Bainfidh Gaston Lagaffe gáire asat, b’fhiú Gaeilge a chur ar a shaothar

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chuir Gaston Lagaffe na glúnta léitheoirí, idir shean agus óg, ag gáire ar mhór‑roinn na hEorpa

Bainfidh Gaston Lagaffe gáire asat, b’fhiú Gaeilge a chur ar a shaothar

Ní cuimhin liom cén aois a bhí mé nuair a fuair mé airgead póca den chéad uair ach caithfidh sé go raibh mé sách óg, mar nuair a cheannaigh mé greannán leis an gcéad chúpla gildear a bhí bailithe le chéile agam, níor thuig mé chuile fhocal ann agus b’éigean dom ceist a chur ar mo mhuintir céard ba chiall leo.

Ábhar iontais dom a bhí sa mhéid sin toisc gur dúradh liom ariamh nár ‘leabhair chearta’ iad na greannáin toisc go raibh siad ‘róshimplí’. (Go deimhin, ba é sin an fáth go raibh orm iad a cheannach le mo chuid airgid phóca féin.) Sa tréimhse sin, bhí ar a laghad ‘gnáthleabhar’ amháin don aos óg in aghaidh na seachtaine á léamh agam – cén fáth mar sin go raibh greannán ‘simplí’ ag tabhairt oiread sin deacrachtaí dom?

Níor leag mé uaim an t‑albam céanna toisc go raibh sult le baint as na jócanna, as na pléasctha agus as an bhfuaimfhoclaíocht fhíorshamhlaíoch (Brolololom!!!), fiú mura dtuigfeá gach focal agus chuile nath cainte ann. Ach níor thuig mé go dtí go raibh mé cúpla bliain níos sine gur sraith dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta, seachas ar pháistí, atá sna greannáin Gaston Lagaffe leis an údar ón mBeilg, André Franquin (1924‑1997).

Faoin am sin, bhí mé chomh gafa sin le Gaston Lagaffe go raibh mo chuid airgid phóca ar fad á chaitheamh agam ar na greannáin sin, agus sa deireadh bhí na halbaim ar fad agam.

Ansin chuaigh tríocha bliain thart, bhog mé go hÉirinn agus ina dhiaidh sin go dtí an Bhrasaíl, agus áit éigin i lár an bhealaigh, chuaigh mo chuid albam Gaston Lagaffe ar strae.

Rinne mé dearmad orthu, ach bliain nó dhó ó shin agus mé i siopa dara láimhe i mo bhaile dúchais san Ísiltír, chonaic mé bosca mór lán greannán Gaston Lagaffe, gan ach euro ar gach ceann, agus thug mé slám acu abhaile liom. Ní raibh na halbaim ar fad acu, ach chuile uair a bhím sa bhaile, tugaim cuairt ar an siopa sin, féachaint an bhfuil na cinn atá fós in easnamh i m’athbhailiúchán ar fáil.

Cén fáth go bhfuil mé chomh gafa sin arís le Gaston Lagaffe in aois mo 48 mbliana? Cinnte, tá mé chomh meallta céanna ag na jócanna, na pléascanna agus ag an bhfuaimfhoclaíocht agus a bhí dhá scór bliain ó shin, ach feicim anois gur carachtar i bhfad níos ilghnéithí agus i bhfad níos doimhne atá in Gaston ná mar a thuig mé an uair sin.

‘Praiseach’ is ciall le sloinne Gaston, Lagaffe, i bhFraincis agus leis na sloinnte a baisteadh air sna 25 teangacha éagsúla ina bhfuil an tsraith ar fáil.

Agus praiseach a dhéanann sé, ceann nó dhó in aghaidh an leathanaigh. Cliseann ar na meaisíní aisteacha a thógann sé in am an bhoss, in oifig irise ina bhfuil sé ceaptha litreacha na léitheoirí a fhreagairt, agus pléascann siad ina aghaidh féin nó, níos minice, in aghaidh a chuid comhghleacaithe.

Ach fear é a bhfuil a chroí san áit cheart. Cúnamh a thabhairt do dhaoine eile – agus d’ainmhithe – an aidhm a bhíonn aige i gcónaí, agus minic go leor bíonn teachtaireacht fhealsúnach i bhfolach taobh thiar de na búm‑anna agus na scamaill deataigh.

Tá jóc amháin i gceann de na halbaim a léiríonn na gnéithe sin go beacht. Sa jóc sin, tá duine dá chuid comhghleacaithe mall do chruinniú práinneach agus tairgeann Gaston síob a thabhairt dó sa seancharr meirgeach atá aige. Ach nuair a thugann Gaston faoi deara go bhfuil ceann den dá fháinleog a bhfuil nead déanta acu ina charr ar iarraidh, socraíonn sé fanacht go dtí go bhfilleann an fháinleog ar an nead agus ar a páirtnéir. Faoin am sin, tá an trácht ina thranglam agus ní bhainfear amach an cruinniú práinneach úd go deo, ach deir comhghleacaí Gaston leis féin, i mbalún smaointe: ‘An bhfuil a fhios agat seo, ach tá an ceart aige.’

Thiar i 1957 a chruthaigh Franquin an frithlaoch cruthanta seo agus ba iad na 1970idí a ré órga, ach bhí Gaston i bhfad chun cinn ar lucht a linne an t‑am sin. Baineann sciar suntasach de na greannáin le hiarrachtaí ainmhithe a chosaint, an timpeallacht a chaomhnú agus stop a chur le truailliú, ábhair nach raibh an oiread sin cainte orthu sna laethanta sin; gan dabht ar bith, bheadh Gaston ina bhall de Extinction Rebellion inniu.

Cé go bhfuil greannáin Gaston ar fáil i dteangacha móra agus beaga na mór‑roinne le fada an lá, ar chúis éigin níor aistríodh go Béarla iad go dtí an bhliain 2017; ró‑Eorpach b’fhéidir. Tá cuid acu ar fáil i mBriotáinis; cá bhfios nach dtabharfaidh duine éigin air féin é lá breá éigin iad a aistriú go Gaeilge. Mar a tharlaíonn, tá an tsraith suite sa Bhruiséil, mar a bhfuil cónaí ar raidhse aistritheoirí cumasacha.

Molaim ‘Cathal Ciotach’ mar theideal!

Fág freagra ar 'Bainfidh Gaston Lagaffe gáire asat, b’fhiú Gaeilge a chur ar a shaothar'

  • jpmorley0@gmail.com

    An-smaoineamh. Droch-sheans go ndéanfadh aistritheoirí na Bruiséile rud chomh leasmhar sin do phobal na Gaeilge, áfach, óir ba dheacair a gcloigne a bhaint amach amach as an “machine-à-ne-plus-entendre-ronfler” faoi mar a léirítear sa chartún thuas é.