Bainisteoir nua ceaptha ar Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Is as Seascan Beag i nGaoth Dobhair d’Aodh Máirtín Ó Fearraigh, bainisteoir nua RnaG i nDoirí Beaga

Bainisteoir nua ceaptha ar Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá an craoltóir Aodh Máirtín Ó Fearraigh ceaptha ina Bhainisteoir do Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Damien Ó Dónaill atá ag dul ag obair mar Léiritheoir Sraithe don chlár siamsaíochta tráthnóna Bladhaire.

Is as Seascan Beag i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Aodh Máirtín Ó Fearraigh atá ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga ó 2001.

Tá go leor ama caite aige obair ar fhoireann nuachta an tuaiscirt. Fear mór CLG chomh maith é agus tá spéis mhór sa pholaitíocht aige a fhágann go bhfuil sé ar dhuine de na daoine is mó a shamhlaítear le soláthar RnaG aimsir na dtoghchán.

Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh go raibh sé ag súil go mór lena phost nua agus a bheith i mbun bainistíochta ar fhoireann “an-díograiseach, ábalta agus cumasach ansin”.

Dúirt sé go raibh athruithe móra tagtha ar RTÉ RnaG ó bunaíodh an stáisiún i 1972 agus an stáisiún ag freastal anois ar dhaoine ar fud an domhain.

Chuir ceannaire RnaG, Gearóid Mac Donncha, fáilte roimh an gceapachán.

“Tá scil agus saineolas ar leith aige i gcúrsaí iriseoireachta, i gcúrsaí nuachta agus i gcúrsaí spóirt, agus cuirfidh sé go mór le coiste bainistíochta na seirbhíse.”

Rachaidh Aodh Máirtín Ó Fearraigh i mbun dualgais mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bainisteoir nua ceaptha ar Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta'