Bainimis taitneamh as chomh fada is a mhairfidh sé Leicester, ní fheicfimid a leithéid arís

Bronnfar corn na Príomhroinne ar Leicester i ndiaidh a gcluiche tráthnóna ach beidh tamall fada ann go bhfeicfidh muid a leithéid ag tarlú arís

Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images
Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images

An Luan seo caite, nuair a theip ar Tottenham Chelsea a bhualadh, chinntigh sé gurb iad Leicester City curaidh na Príomhroinne do 2015/2016. Pé rud a tharlaíonn sa chluiche in aghaidh Everton tráthnóna, beidh siad sa  ag ceiliúradh sa KingPower Stadium agus corn na Príomhroinne á bhronnadh ar Leicester inniu.

Gan amhras, is é an gaisce is iontaí a tharla i stair na Príomhroinne, nó i stair an spóirt fiú agus tabharfaidh sé misneach de na foirne uile sa tsraith gur féidir leo an t-éacht céanna a dhéanamh.

Faraor, tá sé i bhfad níos cosúla gur eisceacht amach agus amach a bhí i mbua Leicester agus nach bhfeicfimid a leithéid ag tarlú arís go ceann i bhfad. Tá sé ráite ag a mbainisteoir, Claudio Ranieri, cheana féin nach mbuafaidh Leicester an tsraith an séasúr seo chugainn agus go mbeadh sé féin sásta leis an deichiú háit sa tábla.

Tá cúpla cúis leis sin ach ba é an ceann is mó ná laige na bhfreasúraí a bhí ag Leicester sa tsraith i mbliana. Cé gur chuir Tottenham scrúdú orthu, ghéill na foirne móra eile gan troid.

Ba é seo an séasúr is measa a bhí ag mórfhoirne Shasana ó thús na Príomhroinne. B’iad Chelsea curaidh na bliana seo caite ach tá an chosaint is measa riamh déanta acu ar chorn na Príomhroinne. Thit siad as a chéile faoi chúram Jose Mourinho agus tá siad sa naoú háit faoi láthair, níos giorra d’áiteanna na an íslithe céime ná barr na sraithe.

Ní éirigh le Manchester Utd, Chelsea, Manchester City, Arsenal nó Liverpool 80 pointe a bhaint amach, an chéad uair nár éirigh le ar a laghad ceann de na clubanna sin an méid sin sin a dhéanamh sa tsraith le beagnach 20 bliain anuas.  I mbliana, tá seans ag Arsenal agus City 70 pointe a bhaint amach ach sin é.

Agus Pep Guardiola agus Antonio Conte ag teacht go dtí an Phríomhroinn an séasúr seo chugainn, is cinnte go gcuirfidh siad eagar éigin ar City agus Chelsea.

Buntáiste eile a bhí ag Leicester ná an t-ádh a bhí orthu maidir le gortuithe. Is acu a bhí an líon is lú gortaithe sa Phríomhroinn i mbliana. Mar gheall air sin, d’éirigh lena gcuid imreoirí is tábhachtaí, leithéidí Wes Morgan, Jamie Vardy, Riyad Mahrez nó N’Golo Kanté, beagnach gach cluiche a imirt. B’iad Leicester a d’úsáid an líon is lú imreoirí i rith an tséasúir, 23, i gcomparáid le gach foireann eile, Liverpool agus Manchester Utd ag úsáid deichniúir níos mó ná sin.

Ag caint ar Vardy agus Mahrez, a bhfuil 29 cúl scóráilte eatarthu an séasúr seo, tá siad beirt i measc na bpríomhchúiseanna gur éirigh le Leicester i mbliana. Ceann de na rudaí is mó a thabharfaidh misneach d’fhoirne eile ná nár íoc Leicester ach €1.75M ar an mbeirt. Déanann sé ceap magaidh den €46.5M a chaith Liverpool ar Christian Benteke nó €34M a chaith Manchester Utd ar Memphis Depay.

Ní chiallaíonn rath Mahrez nó Vardy go n-éireoidh le gach imreoir a thagann ó Le Havre nó Fleetwood Town, faraor. Tá na mílte scabhta fostaithe ag clubanna atá ag lorg imreoirí ar fud na cruinne. Cé go sleamhnaíonn cúpla imreoir tríd an gcóras anois agus arís, is beag seans go mbuafaidh imreoir a chosain €500,000 gradam Imreoir na Bliana go luath arís, mar a rinne Mahrez.

É sin uile ráite, ba chuma sa diabhal le leantóirí Leicester agus iad ag ceiliúradh anocht ach bainimis taitneamh as chomh fada is a mhairfidh sé mar ní fheicfidh muid a leithéid le tamall fada.

Fág freagra ar 'Bainimis taitneamh as chomh fada is a mhairfidh sé Leicester, ní fheicfimid a leithéid arís'