Bainfidh foréigean agus ciníochas scéal Iúdáis i measc na bPantar siar asat

Tá sé ainmniúchán Oscar faighte ag saothar Shaka King a thugann éachtaint ar shaol agus ar mharú Fred Hampton.

Bainfidh foréigean agus ciníochas scéal Iúdáis i measc na bPantar siar asat

Judas and the Black Messiah
Stiúrthóir: Shaka King
Cliar: Daniel Kaluuya, LaKeith Stanfield, Jesse Plemons, Dominique Fishback, Martin Sheen.

Ba thréimhse chinniúnach a bhí sna seascaidí maidir leis an gcaidreamh idir ciníocha i Meiriceá; siúlóid chearta sibhialta Selma go Montgomery, feallmharú JFK is Malcolm X agus a lán nithe eile nach iad. Gineadh gluaiseacht an Black Panther Party i rith na tréimhse éagóraí, corraí seo. Chuir an dream seo, a raibh lé acu le tuairimíocht Mharx, cuma mhíleata orthu féin agus aidhm acu an pobal gorm a chosaint ó fhoréigean agus cos ar bolg na bpóilíní. Bhídís in adharca na bpóilíní go minic agus maraíodh is gortaíodh daoine ar an dá thaobh.

Ag tosach an scannáin címid ceann feadhna míchlúiteach an FBI i rith na tréimhse sin, J Edgar Hoover (Sheen), ag maíomh gurbh iad na pantair “the single greatest threat to our national security”.

Ceann de théamaí an scannáin seo ná nach raibh aon teora le camastaíl agus foréigean an FBI/na póilíní agus iad ag iarraidh an ghluaisteacht agus a cuid ceannairí a threascairt. Chuige sin deineadh iarracht daoine a shíothlú isteach sa ghluaiseacht le dul i mbun spiaireachta agus le míshásamh a chothú. Duine acu sin ba ea Bill O’Neal (Stanfield). Sa saothar seo, atá bunaithe ar scéal fíor, cuireann an FBI iachall ar O’Neal é féin a shíothlú sna pantair agus feall a dhéanamh orthu. Cuireadh an tsúil ribe air nuair a gabhadh é as cairt a ghoid. An gníomhaire de chuid an FBI Roy Mitchell (Plemons) ag tathant agus ag bagairt air. É á rá gur an dá mhar chéile iad na pantair agus an KKK.

Cuirtear Hampton (Kaluuya) inár láthair mar cheannaire lasánta, antoisceach, inspioráideach. É deisbhéalach os comhair slua ach níos cúthaile leis féin. An seasamh míleata taobh leis na hiarrachtaí cabhrú leis an bpobal ó thaobh bia, sláinte agus oideachais. Cuireann Kaluuya carachtar diongbháilte caithiseach os ár gcomhair. Éiríonn O’Neal gafa le Hampton agus a chuid feachtasaíochta. Lé aige leis an gcúis, eagla an domhain air go nochtfaí gur fealltóir é. Tá sé ina Thadhg an dá thaobh cruthanta agus éiríonn le Stanfield corraíl intinne a charachtair a léiriú go paiteanta.

Bainfidh foréigean, ciníochas agus camastaíl na tréimhse agus na n-údarás siar asat. Ba mhinic é ina chogadh dearg idir na póilíní agus na pantair agus taibhsítear dom ar uairibh go rabhthas ar leac an chogaidh chathartha. Ní leasc le King na míreanna foréigin seo a léiriú go soiléir; an chríoch bhrúidiúil, thochtmhar san áireamh. Babhta lámhaigh inar scaoil na póilíní tuairim is 99 urchar nuair nár scaoil na pantair ach ceann amháin.

Camastaíl O’Neal ba chúis le treascairt Hampton i 1969 agus léirítear dúinn i rith an scannáin agus sa scríbhneoireacht ag deireadh an tsaothair gur fhág seo lorg aigneolaíoch ar an bhfear ar feadh i bhfad. Déantar athchruthú ar mhíreanna den agallamh a rinne sé don saothar Eye on the Prize 2 mar aon le míreanna de a thaispeáint. Chuir O’Neal lámh ina bhás féin an oíche gur craoladh an t-agallamh i 1990.

Fág freagra ar 'Bainfidh foréigean agus ciníochas scéal Iúdáis i measc na bPantar siar asat'

  • Ciara

    Cá háit a bhfuil an scannán seo ar fáil?