FÉILTE
Ceol, amhráin agus damhsa ag Féile na Mí i Ráth Chairn
Má tá tú buailte ag an dobrón agus féile Oireachtas na Samhna thart go ceann bliana eile, ná caill do mhisneach mar go bhfuil Féile na Mí ar na bacáin. Beidh féile na bliana seo ar bun ó 14 go 17 Samhain agus neart ceoil, damhsa agus amhránaíocht ar an gclár a chuirfidh ruaig ar an doilíos croí is a choinneoidh brí sna cnámha go Nollaig. Cuirfear tús leis an bhféile tráthnóna Déardaoin mar a mbeidh seisiún ceoil sa mBradán Feasa.
Ar an Aoine, 15 Samhain cuirfear ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós ar bun sna scoileanna i rith an lae agus cuirfear comórtais amhránaíochta do dhaoine óga suas go daoine Faoi 18 ar siúl sa tráthnóna. Comórtas bodhránaíochta do dhaoine os cionn 16 bliana d’aois a chuirfidh clabhsúr le himeachtaí na hAoine.
Lá arna mhárach, an Satharn 16 Samhain, beidh comórtais damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga agus daoine fásta, chomh maith le comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine fásta agus Corn Cuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín le fáil ag an mbuaiteoir. Beidh seisiún ceoil sa mBradán Feasa sa tráthnóna agus ceol le hÉamonn Mac Donncha agus na Hot Toddies ag Club na Féile.
Seisiún ceoil in Ionad Oidhreachta Ráth Chairn maidin Dé Domhnaigh a chuirfidh críoch le féile na bliana seo. Ní foláir do dhaoine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sna comórtais a n-iarratas a bheith istigh acu faoin 12 Samhain.
Tá tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil ó Chomharchumann Ráth Chairn. Is féidir clárú ar líne do na comórtais ag www.rathchairn.com nó glaoch ar 046 9432381.
LEABHAIR
An Fia sa Choill á sheoladh i mBré
Beidh an pictiúrleabhar nua An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin agus é maisithe ag Anastasia Melnykova á sheoladh ag ócáid sa siopa leabhar Tales for Tadpoles i mBré i gCo. Chill Mhantáin ar an Satharn beag seo, an 9 Samhain ag 2 i.n. Beidh an scríbhneoir agus an maisitheoir i láthair chun an scéal a chur i láthair an phobail léitheoireachta. Briseann an dúchas trí na súile, athinsint ar scéal Shadhbh ón mbéaloideas atá sa leabhar agus é in oiriúint do léitheoirí óga. Léigh tuilleadh faoin leabhar ar shuíomh Futa Fata.
IMRAM ag dul ar thuras draíochtúil
Tá clár bríomhar leagtha amach d’IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge, na bliana seo a bheidh ar bun ó 7-16 Samhain. Thosaigh an fhéile tráthnóna inné agus saothar le beirt bhan mhisniúla, Taylor Swift agus Máire Mhac an tSaoi, á cheiliúradh.
Sa James Joyce Centre seoladh an leabhar Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille: Three Early Irish Poems in Modern Irish Versions, aistriúcháin a rinne Máire Mhac an tSaoi ón tseanGhaeilge, atá curtha in eagar ag Louis de Paor agus foilsithe ag Leabhar Breac.
Beidh Róisín Seoighe X IMLÉ ar stáitse in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire tráthnóna Dé hAoine, 8 Samhain le ‘Sreang Dofheicthe: Tionscadal Taylor Swift’ ag cur amhráin Swift i láthair trí Ghaeilge. Rinne Róisín Seoighe agus Gabriel Rosenstock leaganacha Gaeilge de rogha amhrán Swift ó na halbaim folkmore agus evermore.
Tiocfaidh an scéalaíocht agus an ceol nua-chumtha le chéile ag an ócáid ‘An Craiceann agus a Luach’ le hEithne Ní Ghallchobhair agus Steve Cooney agus buíon ceoltóirí in éindí leo, ar an gCéadaoin, 13 Samhain in Amharclann Smock Alley.
Tá clár iomlán fhéile IMRAM agus ticéid le fáil anseo.
Imeachtaí i nGaeilge ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath
Seolfaidh Alan Titley an leabhar nua cuimhní cinn, Aisteoir Faoi Sholas, le Clive Geraghty ar an Aoine, 8 Samhain ag 2 i.n. ag ócáid in Amharclann na Mainistreach. Beidh Geraghty ag caint leis an gcraoltóir, scríbhneoir agus ceoltóir, Tristan Rosenstock, faoina shaol ón Aerchór go hAmharclann na Mainistreach áit ar chaith sé breis agus dhá scór bliain agus a d’oibrigh ar os cionn dhá chéad dráma. Ticéid anseo.
Tráthnóna Dé hAoine beidh ócáid ‘mic oscailte’ dátheangach le scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, ‘Takin’ the mic’ ar bun sa Dublin Liberties Distillery. Is í Zainab Boladale, údar Braids Take a Day, a bheidh mar bhean an tí agus léifidh Soula Emmanuel, údar Wild Geese, óna saothar chomh maith le scríbhneoirí eile mar chuid de ‘mic oscailte’. Ticéid anseo.
Ar an Satharn, beidh dhá ócáid á reáchtáil ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirt leis an bhFéile IMRAM. Beidh mórléamh sna The Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus na scríbhneoirí Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Cadhain agus Colm Ó Ceallacháin ansin lena saothar. Ticéid anseo
Tráthnóna Dé Sathairn beidh ceiliúradh á dhéanamh ar scríbhneoirí agus ar scríbhneoireacht na Gaeltachta ag an ócáid ‘Ó Ghleann go Gleann: litríocht na Gaeltachta’ sa Dublin Liberties Distillery ag 6:30 i.n. Is iad na scríbhneoirí Proinsias Mac a’Bhaird, Jackie Mac Donncha, agus Catherine Foley a bheidh ag léamh agus beidh ceol beo le Emme Ní Fhíoruisce ag an ócáid freisin. Níl aon táille ar an doras ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.
DRÁMAÍOCHT
Scríofa agus stiúrtha ag Mark O’Rowe
Léiriú de chuid Landmark Productions
Amharclann an Gaiety
Thug Reunion le Mark O’Rowe muid go hoileán iargúlta in iarthar Éireann áit a dtiteann teaghlach ó chéile. Thug an ensemble léirithe láidre uathu agus mheall an réalta Robert Sheehan na sluaite.
Fiosrú suimiúil ar na naisc a choinníonn teaghlaigh agus caidrimh le chéile sa lá atá inniu ann, chomh maith leis na rudaí sin a dhealaíonn ó chéile iad. An bhféadfaí gníomh eile fós a chur leis an dráma agus an lasair a chur sa bharrach ar fad? Agus nach bhfuil tróp chábóg dhúr thruacánta na tuaithe seanfheicthe againn faoin tráth seo?
Eoin P. Ó Murchú
Scríofa ag Kate Heffernan
Stiúrtha ag Eoghan Carrick
Léiriú de chuid Once Off Productions
Amharclann Smock Alley
Teideal den scoth ach ní raibh mé iomlán cinnte cá raibh an ceann scríbe dár dtabhairt sa dráma seo. Ar deireadh bhraitheas go raibh mé ar ais san áit ar thosaigh mé, ar strae. Dráma barrúil eile a théann i ngleic le géarchéim na tithíochta agus a thugann léargas hipir-réalaíoch ar shaol an duine óig sa lá atá inniu ann.
Léiríodh an dráma ar ardáin éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath, ó spás go spás, díreach roimh pé dráma a bhí le léiriú ar an ardán an oíche sin, ach ba mhó de ghimic ná de rud a chuir leis an léiriú a bhí ann.
Eoin P. Ó Murchú
Fág freagra ar 'CULTÚR: IMRAM ar thuras draíochtúil agus leigheas ar ísle brí iarOireachtais ag Féile na Mí'