Iarghiolla díolta bonn gluaisteán as South Philadelphia, bhí an ghráin dhearg ag Samuel Byck ar Richard Nixon. Nár dhiúltaigh Small Business Association Mheiriceá síolchaipiteal dá ghnó? Cruthúnas críochnaithe na comhcheilge a chleacht Nixon in éadan na mbocht, i dtuairim ár bhFrithlaoch Lán-Mheiriceánach meánaosta, díomách, gealchraicneach, crosta.
Scríobh Byck go Samuel Bernstein, ceoltóir, á mhíniú seo go léir dó. Freagra, mo léan, ní bhfuair. Go deimhin, ní raibh aon dul as ag Samuel Byck ach 747 a leaindeáil ar An Teach Bán.
Míorúilt é ionchollú Samuel Byck ó thaobh na gangaide agus na feirge mire (Dan Gordon) de i léiriú reatha Selina Cartmell ar Assassins Stephen Sondheim, a léiríonn go bhfuil a theanga ina leathphluc aige ach é lándáiríre san am céanna. Draíodóir na gceoldrámaí smaointeacha é Sondheim agus é i dtiúin le zeitgeist ilchultúrtha bhlianta déanacha an fichiú haois.
Agus é suite i dtuairtcharr i seópháirc ‘dodgem’, gléasta mar Dhaidí na Nollag, míníonn Byck a chás dúinn i dtuin chainte fhear tacsaí ón Bronx, (samhlaigh Jimmy Durante agus an líne seo á léamh agat):
‘What kind of a world is it that a decent man like Sam Byck has to drop a 747 on the White House to make a point?’
Tar éis dom Assassins Stephen Sondheim d’fheiscint in Amharclann an Gheata, táim sásta anois nach ndéanfadh éinne atá leath ar a chiall iarracht Uachtarán Mheiriceá a mharú.
Le teann diabhlaíochta, déanann Sondheim seó siamsúil na páirce aeraíochta as tragóid nó áiféis na n-iarrachtaí a rinneadh Uachtaráin éagsúla a mharú. ’Sí téis an cheoldráma, má ardaíonn éinne gunna nó scian in éadan uachtaráin, is féidir a rá go bhfuil ceann éigin de na seachráin chéille seo a leanas ag cur as dó…
a) Níl an fear ‘ceart’ sa Teach Bán agus tá sé de dhualgas orm an t-easnamh sin a leigheas.
b) Tá gá le holl-fheallbheart chun go mbeidh an domhan uilig ina cheart den chéad uair riamh.
c) Má éiríonn liom an tUachtarán a mharú, luíonn sé le réasún go dtuillfidh mé grá, meas agus urraim na mná/an fhir a bhfuilim i ngrá léi/leis, ach nach dtuigeann siad féin an méid sin fós.
d) Seo mo sheans chun mo lorg a fhágáil ar an stair. Labhrófar fúm go deo na ndeor agus beidh ciall le mo shaol.
Naoi n-iarracht, go bhfios dúinn, a rinne daoine Uachtarán Mheiriceá a fheallmharú. Na cinn ar theip orthu – Giuseppe Zangara (Franklin Roosevelt, 1933), Samuel Byck (Richard Nixon, 1974), Lynette ‘Squeaky’ Fromme (Gerald Ford, 1975), Sara Jane Moore (Gerald Ford, 1975), agus John Hinckley (Ronald Reagan, 1981).
D’aimsíodar seo a leanas a sprioc – John Wilkes Booth (Abraham Lincoln, 1865), Charles Guiteau (James Garfield, 1881), Leon Czolgosz (William McKinney, 1901) agus Lee Harvey Oswald (JFK, 1963).
Ba shiamsúil an seal a chaitheas le John Wilkes Booth, Lee Harvey Oswald, ‘Squeeky’ Fromme agus a gcomhchaillteoirí ar áiléar sheópháirc Sondheim an oíche fá dheireadh. Chuir Rachel O’Byrne agus Ruth McGill, aisteoirí fadchosacha riteog-spaglainneacha díolta ‘candy’, ag pramsáil inár measc roimh thús an taispeántais. Chuireadar beirt go mór le hatmaisféar an charnabhail a chruthú ar theacht isteach san amharclann dúinn, an nóiméad beannaithe sin sula múchtar na soilse tí, móimint a bhíonn i gcónaí ar tinneall le féidearthachtaí sácráilte den uile shórt.
Agus iad fé stiúir an úinéara údarásaigh Nicholas Pound – ‘Don’t be scared you won’t prevail, everyone’s got a right to sell sunshine’ – , tagaid ar stáitse, duine i ndiaidh duine, gailearaí na mbithiúnach thuasluaite. Gach aon duine díobh dúghafa le fearg agus feitis ghunna agus a rogha Uachtarán sna treoracha acu.
Tá an ceol, an dearadh, an gléasadh, na soilse agus an fhuaim sa léiriú thar barr. Bualadh bos do Cathal Synnott, Sarah Bacon, Sinead McKenna, David Bolger agus Alexis Nealon. Dearbhú arís, agus iad fá cheannas Selina Cartmell i mbliana, gur compántas ceart anois iad lucht gairmiúil an Gheata atá iomlán tiomanta don dráma ar stáitse, agus don dráma ar stáitse amháin.
Tá cliar an cheoldráma go léir go maith, ach seasann ‘John Wilkes Booth’ sotalach Matthew Seadon-Young, amach. Tá ‘Charles Guiteau’ craiceáilte Mark O’Regan iomlán gleoite ina chuid gealtachais. Tá ‘Sara Jane Moore’ chiotrúnta Aoibhéann McCann ‘dead-on’, mar a deir muintir Rann na Feirste – tugann sí a páiste léi ar a seáp feallmharaithe, in ainm Chroim!
Chomh maith le ‘Byck’ Dan Gordon, cuireann ‘Lynette ‘Sqeaky’ Fromme’ Kate Gilmore an dlaoi mhullaigh ar aoibhneas na hoíche domsa. An chaoi a chruthaíonn sí bíoga in airde a gutha, a compord aclaí, a feitis láimhseála gunna agus an tsaobhthuairim thruamhéalach aici go mbeidh sí istigh arís le Charles Manson ach fáil réidh le Gerald Ford. Foirfe!
Agus menagerie samhlaíoch na ngealt á chur le chéile go sciliúil romhainn fá scigstiúradh dána, íorónta Selina Cartmell, taibhsíodh dom, den chéad uair riamh, nach baol don Trumpadán piléir a leagtha. ’Sé sin, mura gcasann sé an gunna air féin.
Tá fear san oifig ubhchruthach a shásaíonn fantaisíocht shíceapatacha uilig an saghas duine a fheallmharaíonn Uachtarán.
‘Féach, mar aon liom féin, tá an tUachtarán reatha ar saobhchiall freisin,’ ar siad. Is ábhar buartha dom go bhfuil a bhfear sa Teach Bán cheana féin acu siúd a bhíonn ag sodar leis na sióga. A léamh siúd, comhbhádóirí mire an ghunna, go gcaithfear an Trumpadán a choimeád i gcumhacht, seachas a mhalairt.
Ní gá aon 747 a leaindeáil ar an White House. Tá ceann leaindeáilte istigh ann cheana.
Ach is é Sondheim an chéad duine a thuig nárbh éin chorra aonaránacha amháin iad na feallmharfóirí seo. Le chéile, is ionann iad freisin agus complacht fhrithlaochra an tromluí lánMheirceánaigh.
Agus thairis sin, is scanrúil gur minic a chothaíonn cáil agus cogar sa chluas an chompántais buile sin an chéad earcaigh eile dá gcomplacht chorr.
Gan ach cúpla seachtain eile le dul acu sa ‘Gate’, fágaigí i bhur ndiaidh an gnáthshaol compordach agus isteach libh chucu. Is fiú an dua an toradh.
– Tá ‘Assassins’ le Stephen Sondheim ar siúl in Amharclann an Gheata go dtí Dé Sathairn, an 2 Meitheamh
Fág freagra ar 'Ba shiamsúil seal sa ‘Gate’ i bhfochair John Wilkes Booth, Lee Harvey Oswald agus ‘Squeeky’ Fromme…'