá luaite thuas agam leis sin.

Más í do bhreith gur ionann a bhfuil léite agat agus sampla eile d’Oisín i ndiaidh na Féinne, tabhair faoi deara go raibh Ardstiúrthóir CLG é féin ag déanamh imní faoin mbóthar a bhí á shiúl ag an eagraíocht sa tuairisc a chuir sé os comhair na dteachtaí ag an gComhdháil Bhliantúil san Earrach seo caite.

Glacaim leis gur d’fhoirne idirchontae a bhí Tom Ryan ag tagairt agus é ag caint ar an ardú as cuimse atá ag teacht ar a n-ullmhúchán siúd le dul chun páirce. Ach thagair sé freisin don bhealach ina bhfuil sin ag lagú an traidisiúin as ar eascair an Cumann – mórtas pobail, oidhreacht, obair dheonach srl.

“Ironically for a not-for-profit organisation, much of our pressures manifest themselves in money,” a dúirt an Rianach.

 

Fág freagra ar 'Ballaí agus rialacha smachta – ní hé seo Cumann Lúthchleas Gael'

  • Antóin

    Cad is fiú sconsa gan túir faire mar beidh an-ráchairt go deo ar dhróin i dTír Eoghain!