Aire stáit faoi bhrú i nDún Laoghaire agus deis ag Gaeilgeoirí Fhianna Fáil i bhFine Gall ar shuíocháin

Sa tsraith speisialta seo, caitear súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugtar tuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. An babhta seo, tá cuid de dháilcheantair Bhaile Átha Cliath againn

Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir

Líon na suíochán: 3

De bharr an méadú ar an daonra ó 2020 i bhFine Gall, socraíodh dhá dháilcheantar 3 shuíochán a chruthú, Fine Gall Thoir agus Fine Gall Thiar. Tá cúigear déag (15) iarrthóirí ag seasamh i bhFine Gall Thoir, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: An tAire Tithíochta Darragh O’Brien (FF); Alan Farrell (FG) agus Duncan Smith (LO).

Sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo den Dáilcheantar bhí thart ar 21% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil. Fuair an tAire Darragh O’Brien (FF), a bhfuil Gaeilge aige, 10,111 vóta in 2020 agus toghadh é ar an ochtú comhaireamh. Tá iarrthóir eile ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar, Manju Devi, bean ó Kerala na hIndia atá ag obair mar altra i mBaile Átha Cliath. Níor cheart go mbeadh aon stró ar Darragh O’Brien (FF) a shuíochán a choinneáil.

Ag seasamh d’Fhine Gael tá Alan Farrell (FG). Fuair sé 6,213 vóta in 2020 agus toghadh é ar an gceathrú duine sa Dáilcheantar cúig shuíochán. Níl aon iarrthóir eile ag Fine Gael sa Dáilcheantar. Ba cheart go mbeadh a shuíochán sábháilte.

Beidh a dhóthain le déanamh ag Duncan Smith (LO) lena shuíochán a choinneáil. Fuair sé 4,513 vóta in 2020 agus thóg sé an cúigiú suíochán gan an cuóta a shroichint le 188 vóta aistrithe ón gComhairleoir Dean Mulligan (Ind4Ch). Tá tacaíocht ag Mulligan (Ind4Ch) ó Clare Daly, a bhíodh ina Teachta Dála sa gceantar seo. Toghadh Dean Mulligan (Ind4Ch) ar Chomhairle Fhine Gall do cheantar Shord Cholmcille le 2,000 ar bharr an chomhairimh. Má bhíonn sé chun cinn ar na hiarrthóirí eile ón eite chlé, gheobhaidh sé aistriú maith vótaí uathu agus seans maith aige an suíochán a bhaint ón Lucht Oibre.

Ag seasamh do Shinn Féin tá an Comhairleoir Anne Graves (SF). Sna toghcháin áitiúla níor éirigh léi suíochán a bhuachan ach comhthoghadh í ar an gComhairle Contae nuair a d’éirigh Marian Buckley (SF) as go gairid tar éis an toghcháin. Seans go gcabhróidh a vóta le Dean Mulligan (Ind4Ch) a choinneáil sa rása agus chun cinn ar Duncan Smith (LO).

D’fhéadfadh an Comhairleoir Joan Hopkins (DS) a bheith san iomaíocht chomh maith don suíochán. D’éirigh léi 3,272 vóta a fháil i gceantar Bhinn Éadair-Mullach Íde sna toghcháin áitiúla. Má bhíonn sí chun cinn ar Dean Mulligan (Ind4Ch) agus Duncan Smith (LO) tá seans láidir ann go dtógfaidh sí an suíochán.

Ian Carey (CG) atá ag seasamh don Chomhaontas Glas. Ní bhfuair sé ach 848 vóta sna toghcháin áitiúla i Sord Cholmchille ach d’fhéadfadh go mbeadh cúpla míle vóta aige le roinnt, nuair a chuirfear as an áireamh é, a chabhróidh le Duncan Smith (LO) agus le Joan Hopkins (DS).

Tá roinnt iarrthóirí eile ar an eite chlé san iomaíocht: Victoria Byrne (PsB) agus Ollie Power (PsB) do Phobal seachas Brabús. Ag rith d’Aontú tá Margaret McGovern. Ben Gilroy (LR) ón grúpa Liberal Republic, an t-aon iarrthóir san iomaíocht ó pháirtí ar an eite dheis.

Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: Tony ‘Theo’ Donnelly (Nspl); Darren Jack Kelly (Nspl) agus Fergal O’Connell (Nspl).

Is cinnte go mbeidh suíochán amháin ag Fianna Fáil agus suíochán amháin ag Fine Gael. Beidh an tríú suíochán idir triúr ar an eite chlé: Dean Mulligan (Ind4Ch), Duncan Smith (LO) agus Joan Hopkins (DS). Is mó seans go bhfaighidh Hopkins (SD) sciar níos mó de na vótaí a bheas ag Smith (LO) ná mar a bheas le fáil ag Dean Mulligan (Ind4 Ch) agus ar an gcaoi chéanna shamhlóinn go bhfaighidh Hopkins (DS) níos mó de na vótaí aistrithe ó Dean Mulligan (Ind 4 Ch) ná mar a bheas le fáil ag Smith (LO). Ar an gcaoi sin tá seans níos fearr ag Hopkins (DS) ná ag ceachtar den bheirt eile ar an eite chlé.

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; DS 1  

Baile Átha Cliath-Fine Gall Thiar

Líon na suíochán: 3

Tá dháréag (12) iarrthóirí ag seasamh, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Louise O’Reilly (SF) agus Joe O’Brien (CG).

Bhí Louise O’Reilly (SF) ar bharr an chomhairimh i bhFine Gall in 2020 le 15,792 vóta agus toghadh í ar an gcéad chomhaireamh agus 5,218 vóta le spáráil aici. Seans maith go mbeidh sí ar bharr an chomhairimh arís an babhta seo. Leis an bpróifíl ard atá aici sna meáin náisiúnta ba cheart go gcoinneodh sí a suíochán go compordach.

Sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo den Dáilcheantar bhí thart ar 12% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil agus 12% ag iarrthóirí ó Fhine Gael agus bhí 28% ag iarrthóirí ón Lucht Oibre. Bhíodh an Comhaontas Glas láidir sa gceantar seo ach sna toghcháin áitiúla ní raibh ag iarrthóirí ón Chomhaontas Glas ach 6%. Bhí thart ar 11% ag iarrthóirí Shinn Féin.

Is iarrthóir láidir í An Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (FF). In 2020 fuair sí 3,523 i bhFine Gall agus í ag roinnt an ticéid le Darragh O’Brien. Anois tá sí ar an ticéad aisti féin. Is cainteoir líofa Gaeilge í, a labhraíonn amach go minic faoi cheist na teanga. Tá seans an-mhaith aici ar shuíochán a thógáil.

Gabhfaidh sé rite leis an gComhaontas Glas an suíochán atá ag an Aire Stáit Joe O’Brien (CG) a choinneáil. Nuair a roinneadh amach a vóta in 2016 fuair iarrthóir an Lucht Oibre, an ceathrú cuid díobh.

Grace Boland (FG), dlíodóir ó Na Sceirí, atá san iomaíocht d’Fhine Gael. Is iníon í le John Boland (FG), a bhí ina Theachta Dála don cheantar seo ó 1977 go 1989. Le seans a bheith aici theastódh go mbeadh sí chun cinn ar Lorraine Clifford-Lee (FF), dlíodóir eile as Mullach Íde. D’fhéadfadh gurb é roinnt vótaí Joe O’Brien (CG) a shocróidh cé acu den bheirt dlíodóirí a thógfaidh an tríú suíochán Boland (FG) nó Clifford-Lee (FF).

San iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Comhairleoir Robert O’Donoghue (LO) a fuair 3,185 vóta i gceantar An Ros-Lusca sna toghcháin áitiúla. Le tacaíocht mar sin agus aistriúchán ó Joe O’Brien (CG) bheinn ag súil go dtógfadh sé suíochán.

Ar an eite chlé chomh maith tá Bryn Edwards (PsB) ag seasamh do Phobal seachas Brabús. Ag rith d’Aontú tá Robbie Loughlin (Aon).

Tá roinnt iarrthóirí ar an eite dheis san iomaíocht: Ben Gilroy (LR) ón ngrúpa Liberal Republic; John Oakes (IFP) ón Irish Freedom Party agus Mark Joseph Parsons (IP) ón Irish People.

Tá beirt iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: An Comhairleoir Tony Murphy (Nspl) a fuair 2,148 i mBaile Brigín sna toghcháin áitiúla.

Tuar Tuairisc: FF 1; LO 1; SF 1

Dún Laoghaire

Líon na suíochán: 4

Tá athrú beag sa Dáilcheantar sa mhéad is go bhfuil thart ar 9,000 vóta bainte as, thart ar Charraig an tSionnaigh agus iad curtha le Ráth an Dúin. Ceithre shuíochán atá le líonadh agus tá aonar déag (11) san iomaíocht, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: An tAire Stáit Ossian Smith; Richard Boyd Barrett (PsB); an tAire Stáit Jennifer Carroll-MacNeill (FG); agus Cormac Devlin (FF).

Sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo den Dáilcheantar bhí thart ar 35% den vóta ag iarrthóirí ó Fhine Gael; 12% ag Fianna Fáil; 5% ag Sinn Féin; 11% ag an Lucht Oibre agus 12% ag páirtithe eile ar an eite chlé.

Beirt iarrthóirí atá ag Fine Gael: an tAire Stáit Jennifer Carroll-MacNeill (FG) agus an Seanadóir Barry Ward (FG). Tá próifíl ard ag an mbeirt iarrthóirí atá ag Fine Gael ar na meáin chumarsáide. Tá Barry Ward (FG) ar dhuine den bheagán iarrthóirí atá ag Fine Gael a mbíonn ar a chumas agallamh a dhéanamh ar RnaG. Chaill Fine Gael suíochán i nDún Laoghaire, ceann a fuair Fianna Fáil, in 2020. Tá Fine Gael sách láidir sa Dáilcheantar le dhá shuíochán a thógáil ach an vóta a roinnt réasúnta cothrom idir an bheirt iarrthóirí.

Bhí Richard Boyd Barrett (PsB) ar bharr an chomhairimh in 2020, le 9,632 vóta ach níor toghadh é go bhfuair sé vótaí aistrithe ó Shane O’Brien (SF). Nuair nár éirigh le O’Brien suíochán ar an gComhairle Contae a fháil sna toghcháin áitiúla, níl mórán de sheans aige ar shuíochán Dála.

D’fhéadfadh an tAire Stáit Ossian Smith (CG) a bheith i dtrioblóid anseo, má bhíonn mórán de laghdú ar a vóta. Cé gur thug sé leis an chéad shuíochán in 2020, tá an tonn tuile a chroch bád an Chomhaontais Ghlais in 2020 tráite. Beidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh, ag brath ar aistriú vótaí ón gComhairleoir Martha Fanning (LO) ón Lucht Oibre agus ó Miles Hugo (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta, sé sin má bhíonn sé chun cinn ar an mbeirt acu.

Bhí 11% den vóta sna toghcháin áitiúla i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin ag iarrthóirí ón Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla agus bhí 6% ag iarrthóirí ó na Daonlathaithe Sóisialta. Fuair an Comhairleoir Martha Fanning (LO) 912 vóta i gceantar na Carraige Duibhe. Bhí 900 vóta ag Hugo Mills (DS) i nDún Laoghaire, ach theip air suíochán a fháil.

Bhi 16% den vóta idir beirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil in 2020, Mary Hanafin (FF) agus Cormac Devlin (FF). Cé go raibh nimh idir na hiarrthóirí le linn an fheachtais, aistríodh 63% de vóta Hanafin (FF) chuig Devlin (FF) agus thóg sé an suíochán deireanach ó Fhine Gael.

Ag seasamh d’Aontú tá Mairéad Tóibín (Aon). Fuair sí 1,185 vóta in 2020. Beidh sí ag déanamh go maith an vóta a thabhairt suas go 2,000 an babhta seo. Is beag nár thóg sí suíochán ar an gComhairle Contae nuair a fuair sí 997 vóta, 60 vóta níos mó ná Shane O’Brien (SF) sa toghcheantar céanna.

Tá iarrthóir amháin ar an eite dheis san iomaíocht: Cathy Lynch (IP) ón grúpa Irish People. Tá iarrthóir neamhspleách amháin san iomaíocht: Michael O’Doherty (Nspl).

Ba cheart go mbeadh suíochán Richard Boyd Barrett (PsB) slán. Tógfaidh FG suíochán amháin cinnte agus beidh an páirtí san iomaíocht don suíochán deireanach, seans maith in aghaidh Ossian Smyth (CG). Is beag nár theip ar Fhianna Fáil an uair dheireanach suíochán a choinneáil. Leis an ardú ar vóta Fhianna Fáil i measc na n-aicmí is fearr as, ba cheart go n-éireodh le Cormac Devlin (FF). Is oibrí díograiseach sa dáilcheantar é Cormac Devlin (FF) a bhíonn le feiceáil ar an talamh agus tá feachtas láidir canbhasála aige sa Dáilcheantar ar fad an babhta seo. Le bheith cinnte dá shuíochán theastódh go mbeadh thart ar 9,000 vóta céadrogha aige mar nach mbeidh mórán aistriúchán le fáil ó iarrthóirí eile.

Tuar: FF 1; FG 2; PsB 1.

Fág freagra ar 'Aire stáit faoi bhrú i nDún Laoghaire agus deis ag Gaeilgeoirí Fhianna Fáil i bhFine Gall ar shuíocháin'